Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 24 Mar 1955

Vol. 149 No. 5

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Freagra Scríofa. Scéim Uisce Chasla.

D'fhiafraigh

den Aire Rialtais Áitiúil cén uair ar cuireadh scéim uisce Chasla os a chomhair i dtosach le haghaidh a ceaduithe; cén dáta ar ceadaíodh í; cé mhéad a measadh a chosnódh sí; cén chúis moille a bhí lena ceadú; cén t-am ar beartíodh dul ag tóraíocht uisce sa gCeathrúin Rua le haghaidh na scéime; cén fáth ar loic an bheartaíocht sin agus cé mhéad a chosnaigh an tóraíocht; an bhfuil sé de rún anois féachaint le huisce a aimsiú thríd an eibhear a tholladh; agus an bhfuil aon tuairisc ina oifig faoi chaidéil uisce a oibriú i dtalamh eibhir, agus, má tá, an dtig leis a rá cén chaoi ar éirigh leis an iarracht.

Cuireadh scéim uisce Chasla ós cómhair na Roinne nuair a ghlac an t-Udarás Sláintíochta leis sa bhlian 1945 ach ní raibh na pleananna lán-tsásúil. Deineadh athruithe áirithe ionnta sul ar cuireadh isteach arís iad ar 29ú Iúl, 1947. Ceadaíodh an scéim ar 12 Meán Fóir, 1947, agus measadh ag an am san go gcosnóch sí £16,200. Ní raibh aon mhoill leis an gceadú nuair a leasaíodh na pleananna ach deineadh leasaithe eile ó shoin.

Ar 14 Iúl, 1953, shochruigh Bainisteór an Chonndae go ndeanfaí taighde ar bhunsruth uisce an Cheathrúin Rua. D'ullmhaigh an Innealtóir Comhairleach tuarascáil agus réamh-plean do scéim bunaithe ar loch Natawnymore a chosnódh £45,000 i gcomparáid le £34,000 do'n scéim bunaithe ar Abha an Chasla. Is féidir go mbéach táillí iondíolta as an dtuarascáil sin ach ní fios dom aon chostasaí eile. Níor ceadaíoch an scéim sin toisc go raibh an chostas comh h-árd agus nach raibh an bhun-tsruth sásúil ar fad.

Tuigtear dom go bhfuil an t-Udarás Sláintíochta chun iarracht a dhéanamh ar uisce a aimsiú tríd an eibhear a tholladh agus má eiríonn leó, go bhfuil sé ar aigne aca leath-dosaen caidéil a chur isteach sa cheanntar chun uisce a sholáthar. Níl aon tuairisc im' oifig fé oibriú caidéil uisce id dtalamh eibhear.

Top
Share