Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 3 Nov 1954

Vol. 147 No. 3

Written Answers. - Gabháltais a Sholáthrú.

D'fhiafraí

den Aire Tailte an abróidh sé cé mhéad gabháltas a sholáthróidh Coimisiún na Talún i rith na bliana airgeadais seo do dhaoine as gach contae faoi seach de na ceantair chúnga mar mhalairt ar a sean-ghabháltais.

Braitheann buadh sgéim imirce go mór ar dea-thoil agus có-oibriú na ndaoine a mbaineann sé leo; measaim, dá bhrí sin, ná raghadh sé chun tairbhe na ndaoine figiuirí do noctadh ná tiocfadh asta ach éad agus easaontas idir na ceanntair cúnga fé seach. Sé an ní is mó a threor-uigheann Coimisiún na Talún agus iad ag toghadh na n-imirceach ná a oiriúnaighe is atá a sean-ghabháltaisí chun méadú agus aith-riarú na ngabháltaisí atá fágtha.

Top
Share