Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 27 Apr 1949

Vol. 115 No. 1

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Leabhra a Foilsíadh i Rith 1948-49.

D'fhiafraigh

den Aire Oideachais an abróidh sé cé mhéid a caitheadh faoi fho-mhírcheann (B) (1) Vóta 49 ar fhoilsiú (a) aistriúchán, (b) saothar bunaidh, (c) leabhar staire áitiúla, (d) ceoil, (e) lámhscríbhinní nua-Ghaeilge, (f) téacsleabhra Ollscoile agus (g) leabhra eile sa bhliain 1948-49.

Sé seo an méid a caitheadh sa bhliain darab críoch 31 Márta, 1949, as Vóta 49 B.I.:—

£

s.

d.

(1) Aistriúcháin

1,050

0

6

(2) Saothar bunaidh

4,050

16

7

(3) Leabhra staire áitiúla

229

0

0

(4) Píosaí Ceoil

246

7

0

(5) Láimhscríbhinní nua-Ghaeilge

395

5

2

(6) Téacs-Leabhra Iolscoile

39

6

1

(7) Leabhra eile

Nil.

Iomlán

6,010

15

4

Séard atá dá áireamh sa chaiteachas san ná táillí údar agus aistritheoirí, táillí lucht cóipchirt, costas páipéir, costas clódóireachta, costas bloc, agus costas clúdach.

Níl costas cáin údar (royalties) ná costas fógraíochta áirmhithe ann.

Top
Share