Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 6 Dec 1950

Vol. 123 No. 11

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Gairm-Oideachais.

D'fhiafraí

den Aire Oideachais an abróidh sé cad é (a) iomlán an airgid a gearradh ar na rátaí agus (b) iomlán an airgid a íocfas an Stát, le haghaidh gairm-oideachais sa bhliain 1950-51.

(a) Sé iomlán an airgid a gearradh ar na rátaí le haghaidh gairm-oideachais i 1950-51 ná £368,413. (b) Sé iomlán glan an airgid, tar éis na leithreasaí i gcabhair do chur san áireamh, atá measta ag an Stát le h-íoc don bhliain 1950-51, le haghaidh gairm-oideachais, ná £704,730.

Top
Share