Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 14 Jul 1953

Vol. 140 No. 7

Bás Teachta.

Tá a fhios agam gur ró-thrua le muintir na Dála a chlos go bhfuair an Teachta Proinsias Ó Fathaigh bás—go ndéana Dia trócaire ar a anam.

Tharraing gluaiseacht na saoirse mórán sár-dhaoine chuici. Duine den dream a b'uaisle dhíobh ba ea Proinsias Ó Fathaigh. Ina mhac léinn dó bhí sé cairdiúil muinteartha leis an bPiarsach, le Tomás Ó Cléirigh agus le Tomás Mac Donnchadha. Bhí sé ina chomhalta d'Oglaigh na hEireann ó bunaíodh iad agus ina Oifigeach orthu le linn Seachtain na Cásca, 1916. De bharr a ndearna sé sa tSeachtain ghlórmhar sin gearradh pian-tseirbhís air. Ligeadh amach ina dhiaidh sin é ach gabhadh arís é sa bhliain 1918 agus bhí sé ina phríosúnach nuair a toghadh é ina Theachta dá chontae dhúchais, Gaillimh Theas, in Olltoghchán na bliana 1918. Bhí sé faoi ghlas ag Gallaibh nuair a tháinig an Chéad Dáil le chéle. Riamh ó shoin hatoghadh é ina Theachta don dáil-cheantar céanna.

Sa bhliain 1932 ceapadh é ina Cheann Comhairle ar an Dáil agus bhí sé sa Chathaoir ar feadh naoi mbliana déag. Nuair a bhí a Pháirtíféin ag imeacht as oifig sa bhliain 1948 ceapadh é d'aonghuth ina Chathaoirleach. Sa bhliain 1951 nuair a tháinig an Dáil le chéile tar éis an Olltoghcháin dhiúltaigh sé, mar gheall ar easláinte, a ainm a ligean ar aghaidh le haghaidh na Cathaoir-leachta agus ba ansin a tháinig deireadh lena ré fada mar Cheann Comhairle. Táa lán daoine anseo agus a fhios acu gur chomhlíon sé dualgais na hOifige sin go cothrom, cóir riamh agus i gcónaí. Chuir a bhás deireadh le cúig bliana tríochad de sheirbhís dílis dá thír.

Sa bhliain 1949 bhí sé i gceannas ar an toscaireacht ón tír seo go dtí an tAontas Eadar-Pharlaiminteach ag Stockholm, agus an bhliain ina dhiaidh sin bhi sé ina chathaoirleach ar an gComhdháil Eadar-Pharlaiminteach i mBaile Atha Cliath. I ngach oifig ina raibh sé—ina chomhalta d'Oglaigh na hÉireann, ina Rúnaí ar Chonradh na Gaeilge, ina Cheann Comhairle ar an Dáil, ina Chathaoirleach ar Choimisiún na Stát-Sheirbhíse agus ar an gCoimisiún um Cheapacháin Aitiúla— chomhlíon sé a dhualgais le dílseacht agus le dúthracht.

Tá Éireannach dílis, seirbhíseach dúthrachtach don phobal agus saoránach rí-fhónta imithe uainn: is méala agus is mairg linn a bhás. Is ábhar cumha dhúinn é bheith imithe uainn.

Iarraim ort, a Cheann Comhairle, comhbhrón na Dála a chur in iúl dá bhaintreach.

Deputies rose in their places.

Top
Share