den Aire Airgeadais an feasach dó gur leagadh dhá dhroichead idir Tamhnach Mhór agus Doire Mhór Iata i dToghroinn Uillin agus Tuathcheantar an Chlocháin; gur coinníodh fiche páiste ó scoil ar feadh an gheimhridh dá bharr sin; agus an abróidh sé an bhfuiltear ar intinn na droichid sin a dheisiú faoi na Scéimeanna Fostaíochta Speisialta.
Written Answers. - Leagadh Droichead i gConamara.
D'fhiafraigh
Níl aon eolas agam fé'n sgéal go ndeineann an Teachta tagairt dó; ach pé sgéal é níl aon dualgas orm i gcursaí droichead a thógáil nó a dheisiú ach amháin sa mhéid go mbeadh obair da shaghas feileamhnach mar sgéim fostaíochta.
Tuigtear go bhfuil na droichid atá i gceist suidhte ar an mbóthar freastal ó Tamhnach Mór go dtí Sgoil Náisiúnta ag Doire Mhór Iata, agus féachfar chuig na tairisgintí d'iniúchadh agus iad a bhreithniú mar sgéimeanna fostaíochta.