Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 6 Dec 1950

Vol. 123 No. 11

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Scrúdúchán na gColáisti Ullmhúcháin.

D'fhiafraí

den Aire Oideachais arb eol dó go raibh mí-shásamh i nGaeltacht Thír Chonaill i mbliana siocair gur canúin na Mumhan a bhí ar an pháipéar Gaeilge i Scrúdúchán na gColáistí Ullmhúcháin 1950 agus go raibh na múinteoirí den bharúil gur chaill scoláirí áirithe an scrúdú dá dheasca sin, agus más eol cad déanfaidh sé ina thaoibh.

Ní heol dom go raibh míshásamh i nGaeltacht Thír Conaill i mbliana i dtaobh an pháipéir Gaeilge i Scrúdúchán na gColáistí Ullmhúcháin 1950. Ní bhfuarthas aon ghearán sa Roinn i dtaobh an pháipéir sin agus is léir ó thorthaí an scrúdúcháin nach ndearnadh aon cheataí do dhaltaí ó Ghaeltacht Thír Conaill trén gcinéal Gaeilge a bhí ar an bpáipéar.

Maidir leis an gceist i gcoitian fé chanúnachas ar pháipéirí scrúdúchán ba mhaith liom go léifeadh an Teachta an freagra a thugas i dtaobh an scéil ar 8 Iúl, 1948, do Teachta Cowan. (Imleabhar 111, colún 2,441.)

An bhféadfadh an tAire a geanúin féin a thabhairt do gach cúige agus, sa dóigh sin, cothrom na féinne a thabhairt do gach aon scoláire?

Do míníodh an scéal ar fad sa bhfreagra a thugas don Teachta Cowan. Má léann an Teachta an freagra sin agus más dóigh leis ansin gur ceart moltaí eile a dhéanamh, b'fhéidir go gcuirfidh sé scéal chugam.

Top
Share