den Aire Oideachais an ndéarfaidh sé cé mhéid bun-mhúinteoirí (1) fir, agus (2) mná, a bhí ar pinsean ar an 31ú Nollaig i ngach bliain ó 1945 go 1950.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Bun-mhúinteoirí ar Pinsean.
Do bhrí gur í bhfoirm táibhle figiúirí atá freagra na ceiste seo, tá rún agam, le cead an Chinn Chomhairle, an freagra a chur ar fáil ins an tuarascáil oifigiúil.
Fir |
Mná |
|||
31ú |
Nollaig, |
1945 |
1,043 |
2,085 |
,, |
,, |
1946 |
1,016 |
2,040 |
,, |
,, |
1947 |
953 |
1,963 |
,, |
,, |
1948 |
1,003 |
1,978 |
,, |
,, |
1949 |
986 |
1,988 |
,, |
,, |
1950 |
983 |
2,040 |
D'fhiafraí
den Aire Oideachais ós rud é go bhfuil socair aige suim airgid, in áit allúntais scoir, a thabhairt do na bunmhúinteoirí a chuaigh ar pinsean roimh an lú Eanair, 1950, an ndéarfaidh sé cad faoi ndeara dhó gan an t-airgead sin a thabhairt ina iomlán dóibh anois, seachas é a roinnt ina thrí coda, agus é d'íoc cuid sa bhliain 1953, cuid sa bhliain 1954 agus an fuílleach sa bhliain 1955.
Ba cheart a mheabhrú gur íocaíocht ex gratia an tairgead nach bhfuil aon teideal ag na pinsinéirí dó do réir dlí, agus nach miste iarracht do dhéanamh ar a íoc i slí a thiochfaidh isteach go réasúnta le caoithiúlacht Ciste an Stéit.
Tá fhios ag an Aire go bhfuil sé ráite: "Mar thugais an coinneal, tabhair an torlach"—"If you are giving the candle, give the butt." Deir an tAire ná fuil an t-airgead so tuilte de dlí ag na múinteóirí ach tá socair ag an Aire an t-airgead a thabhairt dóibh. Dá bhrí sin, cad na thaobh ná tugtar dóibh é in aon tsuim amháin. Ní cosnóidh sé ach breis beag airgid é sin a dhéanamh. Bféidir go n-iniuchóidh an tAire an cheist arís.
Is dócha go ndearfadh an tAire Airgeadais go bhfuil níos mó ná mo dhualgas comhlíonta agam agus ná beadh aon fáilte aige romham.
D'fhiafraí
den Aire Oideachais an ndéarfaidh sé cé mhéid bun-mhúinteoirí (1) fir, agus (2) mná, a bhí ar pinsean agus a fuair bás sa bhliain dar chríoch an 31ú Nollaig i ngach blian ó 1945 go 1950.
Do bhrí gur i bhfoirm táibhle figiúirí atá freagra na ceiste seo, tá rún agam, le cead an Chinn Chomhairle, an freagra a chur ar fáil ins an tuarascáil oifigiúil.
Fir |
Mná |
|||
31ú |
Nollaig, |
1945 |
80 |
100 |
,, |
,, |
1946 |
83 |
100 |
,, |
,, |
1947 |
70 |
108 |
,, |
,, |
1948 |
71 |
94 |
,, |
,, |
1949 |
70 |
91 |
,, |
,, |
1950 |
70 |
85 |