Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 2 Dec 1954

Vol. 147 No. 10

Committee on Finance. - Díospóireacht ar Thairiscint an Athlae—Obair ar Arann.

I gceist uimhir 67 an 1/12/1954 d'fhiafraíos den Aire Rialtais Áitiúil:—

"An bhfuil a fhios aige gur mhol Oifig na Gaeltachta agus na gCeantar gCúng go gcaithfí ocht míle púnt as an gCiste Forbartha Náisiúnta ar obair áirithe mhara in Inis Thoir, Arainn, gur ghlac an Taoiseach leis an moladh san Earrach i mbliana, go ndearna innealltóirí athshuirbhéaracht ar thograí as an oileán seo agus gur mholadar a gcéad tairiscint a chur ar ceal, agus, ina hionad, aon mhíle déag púnt a chaitheamh ar fhad a chur as an gcéibh; agus má tá, an abróidh sé an bhfuil glactha leis an tairiscint seo fós, agus, mura bhfuil, cén uair a ceadófar í,"

agus fuaireas an freagra seo leanas:—

"Is eol dom gur mar atá ráite sa cheist atá an scéal. Maidir leis an togra chun faid a chur leis an gcéibh ag Inis Thoir, a moladh mar mhalairt ar an togra a ceadaíodh ar dtúis, tá breithniú á dhéanamh air go fóill agus caithfear a chinneadh fós an togra é atá oiriúnach lena chur faoi bhráid an Taoisigh i gcomhréir leis an nós imeachta a ghabhas leis an gCiste Forbartha Náisiúnta (Cionroinnt na Gaeltachta). Tuigfear ámh go bhfuil difríocht bhunúsach idir an dá thogra. Muir-obair nua a thógáil, áit nach raibh aon mhuir-obair cheana, a bhí i gceist sa togra a ceadaíodh; feabhas a chur ar mhuir-obair roimhe atá ann cheana féin atá i gceist i dtogra na céibhe. Ar an ábhar sin, caithfear an cheist a bhreithniú féachaint ar chirte an costas a ghabhfadh le faidiú na céibhe d'íoc as an ngnáth-chiste le haghaidh muir-oibreacha le cabhair an ghnáth-ranníoca ón Údarás Áitiúil. O thárla gur mar sin atá an scéal, ba dheacair a rá go cinnte, faoi láthair, an gceadófar, nó cén uair a ceadófar, an togra áirithe atá i gceist."

San am céanna cuireadh tograí isteach chun muir-oibreacha áirithe a dhéanamh in Inis Meáin agus Inis Thoir de na hoileáin Árann. Cuireadh trí cinn isteach i leith Inis Meáin— péire acu a bhain leis an áit is mó atá i bhfeidhm, sé sin, An Fánán nó an tSlip mar tugtar air. Piocadh amach an ceann ba thúisce a caithfí a dhéanamh agus cuireadh an obair ar bun. Tháinig an Comhrialtas i réim, agus chinneadar an dara thogra i dtaobh an tSlip a chur ag obair in éindigh leis an gcéad céim.

Chuir mé féin na trí tograí i leith Inis Thoir in ord fiúntais do réir tuairim mhuinntir an oileáin. Mhol na hinnealltóirí £8,000 a chaitheadh ar an gceann a bhí san tríú áit. Glacadh leis seo agus ceadaíodh an t-airgead dó. Chuir mise ina aghaidh mar dúirt na hoileánaigh liom nár bhféidir an áit seo a thaobhú le bád ach an lá a mbhéadh an fharraige ina clár le ciúineas. Bhí doimhneacht uisce ann ach sin a raibh, agus ba í sin an buntáiste a tharraing na hinnealltóirí ann. Ní raibh siadsan ag breithniú na dtograí ach ó thaobh na hinnealltóireachta dhe agus b'fhurasta dóibh dearmad a dhéanamh ar na gnéithe eile den cheist. Fuaireadar amach go mb'fhiú suim bheag airgid a chaitheadh ar a feabhsú, ach go gcaithfí tús áite a thabhairt don phríomh-áit agus an t-airgead mór a chaitheadh ansin. Rinneadar athshuirbhéaracht ar an dá áit seo agus cuireadh ar a n-eolas iad lena linn faoi chuile thaobh eile den cheist. De bharr na hathshuirbhéar-achta mholadar go gcaithfí £11,000 ar fhaidiú na céibhe. Ceadófaí an togra seo arna mholadh mar sin chomh réidh is a ceadaíodh an céad mholadh, ach h-athraíodh an Rialtas idir an dá linn.

An féidir leis an Teachta an dáta a thabhairt dúinn?

Bhí sé san Earrach agus ba cheart go mbeadh eolas maith ag an Aire faoi sin. Nach bhfuil a fhios aige gur ceadaíodh £8,000 as an gCiste Forbartha Náisiúnta d'obair áirithe san Earrach? Tá na páipéir ag an Aire. Níl siad agamsa.

Thug an Taoiseach ceadúnas le haghaidh scéime eile.

Fan nóiméad. Tá mé ag rá leis an Aire gur ceadaíodh £8,000 agus gur mé féin a chur ar aghaidh é. An dtuigeann an tAire é sin? Mé féin a chur ar aghaidh é agus mé féin a stop é.

Fan anois. Teastaíonn uaim leanúint orm ar an bpointe sin. Mise ba ciontach leis na hinnealltóirí do chur ar ais arís—agus fuair na hinnealltóirí amach go raibh an ceart agamsa agus go mbeadh botún mór ghá dhéanamh an obair a ceapadh sa chéad dul síos a chur ar aghaidh. Ag an bpointe seo, ba mhaith liom a rá gur ceadaíodh £8,000 ar dtús agus ansin mhol na hinnealltóirí go gcaithfí £11,000 ar an gcéibh—an obair is géire atá ag teastáil san Oileáin. Tá mé ag rá leis an Aire go gceadófaí an moladh sin chomh moch agus chomh tapaidh agus chomh sásúil agus a ceadaíodh an chéad mholadh.

Anois, is an cor cam atá ar an scéal gur obair as an nua an chéad togra agus nach bhfuil sa dara ceann ach feabhas a chur ar rud éicínt atá ann cheana, agus tá sé le tuiscint ó fhreagra an Aire nach bhfuil aon togra um oibreacha ioncháilithe faoin gCiste Forbartha Náisiúnta ach rudaí as an nua ar fad. Tá an leithscéal seo chomh sleamhain leis an Slip in Inis Meáin. Nach breá gur ceadaíodh agus gur tosaíodh an obair in Inis Meáin as airgead an Chiste chéanna cé gur féidir an rud ceanann céanna a rá ina thaobh. Agus cén chaoi an dtig leis an Aire a rá nach obair as an nua í céad troigh de chéibh nua a thógáil, bíodh sé greamaithe nó ná bíodh de sheanchéibh. Ar ndóigh chaithfeadh sé a bheith greamaithe de rud éicínt.

Dar leis an Aire caithfidh Inis Thoir a dhul ar ais go dtí an sean-chóras mhuir-oibreacha, is é sin, go gcaithfidh an t-údarás áitiúil ranníoc a dhéanamh agus an obair a chothú. Más mar seo a bheas an chéibh nua in Inis Thoir beidh muintir an oileáin sin ag fanacht leis go dtiocfaidh an lá inné ar ais.

Tú féin ba chiontach leis an moill. Bhí muintir an Oileáin ag fanúint le blianta.

Aontaím leis an Aire faoi sin: bhí muinntir an Oileáin ag fanacht fada go leor. Bhris an sean-chóras síos, agus a shlíocht air —fágadh na rudaí seo gan pingin a sholáthar dóibh agus mar sin a bheas má féachtar lena ndéanamh arís ar an mbealach sin.

Bhí sé de ádh ar Inis Meáin gur tosaíodh an obair ansin sul ar hathraíodh an rialtas. Caithfidh muintir Inis Thoir a bheith foighdeach go dtiocfaidh an t-am nuair a bainfear feidhm arís as an gCiste Forbartha Náisiúnta chun na críocha ar bunaíodh é ina gcomhair.

Níl mé sásta an rud seo a ligint leis an Aire. Cuirfidh mé d'ialach ar a admháil nach bhfuil an ceart aige a rá gur rud é seo nach raibh aon chaint faoi go dtí go dtáinig an rialtas seo in oifig. Tuigeann an Aire an scéal go maith. Tá súil agam go dtuigeann sé an gearán atá ann—agus im-thuairmse tuigeann sé í—agus nach bhfuil ach leath-scéal bacach á dhéanamh aige. Nuair a bhí mise im Rúnaí Pharlaiminte is minic a chuir an tAire, agus é ina Theachta, ceisteanna chugam faoi slipeanna agus céibheanna i dTír Chonaill. Bhí mé sásta gach cabhair ab fhéidir liom a thabhairt dó i gcónaí agus bhí cabhair le fáil fréisín ó Oifig na hOibreacha Poiblí agus ón údarás áitiúil.

Tá mé ag iarraidh ar an Aire anois gan ábhar grinn a dhéanamh de mhuintir Inis Thoir, gan ceap magaidh a dhéanamh dhíobh. Tá siad ansin san Iarthar, suite ar oilean beag ar an aigean Atlantach. Muna dtagann an tAire de chabhair ar na daoine sin, ní bhfuighe siad an rud atá ag teastáil uathu le blianta fada. Bunaíodh an Ciste seo chun oibreacha mar seo a chur ar aghaidh—agus tá sé seo san Acht—oibreacha mar seo nach ndéanfaí ar aon tslí eile. Tá mé a rá leis an Aire anois nach ndéanfar an obair seo in Inis Thoir mura ndéanfar é as an gCiste Forbartha Náisiúnta—agus sin é an cháilíocht atá ag an obair seo cabhair a fháil as an gCiste seo. Má sheasann an tAire ar an leithscéal bacach a thug sé dom sa bhfreagra inné, níl sé ach ag déanamh ceap magaidh de mhuintir Inis Thoir.

Faoi scéim an Chiste Fhorbartha Náisiúnta, ní foláir sonraí beachta a chur faoi bhráid an Taoisigh maidir le gach togra a mbítear ag lorg ceaduithe ina leith.

Cuireadh sonraí beachta maidir le muir-obair nua a thógáil ag Corr-Áit, Inis Thoir, faoi bhráid an Taoisigh agus cheadaigh sé caiteachas £8,000 ina leith mí Eanáir seo caite.

Nuair a bhí cead an Taoisigh tugtha le h-aghaidh scéim Chorr-Áit do hiarradh ar Oifig na Gaeltachta agus na gCeantar gCúng an cheist a bhreithniú arís féachaint an bhféadfaí tús áite a thabhairt do scéim eile—scéim chun fad a chur leis an gcéibh ag Inis Thoir.

Rinne Oifig na nOibreacha Poiblí suirbhéireacht ar an oileán arís agus dúradar ina dhiaidh sin go mbeidís sásta tús áite a thabhairt don scéim chun fad a chur leis an gcéibh. Chuireadar tuarascáil agus pleananna i dtaobh na hoibre sin go dtí Oifig na Gaeltachta agus na gCeantar gCúng ar an 31ú Bealtaine, 1954.

Ní leor moladh Oifig na nOibreacha Poiblí, ámh, chun gur féidir togra na céibhe a chur i gcrích. Sarab fhéidir é sin a dhéanamh níor mhór cead an Taoisigh a bheith ar fáil le haghaidh na hoibre agus níor mhór iarratas, maraon le sonraí beachta, a chur go dtí an Taoiseach ag lorg an cheaduithe sin. Fé mar adúirt mé sa bhfreagra a thugas inné, caithfear a chinneadh fós an togra é atá oiriúnach lena chur faoi bhráid an Taoisigh faoi scéim an Chiste Fhorbartha Náisiúnta. Is gnó é don Choiste Eadar-Roinne atá ag gabháil le hOifig na Gaeltachta agus na gCeantar gCúng an cheist sin a scrúdú i gcomhairle leis an Roinn Airgeadais. Sin é an dlí agus tá a fhios ag an Teachta gurb shin é an dlí. Níl leithscéal ar bith ann.

Tuige gur thug tú an comhairle conntae isteach sa cheist?

Tá sé sa bhfreagra atá scríofa ag an Aire.

The Dáil adjourned at 10.55 p.m. until 3 p.m. on Wednesday, 15th December, 1954.

Top
Share