Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 5 May 1949

Vol. 115 No. 5

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - National Library.

asked the Minister for Education if he will state the numbers of the staff employed in the National Library upon its opening in 1890 and the present number, and if he is satisfied that the existing accommodation is suitable and sufficient for present staff needs.

Sé méid duine a bhí ar fhoirinn na Leabharlainne Náisiúnta sa bhliain 1890 ná trí dhuine déag, agus sé an lánfhoireann atá anois ann ná naonúr déag ar fhichid.

Cé ná fuil an slí atá ann don fhoirinn fé láthair chomh mór agus ba mhian liom é bheith, tá sé chomh hoiriúnach agus chomh mór ó thaobh fairsingeachta is atá le fáil ina lán institiúidí poiblí agus brainsí eile den StátSheirbhís.

asked the Minister for Education if he will state (i) the amount of the existing normal storage capacity of the National Library; (ii) the estimated additional capacity necessary to provide for new acquisitions each year, and (iii) whether he considers the existing storage facilities adequate for present and future needs.

(i) Sé gnáthfhairsinge le haghaidh taiscíochta atá sa Leabharlainn Náísiúnta ná timpeall cúig mhíle go leith slíghe de sheilfeanna. (ii) Sé méid leabhar breise a gheibhtear gach bliain ná an méid a thoillfeadh i dtimpeall 550 troigh de sheilfeanna.

(iii) Tá dóithin fairsinge ann chun leabhra a choinneáil i dtaisce i láthair na huaire, agus beidh dóithin ann go ceann tamaill fós.

asked the Minister for Education if he will state (a) the normal seating accommodation available for readers in the National Library Reading Room, and (b) the average and maximum number of persons seeking admission to the Reading Room during each of the past five years.

(a) Sé an ghnáthchóir suidheacháin atá ann do léitheoirí i Seomra na Léitheoireachta ná seacht gcinn déag is trí fichid. (b) Athraíonn do réir an am de ló an méid duine a thagann chun bheith ag léamh.

Siad seo na meán-uimhreacha laethúla atá ó'n dTeachta:—1948-49, 210; 1947-48, 197; 1946-47, 196; 1945-46, 179; 1944-45, 153.

Ní fhéadain a rá an méid duine is mó a tháinig go dtí an Leabharlann in aon lá amháin i rith na bliana san mar ní córaítear líon na léitheoirí gach lá ach i gcionn gach seachtaine.

Top
Share