Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 10 Nov 1954

Vol. 147 No. 4

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Léas ar Thalamh Áirithe.

D'fhiafruigh

den Aire Talmhaíochta an abróidh sé an bhfuil an léas ar thalamh áirithe ó Choimisinéirí Chuan na Gaillimhe don Bhord Iascaigh Mhara forfheidh-mithe fós.

Tuigtear dom go bhfuil an léas dá dtagartar dó sa cheist ina ádbhar comh-fhreagarthais idir an Bórd agus Coimisinéirí Chuan na Gaillimhe go fóill. Is oth liom nach féidir a rádh cathain a bhéidh sé ion-fhorfheidh-mithe.

An feidir leis an Runaí Parlaiminte a rá cén cúis speisialta atá leis an moill sa cheist seo?

Top
Share