Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 14 Mar 1950

Vol. 119 No. 12

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Talmhaíocht mar Ábhar Scoile.

D'fhiafraigh

den Aire Oideachais, ar chaoi go mbainfear lán-toradh as an gluaiseacht atá ar bun i ngnaithe talmhaíochta na tíre fá láthair, an ndéanfaidh sé réiteach níos mó ama a thabhairt sna scoltacha do na hábhair a bhaineas leis an tionscal tábhachtach seo.

Níl sé soiléir cén saghas scoileanna atá i gceist ag an Teachta, cioca bun-scoileanna, meán-scoileanna nó ceárd-scoileanna, nó iad uile le chéile.

Níl talmhaíocht ina hábhair ar chlár na mbun-scol i n-éan chor ach múintear ealoíocht tuaithe i roinnt bheag de na scoileanna mar ábhar neamh-éigeantach.

Tá eolaíocht talmhaíochta ar chlár na meán-scol agus chun í chothú agus chun na scoileanna a mhealladh chun í mhúineadh do na daltaí, tugtar deontas níos fearr uirthe 'ná mar tugtar ar na hábhair eile eolaíochta. Mar sin féin, níl ach glac bheag de na scoileanna ag gabháil di.

Múintear eolaíocht tuaithe ina lán de na ceárd-scoileanna, do ranganna lae agus do ranganna oíche.

In sna scoileanna ina múintear iad, 'sé mo thuairim go gcaithtear dóthain ama cheana féin leis na hábhair atá luaite agam agus ní dóigh liom go dtiocfadh tairbhe ar bith as an t-am san do mhéadú.

Top
Share