Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 8 Nov 1950

Vol. 123 No. 3

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Scoileanna Gairm-Oideachais.

D'fhiafraigh

den Aire Oideachais an abróidh sé cad iad na scoileanna gairm-oideachais nua atá á dtógáil nó go bhfuil ceadaithe aige do na coistí gairm-oideachais iad a thógáil.

Siad na scoileanna nua gairm-oideachais atá á dtógáil faoi láthair ná:—

Ardán Aldboro', Cathair Átha Cliath.

Maothail, Co. Liathdroma.

Coillte Clochair, Co. Liathdroma.

Caisleán Ó Mathghamhna, Co. Mhuineacháin.

An Cnoc Breac, Co. na Gaillimhe.

An Muileann Cearr, Co. na h-Iarmhidhe.

Mainistir na Féile, Co. Luimní.

Tulach Ruadháin, Co. Chill Choinnigh.

Siad na scoileanna go bhfuil ceadaithe agam tairiscintí do lorg ó conrathóirí chun iad a thógáil ná:—

Bóthar an Chlochair, Cathair Átha Cliath.

Domhnac Seachlainn, Co. na Midhe.

Béal Átha Seanaigh, Co. Dhún na nGall.

Baile an Mhistéalaigh, Co. Chorcaí.

An Neidín, Co. Chiarraí.

Siad na scoileanna go bhfuil ceadú ginearálta tugtha agam le dul ar aghaidh leis na réamhshocruithe ina dtaobh, ach ná fuil gach réiteach déanta fós chun tairiscintí do lorg ina leith, ná:—

Baile Breacáin nó Leamhchan, Co. Bhaile Átha Cliath.

Béal an Átha Mhór, Co. Liathdroma.

Béal Átha na Muice, Co. Mhuigheo.

Mainistir na Corann, Co. Chorcaí.

Cúirt an Phúca, Co. Chill Choinnigh.

Connachaidh, Co. Chill Choinnigh.

Daingean Uí Chúise, Co. Chiarraí.

Tulaclr Ó bhFeidhlim, Co. Cheatharlac.

Cúil an tSúdaire, Co. Laoise.

Beannchor, Co. Ó bhFáilghe.

Rath Iomghain, Co. Chill Dara.

Chill Choca, Co. Chill Dara.

Tá scéala á chur agam go dtí Coiste Cho na Gaillimhe, leis, go bhfuilim sásta £1,260 a thabhairt ina dheontas speisialta in aghaidh na bliana chun ceardscoil nua do chothabháil i gCill Rónáin in Árainn.

D'fhiafraigh

den Aire Oideachais an abróidh sé cad iad na suimeanna airgid a caitheadh ar thógáil, nó méadú, scoileanna gairm-oideachais sa bhlian 1949-50, agus cad é an tsuim atá le caitheamh sa bhlian 1950-51, agus an abróidh sé freisin cad iad na suimeanna a caitheadh nó atá a gcaitheamh i Contae-Bhuirg Bhaile Átha Cliath i 1949-50 agus 1950-51 faoi seach.

Caitheadh timpeall £49,000 ar thógáil nó méadú scoileanna gairm-oideachais sa bhliain 1949-50. Ní féidir a rá fós cée mhéad airgid a caithfear ar obair den tsaghas seo sa bhliain 1950-51 ach tá caiteachas caipitiúil suas go £150,000 ceadaithe agam don bhliain sin.

Do bhain timpeall £16,000 den £49,000 a caitheadh sa bhliain 1949-50 le Contae-Bhuirg Bhaile Átha Cliath. Ní féidir a rá fós cé mhéad airgid a caithfear sa contae-bhuirg sin sa bhliain 1950-51 ach tá cead ag Coiste Gairm-Oideachais Chathair Átha Cliath dul ar aghaidh le tógáil agus méadú scoileanna a meastar a chosnóidh san iomlán sa bhliain sin timpeall £90,000.

Top
Share