Tairgim:—
Go ndeonfar suim nach mó ná £254,540 chun slánuithe na suime is gá chun íoctha an mhuirir a thiocfas chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31 ú lá de Mhárta, 1957, chun Tuarastal agus Costas Oifig an Aire Oideachais agus chun Costas a bhaineas leis an gComhairle Oideachais.
Sé £12,944,280 an Meastachán iomlán ar na h-ocht Bhótaí ina bhfuilimse freagrach agus £760,572 de mhéadú glan isea é sin ar Mheastachán na bliana so caite agus Meastacháin bhreise na bliana so caite d'áireamh. Tá, leis, £1,350,000 dhá dháiliú i mbliana do Choimisinéirí na nOibreach Poiblí, fé réir Bhóta a 9, chun títhe scoile Náisiúnta a thógáil, a mhéadú agus a fheabhsú, agus má chuirtear an tsuim sin leis an gcuid eile, sé soláthar iomlán atá á dhéanamh i mbliana i gcóir na seirbhísí oideachais seo ná, £14,294,280 sé sin, 13.1% den bhreis is £109,000,000 atá dá sholáthar i gcóir na seirbhísí soláthair in iomlán. Do bé an comhfhigiúir sa bhliain 1956 i leith an Bhóta iomláin ná 12.5%.
Sé is cúis leis an gcuid is mó den mhéadú atá ann i mbliana ná méadú tuarastail a tugadh dos na múinteoirí agus dos na státsheirbhísigh, méadú a tugadh do réir na socraithe a deineadh ins na Comhairlí Idirréitigh atá ann don dá dhream nó do réir na breithe a thug na Boird Eadrána a bhí ann don dá dhream. Cúis eile leis an méadú sea níos mó páistí bheith ag freastal ar na scoileanna, idir bhunscoileanna, meán-scoileanna agus ceardscoileanna agus fós an t-ardú a deineadh ar an deontasi-gcabhair atá á thabhairt chun na títhe scoile Náisiúnta a théamh agus a ghlanadh, ardú atá i bhfeidhm ón chéad lá de mhí Aibreáin i mbliana i leith.
Tá laghdú glan ann ar Bhóta na hEolaíochta is na hEalaíon (Bhóta a 43), ar Bhóta na Scoileanna Ceartúcháin is Saothair (Bhóta a 44) agus ar Bhóta Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath (Bhóta a 45).
Do cuireadh fém bhráid i samhradh na bliana 1954 an chéad Tuairisc ón Chomhairle Oideachais, agus na moltaí a bhí sa Tuairisc sin, maraon leis na tuairimí fíor-chríonna ina dtaobh a fuaras ós na h-Údaráis Eaglasta agus ós na cumainn oideachais i gcoithinne, cumainn gur thugas cuireadh dóibh go léir a dtuairimí a nochtadh, táid siúd dá scrúdú is dá mbreithniú ó shoin i leith ag Roinn an Oideachais agus is gairid eile go mbeidh an scrúdú is an breithniú san críochnaithe. Tá súil agam gur gairid, leis, go mbead féin i riocht teacht ar chomhairle chinnte, ach ní féidir liom aon seal ama fé leith a ghearradh amach dom féin ina thaobh san.
An Tuairisc féin agus na tuairimí a fuaras ina taobh, tá réim na gceisteanna agus na bhfadhbanna atá tógtha iontu comh leathan san agus na ceisteanna agus na fadhbanna úd comh casta san gur riachtanach bheith lánchinnte go mbeidh bun agus fuaimint le gach uile chomhairle ar a gcinnfear ina dtaobh agus bheith lánchinnte, leis, gur le leas an phobail i gcoitinne gach aon bheart a déanfar do réir na comhairle sin. Na Teachtaí go bhfuil an Tuairisc léite acu agus a chonaic a raibh de chur is cúiteamh ann dá h-éis, tuigfidh siad gur beag gné den bhun-oideachas ná fuil breithnithe sa Tuairisc.
Ní h-ealadha don Stát in Éirinn beart a dhéanamh uaidh féin gan chead gan chomhairle i leith na gcúrsaí seo, agus gur ba fhada uainn a leithéid. Sé dualgas atá ormsa, dá réir sin, le linn dúinn aon pholasaí i leith an oideachais a chur chun cinn, ná féachaint chuige go dtabhairfear áird mar is ceart, ní hamháin ar thuairimí na Comhairle ach ar thuairimí na ndreamanna eile, leis, go bhfuil suim acu sa scéal agus a nocht a dtuairimí tar éis dóibh Tuairisc na Comhairle a bhreithniú. Gabhaim buíochas leo siúd anois as ucht iad do riar comh fial fáilteach san ar an gcuireadh a thugas dóibh. An uair is ceisteanna oideachais atá fá bhreithniú ní furas teacht ar an aon-chomhairle i dtaobh cad is fearr a dhéanamh chun aon fhadhb áirithe fé leith a réiteach, agus sin mar is riachtanaí dúinn go leír breithniú fúinn is tharainn sara ndéanfaimís deimhin dár dtuairim. Sé is dóigh liom, dá réir sin, nach fearra dhom aon fhaid eile a bhaint as scéal Thuairise na Comhairle ar an ócáid seo ina bhfuilimíd.
Sé tá fé bhreith na Comhairle i láthair na h-uaire ná an dara ní a chuireas féna mbráid, sé sin, clár léinn na meánscoileanna a bhreithniú agus Tuairisc a chur ar fáil ina thaobh.
Sar a raghad ar aghaidh chun tagairt fé leith a dhéanamh de na Bhótaí atá fém chúram, gach ceann acu leis féin, ba mhaith liom a rá nach mbeidh Roinn na Gaeltachta gan a cuid féin de chur isteach nó amach a dhéanamh ar chúrsaí agus ar bheartanna Roinn an Oideachais. Go dtí so, is amhlaidh a bhí Roinn an Oideachais gníomhach agus lánghníomhach in athbheochaint na Gaeilge, idir obair na scoileanna agus gach aon bheart eile dá raibh ar siúl aici. Séard a tháinig as sin gurbh éigin do Roinn an Oideachais riar a dhéanamh ar na riachtanaisí fé leith a bhain leis an nGaeltacht, agus do dhein Roinn an Oideachais an riar san, ina cuid clár léinn, ina cuid scéimeanna agus ina cuid riaracháin i gcoitinne.
An bhaint fé leith úd a bhí idir Roinn an Oideachais agus an Ghaeltacht agus an riar fé leith a bhí ag Roinn an Oideachais á dhéanamh ar an nGaeltacht, ní thiocfaidh aon staonadh ann, ar ndó, ach tá súil agam gurb é a thiocfaidh as Roinn na Gaeltachta, go n-a cuid feidhmeanna fé leith, a bhunú, ná fuinneamh agus éifeacht úr a chur i gcúis na h-athbheochana i gcoitinne agus i riar na Gaeltachta ach go háirithe. Ní féidir liom a rá i láthair na huaire cad iad na seirbhísí a bhí ag Roinn an Oideachais á riar go dtí seo a measfar ar ball ba cheart a aistriú go dtí Roinn na Gaeltachta, nó má tá i ndán aon tseirbhís acu d'aistriú mar sin. Pé scéal é, péaca an aistreofar seirbhísí áirithe nó ná haistreofar, caithfear dlúthbhaint bheith idir an dá Roinn agus iad araon ar a ndícheall chun an Ghaeilge a thabhairt ar ais agus chun gach aon bheart is féidir a dhéanamh chun an Ghaeltacht a chur ar bhealach a leasa.
Sé iomlán atá ag teastáil i gcóir Bhóta 39, sé sin, Oifig an Aire Oideachais, ná £380,540. Is mó de £22,250 é sin ná an t-iomlán ar deineadh soláthar ina chóir anuraidh idir an ghnáth-Bhóta agus Bhóta an Tuarastail. Sé an Bhóta Tuarastail atá i gceist agam ná an Bhóta tré n-ar deineadh méadú ar an tuarastal a bhí le h-íoc ón chéad lá de mhí Shamhna so caite leo siúd a raibh a dtuarastal ag teacht as Ciste an Stáit. I dtaobh cuid na stát sheirbhíseach de sin, is cuimhin libh gur ghlac an Rialtas leis an mholadh a dhein Bord Eadrána na Stát-Sheirbhíse ar an éileamh go raibh lucht na fóirne tar éis é a chur féna bhráid.
Sé líon iomlán fóirne Roinne an Oideachais sa bhliain ina bhfuilimíd ná 485—beirt níos lú ná sa bhliain seo caite. 511 a bhí ar an bhfoirinn cúig bliana ó shoin, agus is ionann san is a rá go bhfuil seisear is fiche de laghdú ar an bhfoirinn le cúig bliana anuas. An scéim Eagraíochta is Modhanna a thug ann an laghdú san, tá sé i mbun na h-oibre sin i gcónaí agus na h-oifigigh a bhfuil an Scéim acu á stiúradh, bíonn siad ag déanamh fiosrúcháin de shíor féachaint conas is fearr na modhanna oibre agus riaracháin a fheabhsú, i dtreo nach amháin laghdú fóirne a thagann as an síor-fhiosrúchán san, ach méadú éifeachta ins an obair, leis.
Sé iomlán atá ag teastáil i gcóir an Bhun-Oideachais i mbliana ná £9,113,600. Do bé iomlán an Bhóta i leith na bliana 1955-56 ná £8,149,130 an chéad uair, ach is amhlaidh a méadaíodh ar an suim sin ina dhiaidh sin tré £90,000 de Mheastachán Breise a thabhairt isteach agus fós tré £235,080 as Bhóta an Tuarastail. Is mó de £964,470 dá bharr san Bhóta na bliana so ná an tsuim a bhótáileadh an chéad uair i gcóir na bliana 1955-56, agus is mó de £639,390 é ná an t-iomlán a soláthraíodh i leith na bliana san. Fé mar atá ráite agam cheana, sé is mó is cúis leis an méadú ná gur ghlac an Rialtas leis an moladh aontaithe a tháinig ó Chomhairle Idirréitigh na Múinteoirí Náisiúnta i leith éilimh a dhein na múinteoirí náisiúnta ar ardú tuarastail a fháil a bheadh ag teacht leis an ardú a bhí tar éis teacht ar an gcostas maireachtála agus le staid na múinteoirí sin i gcoitinne. An t-ardú tuarastail a tugadh dá bharr sin, tháinig sé i bhfeidhm ón chéad lá de mhí Samhna, 1955. An deontas-i-gcabhair a tugtar i leith théamh agus glanadh na scoileanna Náisiúnta, do h-ardaíodh é sin, leis ón chéad lá d'Aibreán i mbliana.
Do tharla méadú arís ar líon iomlán na ndaltaí scoile a bhí ar rollaí na scoileanna náisiúnta; 495,163 a bhí ar na rollaí ar an 30 ú lá de Mheitheamh, 1955—sin níos mó ná 5,000 thar an méid a bhí ann an bhliain roimhe sin. Bé an meán-tinnreamh laethúil a bhí ann sa bhliain 1952-53 agus sa bhliain 1953-54, leis ná 85.6% céadchodán nár sroiseadh riamh cothram roimhe. Sa bhliain atá fé bhreithniú againn, áfach, sé sin, 1954-55, thuit an figiúir go dtí 84.6%. Tar éis gach aon sórt a chur san áireamh, ní miste dúinn bheith sásta go maith leis siúd mar thinnreamh.
I rith an chogaidh agus ó shoin anuas go dtí deireadh na bliana 1947 is amhlaidh a bhí ní ba mhó leanbhaí á saolú ná roimhe sin, agus do tháinig dá bharr san níos mó páistí ná roimhe bheith ag tinnreamh ar na scoileanna Náisiúnta. Gach aon bhliain ó 1948 i leith, ba mhó de pháistí a bhí ag tinnreamh ná sa bhliain roimhe sin, i dtreo gur mhó de 44,000 an tinnreamh sa bhliain 1954-55 ná sa bhliain 1946-47. Maseadh, ó nach tuiliú ach trágadh atá ann ó 1947 sa líon leanbh atá á saolú, táthar ag ceapadh gur ag dul i laghad ón bhliain seo nó ón bhliain seo chughainn amach a bheidh an líon páistí a bheidh ar na rollaí.
An líon mór úd páistí a bhí ag teacht ar scoil, bhí éileamh dá réir ar fuaid na tíre ar bhreis mhúinteoirí chun freastal orthu, agus an bheart a deineadh ina thaobh san chun a thuilleadh múinteoirí mná a chur ar fáil, is maith liom bheith i riocht a rá go bhfuil ag éirí leis go rialta rathúil. An roinn nua a cuireadh le Coláiste Mhuire na Trócaire sa Charraig Dhuibh tá sí lán-seóil ó mhí Mheán Fómhair seo caite, agus an sciathán nua atá á chur le Coláiste Oiliúna Mhuire Gan Smál i Luimneach, beidh sé sin críochnaithe in am go leor chun na hoiliúnaithe breise a ghlacadh i mí Meán Fómhair seo chugainn.
Is mian liom, mo fhíor-bhuíochas a ghabháil arís lena Ghrása, Ard-Easpag Bhaile Átha Cliath agus lena Thiarnas, Easpag Luimní, as ucht na suime a chuireadar sa dá bheart san agus as ucht na lán-chabhrach, leis, a thugadar. Tá ár bhfíor-bhuíochas ag dul, leis, do Siúracha d'Ord na Trócaire atá sa dá Choláiste as ucht an chomhair iontaigh agus an tsaothair gan staonadh a dheineadar comh fial fáilteach san chun gach éinní a thabhairt i gcrích. An chéad dream de mhúinteoirí breise, táid díreach tar éis a gcúrsa oiliúna a chríochnú. An líon iomlán de mhúinteoirí breise a bheidh ann de bharr an dá sciathán nua a chur leis an dá Choláiste, beidh siad ag dul i mbun oibre ins na scoileanna fé cheann dhá bhliain eile. Is amhlaidh a bheidh an scéal fén am sin ná go mbeidh 110 de bhun-mhúinteoirí oilte breise ag teacht amach gach aon bhliain—sin 335 ar fad de bhan-mhúinteoirí oilte in aghaidh na bliana. Ní h-olc an líon é sin.
Tá socrú nua ann, leis, chun Céimithe oiriúnacha, idir lucht Pas agus lucht Onóracha, a ligint isteach ins na Coláistí Oiliúna chun cúrsa bliana a dhéanamh. Go dtí seo is amhlaidh ná maithtí leath an Chúrsa ach do na Céimithe Onóracha. Cé ná fuil ach beagán de na Céimithe ag cur isteach ar an gcúrsa bliana so, mar sin féin tá dóithin díobh á dhéanamh lena thoradh a fheiceál i bhfreastal na práinne. Idir an dá am, go dtí go mbeidh freastal iomlán déanta ar an bpráinn sin, sé sin, an ganntanas múinteoirí oilte, tá cead á thabhairt do mhúinteoirí a bhfuil na cúig bliana is trí fichid slánaithe acu agus iad ina sláinte agus dea-sheirbhís tugtha acu, tá cead á thabhairt dóibh sin leanúint den obair, ach a gcuid Bainisteoirí bheith sásta, go dtí deireadh na ráithe ina mbeidh ocht mbliana is trí fichid bainte amach acu. An síneadh seirbhíse sin agus an méadú ar an líon múinteoirí oilte atá ag teacht amach, sa mhéid nach leor é sin chun freastail ar a bhfuil de phostanna díomhaoin ann, is amhlaidh atáthar ag glacadh go sealadach le daoine nach bhfuil an ghnáth-cháilíocht mhúinteoirí acu. Táthar ag ceapadh gur cheart gur leor a mbeidh de mhúinteoirí oilte ann fé cheann dhá bhliain le riar, do réir na rialúchán atá ann fé láthair, ar an riachtanas.
An tuarastal agus an sochar atá ag na múinteoirí Náisiúnta, bhí cur is cúiteamh i measc an phobail ina dtaobh san i gcaitheamh na bliana. Is amhlaidh a chuir Cumann na Múinteoirí Náisiúnta dhá éilamh fá bhráid an ghléas Idirréitigh agus Eadrána, an gléas úd a rabhas féin agus Aire an Airgeadais rannpháirteach ann. Ar an gcéad áse, do bé rud a d'éiligh an Cumann ná tuarastal na múinteoirí Náisiúnta bheith ar aon dul le tuarastal na Meán-mhúinteoirí agus na gCeard-mhúinteoirí. Níor éirigh le Comhairle an Idirréitigh teacht ar aonfhocal ina thaobh san agus chuir na múinteoirí an scéal ansan fé bhráid Bhord na hEadrána. Bé Cathaoirleach a bhí ar an mBhord san ná a Onóir an Breitheamh Conroy, Cathaoirleach a ceapadh le h-aontú an dá thaobh, fé mar a bhí leagtha amach sa Scéim. Bé breith an Bhoird ná gan glacadh leis an éileamh san ach a mholadh coigeartú áirithe a dhéanamh ar na scálaí tuarastail. Do ghlac an Rialtas leis an moladh san. Ba mhaith liom bheith i riocht a rá gurbh shásúil iad imeachta an Bhoird agus gach ní dár bhain leis an scéal ina dhiaidh sin, ach ar an drochuair is amhlaidh a chuaidh na múinteoirí ag cáineadh go géar agus ag déanamh agóide in aghaidh cuid den fhianaise go raibh an taobh oifigiúil tar éis é a thabhairt sa tseisiún poiblí den Bhoird.
Le linn dom an scéal a chur i láthair na Dála i mí Shamhna so caite agus mé ag tabhairt isteach an Mheastacháin Breise ba ghá chun moladh an Bhoird a chur i bhfeidhm, do thugas ráiteas uaim in ar phléas an cáineadh agus an agóid úd tríd síos, agus bhí súil agam go bhféadfaimís ansan ár mbeannacht a scaoileadh leis mar scéal. Do b'abhar buartha dom, dá réir sin, a thabhairt fé ndeara gur deineadh an scéal a chur fé dhíospóreacht agus gur deineadh ábhar rúin de sa Chomhdháil Bhliantúil de Chumann na Múinteoirí Náisiúnta a tionóladh um Chaise. Is maith liom, áfach, bheith i riocht a rá gur éirigh leis an gComhairle Idirréitigh teacht ar aonfhocal i mí na Nollag so caite i dtaobh an dara h-éilimh a tháinig ó Chumann na Múinteoirí Náisiúnta, éileamh ar scálaí tuarastail ní b'fhearr a thabhairt dóibh. Cúis áthais dom iseadh é bheith lena rá agam gurbh é sin an dara h-ócáid in-ar thánathas ar aonfhocal i dtaobh scálaí tuarastail na múinteoirí Náisiúnta a athrú go tábhachtach. Bé chéad ócáid i n-ar thárla san ná mí Eanáir, 1951, gairid tar éis an chéad Chomhairle a chur ar bun.
Is maith liom an dea-scéala bheith agam don Dáil gur tréan atáthar ag cur tithe scoile nua in áit na dtithe scoile seana-chaite. Sa bhliain darbh chríoch an t-aonú lá triochad de mhí Mhárta, 1956, do cheadaigh an Roinn deontas le 92 do thíthe scoile nua a thógail agus le mórshíneadh a chur le 43 eile nó bail eile den saghas san a chur orthu, agus fós le mion-bhail a chur ar a lán eile títhe scoile. Sé iomlán na ndeontas a ceadaíodh i leith gach aon tsaghais acu san ná £1,543,590, agus sé an costas iomlán ná £1,796,798 tar éis an £253,203 a bhailíonn na Bainisteoirí san áit (14.1% den iomlán) a chur le deontaisí an Stáit. An obair atá i gceist leis an airgead san, ní h-iontuigthe, ar ndó, go bhfuil sé déanta fós. Ach sé gnó Choimisinéirí na nOibreach Poiblí brící agus moirtéal a dhéanamh den airgead san in am trátha.
Sé iomlán ar chaith na Coimisinéirí ar thíthe scoile a thógáil agus ar bhail a chur ar thíthe scoile sa bhliain darbh chríoch an t-aonú lá triochad de mhí Mhárta, 1956, ná £1,043,488 agus sé líon tithe scoile nua a criochnaiodh le linn na tréimhse sin ná dhá cheann is dachad.
Tar éis do Chumann na Múinteoirí Náisiúnta bheith á áiteamh orm an córas cigiríochta ar na scoileanna Náisiúnta a athrú go bunúsach, do dheineas socrú chun dul in agallamh leis na Bainisteoirí agus na múinteoirí ar an aonú lá triochad de mhí Eanáir seo caite. Bhí a Ghrása, Ard-Easpag Bhaile Átha Cliath, i láthair thar ceann na nEaspag agus i dteanta ionadaithe na Roinne agus na múinteoirí do bhí i láthair, leis, ionadaithe ó gach aon dream bainisteoirí scoileanna nach mór. Do bé Rúnai Roinn an Oideachas a bhí sa chathaoir. Do lean na h-imeachta ar feadh dhá lá agus na pointí go léir a bhí fé dhíospóireacht táid á mbreithniú go cúramach fé láthair.
Is mór an sásamh dom a bheith le h-insint agam go bhfuil ag méadú ar an soláthar atá á dhéanamh i gcóir na leanbhaí go bhfuil éalaing orthu. Má chuirtear san áireamh scoileanna i gcóir leanbhaí atá dall agus leanbhaí atá bodhar, tá timpeall caoga scoil ann anois atá nascaithe le h-ospidéil, le sanatoria agus le h-ioclanna (clinicí). I ngach aonscoil acu san tá an clár leagtha amach go speisialta chun bheith in oiriúint do na riachtanaisí fé leith a bhaineann le gach saghas des na saghasanna san leanbh. Tá soláthar ann, leis, d'fhoirinn bhreise. Is mór an t-áthas a chuireann sé orm buíochas a ghabháil le bainisteoirí agus le múinteoirí na scoileanna san as ucht na sár-oibre atá acu á dhéanamh.
Sé Meastachán atá ann do Bhóta 41 ná £1,082,110 glan. £71,420 de bhreis ghlan is ea é sin ar Mheastachán na bliana so caite. Siad an dá mheadú mhóra ná an t-airgead breise atá le h-íoc i leith na ndeontas caipitíochta agus i leith incrimintí tuarastail.
An £30,000 de bhreis atá dá sholáthar i leith na ndeontas caipitíochta, sé is cúis leis sin ná líon níos mó de dhaltaí bheith ag tinnreamh ar na meán-scoileanna. Sé líon a bhí ann sa bhliain 1954-55 ná 56,485 agus 59,306 a bhí ann sa bhliain 1955-56, sé sin, 2,821 thar an mbliain roimhe sin.
An £39,000 breise atá á sholáthar i leith incrimintí tuarastail, is é is bun leis sin ná an méadú is dual ar na h-incrimintí bliantúla agus fós an méadú atá ar líon na múinteoirí atá ag tarrac incrimintí. 2,584 des na múinteoirí sin a bhí ann sa bhliain 1955-56, sé sin, 106 thar mar a bhí ann an bhliain roimhe sin.
An chuid eile den mhéadú atá ar Bhóta an Mheán-Oideachais, sé is cúis leis ná an fás a tháinig fén líon ranganna ar a dtugtar deontas fé leith i leith na hEolaíochta, na hEolaíochta Tís agus na Siúinéireachta, agus ina theanta san an fás atá fén líon iarrthóirí atá ag cur isteach ar na Scrúdaithe Teistiméireachta. Is riachtanach de bharr an fháis sin níos mó ionad scrúdúcháin bheith ann agus níos mó feitheoirí agus scrúdaitheoirí a cheapadh.
Is é líon ranganna Eolaíochta ar ar tugadh an deontas fé leith ná 2,392, sé sin, 179 de bhreis ar an méid a bhí ann an bhliain roimhe sin.
An líon iarrthóirí a thug fén dá Scrúdú Teistiméireachta i mbliana, chuaidh sé beagán thar 20,000, sé sin, 1,000 de bhreis ar an mbliain seo caite.
Ceithre chéad seachtó is a ceathair de mheán-scoileanna aithinte a bhí ann anuraidh. As an méid sin bhí 229 ina raibh an teagasc iomlán nó cuid den teagasc á thabhairt tré Ghaeilge, agus as an 229, san bhí 88 gur tré Ghaeilge a tugadh an teagasc iomlán iontu (ach amháin sa chuid den teagasc ins na nua-theangacha a tugtar ins na teangacha san féin).
Ní airítear puinn ó cheann ceann na bliana i dtaobh na h-oibre a bhíonn ar siúl ins na meán-scoileanna, ach an dream dílis dúthrachtach atá i mbun na scoileanna san, más ciúin féin iad, is é ciúineas an tsrutháin doimhin acu é. Pé léirmheas is féidir a dhéanamh ar chóras na meán-scoileanna—agus an córas oideachais atá gan locht tá sé le ceapadh fós—is deimhin gurb é an dea-spiorad a bhíonn taobh thiar den obair agus a bhíonn á mhúnlú, is deimhin gurb é an dea-spiorad san an chuid bhunúsach den saothar. Ina thaobh san tá an saol mór á adhmáil gur maith a thuigeann lucht stiúrtha ár meán-scoileanna a ngnó. Is é gnó é sin ná fir agus mná ionraice dúthrachtacha a dhéanamh des na buachaillí agus na cailíní a bhíonn fén-a gcúram. An dea-shaothar úd atá ag na meán-scoileanna á dhéanamh, níl aon chuid de shaol na hÉireann ná fuil a thoradh len n-a bhraith ann.
Cloistear ó am go h-am an gearán go bhfuil an iomad den acadúlachas ag baint leis an meán-scolaíocht. Iad súd a mbíonn an port san ar siúl acu, is baol go ndearmhadann siad gurb é nádúir agus gnó na meán-scoileanna bheith acadúil. Dá mb'amhlaidh a bhéadh na meán-scoileanna tar éis na leabhair a chaitheamh uathu agus na cearda láimhe agus cearda den saghas san a chur ina n-áit, ní meán-scoileanna in ao'chor a bheadh iontu.
Is é is dóichí, áfach, gurb é brí is minicí leis an bport úd i dtaobh na meán-scoileanna bheith ró-acadúil ná gur tharla a lán daoine óga ag freastal ar na scoileanna san agus go bhfuil cuid des na daoine óga san gur mhó a raghadh sé chun tairbhe agus chun sásaimh dóibh bheith ag gabháil do chúrsaí ceirde ná na leabhair. B'fhéidir gur fíor san, ach chaithfí dul rud beag níos sia leis an scéal. Sa chéad chás de, tá ceart bunúsach ag na tuismitheoirí a gclann a chur ar a rogha féin scoil, ach thairis sin arís, is fíor-annamh nach ag na tuismitheoirí féin is fearr 'fhios cad í an scoil is oiriúnaí dá gclainn. Go deimhin féin, ins na h-áiteacha úd ina bhfuil an Stát ag toghadh na scoile, ní hé a thuigim gurb é rogha an Stáit an rogha is fearr i gcónaí. Bíodh san mar atá, áfach, ní hé ba mhian liom a rá gurb iad na leabhair tús agus deireadh clár léinn na meán-scoileanna. Ina thaobh san táim tar éis a lua cad é an tsuim bhreise atá á lorg sa Bhóta so chun na saotharlanna Eolaíochta a chothabháil agus chun fearaistí a chimeád leo, agus fós chun abhair eile ceirde a mhúineadh.
Tá beart eile agus cé nach féidir a rá gur abhar. "úsáideach" atá i gceist leis, is deimhin gur maith linn go léir go bhfuil ag éirí leis fé mar atá. Sé abhar é sin ná an oiliúint a tugtar sa Cheól, idir chóracha ceoil agus ceol-bhuíonta. Sa bhliain 1948-49 do b'é lion na gcóracha ceoil agus na gceoil-bhuíonta a bhí fé scrúdú ná 193 agus 53, fé seach. 224 (dhá céad, fiche is a ceathair) de chóracha ceoil agus 64 de cheol-bhuíonta a bhí fé scrúdú anuraidh. I rith na n-ocht mblian úd, a luas, do bé an meán-líon a chuir isteach ar an scrúdú ná 217 de chóracha agus 57 de cheol-bhuíonta. Rud is fearr arís ná san, má ghlacaimíd na cúig bliana so caite, bé meán-líon na gcóracha ceoil ná 225 de chóracha agus 59 de cheol-bhuíonta.
Gné eile den mheán-oideachas gur ábhar sásaimh é isea gur mhéadaigh ar an líon A-scoileanna. Is fíor gurb é a raibh de mhéadú ann aon scoil amháin, ach is fíor leis gur ag dul i laghad a bhí an líon A-scoileanna roimhe sin. An trághadh úd d'iompódh ina thuile mar sin, b'fhéidir gur chúis amháin leis gurbh eadh na beartanna a deineadh le bliain anuas chun deontais áirithe a thabhairt go mear tapaidh ar Bhóta 41E chun a chur ar chumas do lucht foilsithe taobh amuigh den Roinn téacsleabhair oirúnacha, go mórmhór téacsleabhair Laidne is Staire, a chur ar fáil i nGaeilge. Tá beartaithe agam leanúint den chabhair sin a thabhairt imbliana ar feadh ar féidir é sin a dhéanamh taobh istigh den Bhóta.
Nil aon bhreithniú fé leith agam a dhéanamh anso ar chlárléinn na meán-scoileanna. Rud amháin ba chúis dom gan é sin a dhéanamh do b'eadh an rogha ábhar bheith comh fairsing sin, i dtreo nach ionann clár do gach aon scoil ná fiú do gach aon dalta san aon-scoil. Sé is príomhchúis dom gan bheith ag breithniú an chláir go ró-mhion ná go bhfuilim tar éis a iarraidh ar an gComhairle Oideachais, fé mar adúrt cheana, é sin a dhéanamh.
Tá pointe amháin eile i dtaobh an mheán-oideachais nach miste a lua. Sé pointe é sin ná gur bunaíodh sa bhliain seo caite Scéim Buan Idirréitigh agus Eadrána dos na Meán-mhúinteoirí. Tá gach aon mhuinín agam gurb é a thiocfaidh as an mbuan-scéim san ná an tuarastal incriminteach agus gach sochar eile a bhíonn á saothrú ag na Meán-mhúinteoirí aithinte a riar is a shocrú feasta le lán-ord is eagar.
Tá £61,350 de mhéadú ar an meastachán glan i gcóir an GhairmOideachais. £1,118,160 a bhí ann anuraidh agus £1,179,510 atá á iarraidh i mbliana.
An £79,751 de mhéadú atá ar na deontais bhliantúla atá iníoctha le Coistí Gairm-Oideachais, sé is bun leis ná an riachtanas atá ann an borradh atá fés na scéimeanna do chimeád ar siúl. An méadú san, tá ann, i dteanta gach éinní eile, soláthar chun tuarastal níos fearr a thabhairt dos na múinteoirí, chun a thuille múinteoirí d'fhostú, chun riar ar fhás na n-incrimintí atá iníoctha agus ar chostaisí eile a bhaineann le cúrsaí tuarastail i gcoitinne.
An leathnú atá fén nGairm-Oideachas, ní fearra slí lena mheas ná cuimhneamh gur b'é suim airgid a ceadaíodh sa bhliain seo caite lena chaitheamh ar thíthe scoile a thógáil agus síneadh a chur le títhe scoile áirithe ná £234,080 agus gurbh é suim a ceadaíodh lena chaitheamh mar an gcéanna sa dá mhí tosaigh den bhliain airgeadais seo ná £187,850. Ar ndó, an tsuim a ceadaítear in aon bhliain áirithe, ní dóigh go gcaithfear é go léir sa bhliain sin ná in aon bhliain áirithe eile. Ní foláir nó beidh aga áirithe idir an uair a ceadaítear an caiteachas agus an uair a chaithfear an t-airgead tirim a chur síos i leith na tógála.
Sa bhliain airgeadais 1955-56, áfach, is amhlaidh a críochnaíodh tógáil deich dtíthe nGairm-scoile agus a cuireadh síneadh le deich gcinn eile.
Comhartha eile den bhorradh atá fés na Gairm-scoileanna is eadh an méadú úd ó £39,700 go dtí £45,000 atá measta fé Mhir-Cheann H ná an 50% d'aisíoc a dheineann an Stát leis na h-Údaráis Áitiúla ins na h-iasachta a gheibheann na hÚdaráis sin fé réir Ailt 51 den Acht. Is amhlaidh a gheibheann na hÚdaráis Áitiúla na h-iasachta úd chun deontais a chur ar fáil dos na Coistí Gairm-Oideachais chun a chur ar chumas na gCoistí títhe scoileanna a thógáil agus síneadh agus méadú a chur le títhe scoile eile.
An tsuim airgid atá ceadaithe a chaitheamh go dtí seo, ní beag an riaráiste de atá fós gan caitheamh, agus idir sin agus a dheacracht is atá sé teacht ar bhun-airgead fé láthair i gcóir tógála agus a leithéid, is baol nach féidir bheith ró-fhial ar fad i mbliana le scéimeanna a cheadú, gur ghá bun-airgead ina gcóir, ach amháin i gcás scéimeanna atá fíor-phráinneach. Táim ag ceapadh gur mó san scéim go mbéifear ag brú go dian orm ina thaobh i rith na bliana agus gan an bun-airgead ann chuige. Na Coistí a mbeidh ceataí den saghas san ag cur isteach orthu, tá súil agam go dtuigfidh siad conas mar atá an scéal agus go mbeidh siad sásta brughadh fúthu go fonnmhar foidhneach gan chás gan cheasna le lánmhúinín go dtiocfaidh an uair ina mbeidh an scéal ar deil arís.
Beidh tugtha fé ndeara ag na Teachtaí go bhfuiltear ag súil go mbeidh £14,915 de laghdú ar chostas oiliúna Gairm-oidí ón £44,565 costais a bhí air anuraidh. Sé is mó is cúis leis an laghdú mór san ná go bhfuarthas nár ghá a thuilleadh de na Cúrsaí fada oiliúna le haghaidh múinteoirí a bhunú i rith na bliana airgeadais seo.
Ar na Cúrsaí Oiliúna a bhí bunaithe agus atá ar siúl fós, tá Cúrsa sa Mhiotalóireacht (sé dhuine dhéag á leanúint) agus Cúrsa sa Tuaitheolaíocht (fiche duine á leanúint). Do tosnaíodh ar an dá chúrsa san mí Dheireadh Fómhair 1955, agus cuirfear críoch leo i ndeireadh mhí an Mheitheamh, 1957.
Ar na cúrsaí go mbeidh críoch á chur leo ag deireadh an tSéisiúin seo, tá Cúrsa san Adhmadóireacht (duine 's fiche á leanúint) agus Cúrsa sa Mhiotalóireacht (cúig dhuine dhéag á leanúint).
Ar a bheith críochnaithe do na cúrsaí san beidh an scéal sa riocht agus nach miste don Roinn a rá go bhfuil freastal déanta ar na riaráisti a bhí ann maidir le dóthain mhúinteoirí do chur ar fáil le haghaidh na n-ábhar teicniúil. Ní hé atá agam á rá go bhfuil réiteach iomlán déanta ar cheist múinteoirí a sholáthar mar, de bharr a bhfuil d'éileamh ann i ngnóthaí tionscalaíochta, tá ganntanas ar fuaid an domhain den sórt áirithe daoine sin ar a dtabharfaí múinteoirí teicneolaíochta. Ní thánathas ar réiteach sásúil fós i dtír ar bith i dtaobh conas ab fhearr a fhéadfadh na scoileanna dul san iomaíocht leis an saol tionscalaíochta ar son seirbhísí an lucht teicneolaíochta so agus gan tranglam í dtaobh tuarastail agus nithe eile a thabhairt i bhfáth.
Do dheineas tagairt anuraidh do chríoch a bheith á chur an tráth san le cúrsa oiliúna do mhúinteoirí Foirgneolaíochta. Triail-iarracht ab ea í gur éirigh go hard léi agus is geal liom a rá nach raibh deacair ar bith ó thaobh fostaíochta ar na múinteoirí nua-oilte san ach gur amhlaidh a bhí Coistí ag sárú a chéile ag iarraidh a gcuid seirbhísí. Is mór an chreidiúint dóibh go léir é sin, idir Choistí agus mhúinteoirí.
Níl aon easpa tuisceana ar an Roinn i dtaobh a mbaineann de thábhacht leis na múinteoirí Foirgneolaíochta san mar ghrúpa. Tá á bheartú gearr-chúrsa speisialta sa Lámh-Oiliúint agus sa Chaibinéideacht a chur ar siúl dóibh i gColáiste Charman mí Dheireadh Fómhair seo chugainn.
Rud eile is fiú a lua ina dtaobh isea go bhfuil an Roinn Talmhaíochta agus na Coistí Gairm-Oideachais agus an Roinn seo agamsa ag déanamh comhairle le chéile féachaint cad é an tslí ab fhearr a fhéadfaí seirbhísí cuid des na múinteoirí sin a chur chun tairbhe fé chúram Roinn na Talmhaíochta.
Ar na gearr-Chúrsaí a déanfar a reachtáil i mbliana tá Cúrsa Samhraidh sa Tuaitheolaíocht agus Cúrsa sa Ghaeilge agus in Ábhair Leanúna. Tá san á dhéanamh ionas go mbeadh de chaoi ag múinteiorí áirithe iad féin a cháiliú i gcóir buan-phostanna lánaimsireacha.
Ar na Cúrsaí Athchleachtaithe atá á mbeartú, tá Cúrsa sa Ghúnadóireacht a tionólfar i gColáiste Oiliúna Chaitríona do cheathrar agus fiche d'oidí Tís a roghnófar chuige; Cúrsa sa Líníocht agus Dathadóireacht a tionólfar i gColáiste Náisiúnta na hEalaíon do dhá dhuine dhéag d'oidí a roghnófar chuigesin; Cúrsa d'oidí múinte ábhar a bhaineann le Grósaeireacht agus Dáiliú Mionreice go ndéanfar é a thionól i gColáiste Oiliúna Phádraig i gcómhar le Cúrsa Samhraidh lucht R.G.D.A.T.A.; agus Cúrsa sa Leictreonaíocht a tionólfar san Institiúid Eolaíochta agus Teicneolaíochta i Sráid Chaoimhín.
Is as an ioncam atá ag teacht de bharr Tiomna Hardiman a díolfar na costaisí le haghaidh na léachtaithe eachtracha a bheidh ag teastáil chun an Chúrsa sa Ghúnadóireacht agus chun an Chúrsa sa Dáiliú Mionreice.
I gcaitheamh na bliana so caite do chuathas chun cinn go maith maidir le Córas Idirréitigh agus Eadrána a chur ar fáil do Ghairm-mhúinteoirí. Sé staid atá ar an ngnó fé láthair ná go bhfuil dréacht-scéim de chuid na Roinne curtha fé bhráid chumann na gCoistí (ós iad na Coistí údarás fostaíochta na múinteoirí) agus fé bhráid Chumann na Múinteoirí freisin, agus tá an dá pháirtí tar éis glacadh leis an dréacht-scéim ó thaobh prionsabail de. Tá dóchas láidir agam gur gairid eile go mbeidh scéim chomh-aontaithe ar bun dá réir sin.
An £20,541 de laghdú glan atá sa Bhóta so, tarlaíonn an chuid is mó de de bharr £9,000 de laghdú fé mhírcheann B. 9. féna ndeintear deontaisí a sholáthar chun Coláistí Gaeilge a thógaint sa Ghaeltacht agus, ina theanta san, de bharr gurbh éigin £9,731 de Mheastacán Breise a thabhairt ilíthair i rith na bliana anuraidh chun go gceannófaí bailiúchátach, luachmhar de earraí airgid den seandéantús Éireannach mar, muna ndeintí san, ba ró-bhaol go n-imeodh na hearraí luachmhara san as seilbh an náisiúin go brách.
An £9,000 san de laghdú fé Mhírcheann B.9. (Deontaisí do Choláistí Gaeilge sa Ghaeltacht), tarlaíonn sé de bharr go raibh comhlánú déanta um dheireadh na bliana airgeadais seo caite ar na scéimeanna go léir a bhí ar láimh. An £500 atá á sholáthar sa bhliain airgeadais reatha so, sé gnó atá dhe ná chun ioc as mionchostaisí a bhain leis na scéimeanna san ach ná raibh tagtha chun aibiúcháin roimh an aonú lá tríochad de mhí na Márta seo caite.
Tá breis bheag agus £4,000 de shábháil a dhéanamh fé Mhírcheann B.1 (foilseacháin i nGaeilge) agus sé is cúis leis ná go dtáinig foilseacháin áirithe costasúla chun láimhe ins na blianta roimhe seo.
Níl aon athrú eile ab fhiú a rá ar an Bhóta le haghaidh Eolaíochta agus Ealaíon, ach amháin an £500 is gnáth a thabhairt gach bliain mar dheontas i gcabhair don Ard-Mhusaem chun samplaí a cheannach (Mírchann A.5.), go bhfuil san á ardú i mbliana go dtí £1,500 agus go bhfuiltear ar intinn go ndéanfar amhlaidh gach bliain feasta. Sé aigne atá leis sin ná go gcuirfí ar a n-acmhainn do lucht údaráis an Mhusaem ciste beag a chur le chéile ionas go mbeadh ar a gcumas tairiscint a dhéanamh dá dtagadh cuspa éigin luachmhar a bhain le seandaíocht nó eagnaíocht dúchais na tíre ar an margadh agus gan moill a chur orthu mar is éigean a tharlaíonn nuair is gá Meastachán Breise a iarraidh go speisialta chun a leithéide. I rith na bliana so caite, mar adúirt cheana, dob éigean Meastachán Breise a thabhairt i láthair ag iarraidh £10,000 chun bailiúchán fíor-luachmhar d'earraí airgid don sean-déantús Éireannach a cheannach, mar muna ndeintí san, bheadh an tír á n-uireaspa go brách. Sa tslí chéanna, i rith na bliana seo caite, tháinig bailiúchán neamhchoitianta den ngloine Éireannach ar an margadh go hobann agus de bharr an nua-réitigh seo le haghaidh deontas i gcabhair, d'éirigh le lucht údaráis an Mhusaem an bailiúchán a fháil ar luach réasúnta agus níor ghá aon Mheastachán Breise chuige.
Ar an 31 lá de mhí na Nollag, 1955, sé líon a raibh de bhuachaillí fé choimeád sa Scoil Cheartúcháin do Bhuachaillí ná 128. Um an dáta céanna bliain roimhe sin bhí 136 de bhuachaillí fé choimeád.
Le blianta beaga anuas tá an chóir iostaíochta sa scoil á fheabhsú agus do tógadh dhá sciathán nua ina bhfuil seomraí ranga, suanleasa, ionlanna agus seomraí oibre. Táthar tar éis a cheadú, leis, go raghfaí ar aghaidh leis an gcuid deireannach den scéim feabhsúcháin agus cóir iostaíochta a chur ar fáil do na Bráithre agus don bhfoirinn agus scartadh, cothromú agus cóireáil a chur ar an bhfaiche imeartha.
Ar an 31ú lá de mhí na Nollag, 1955, sé lion a raibh de cailini fé choimeád ins an dá Scoil Cheartúcháin do Chailíní ná naonúr agus fiche.
Fé choinne na bliana airgeadais 1956-57 tá, soláthar á dhéanamh fé thuairim 195 d'óg-lucht ciontaithe a bheith ins na Scoileanna Ceartúcháin dála mar a soláthraíodh fé thuairim 210 díobh le haghaidh na bliana 1955-56.
Bhí 2,602 de chailíní fé choimeád ins na Scoileanna Saothair ar an aonú lá tríochad de mhí na Nollag, 1955. B'shin 102 de laghdú ar a raibh iontu um an dáta céanna den bhliain roimhe sin.
I Scoileanna Saothair na mBuachaillí bhí 2,126 fé choimeád ar an aonú lá tríochad de mhí na Nollag, 1955, i gcomparáid leis an 2,272 a bhí iontu um an dáta céanna bliain roimhe sin.
Fé choinne na bliana airgeadais 1956-57 tá soláthar á dhéanamh fé thuairim 4,800 de leanbhaí a bheith ins na Scoileanna Saothair i gcomparáid leis an 5,100 a bhí iontu sa bhliain 1955-56. An laghdú san agus titim bheag a ceaptar a bheidh ins an lion a dlífear a chur ins na Scoileanna Saothair, sin iad na cúiseanna fé ndeara go bhfuil an £207,010 de chaiteachas glan a bhí ann anuraidh á ísliú sa mheastachán i gcóir na bliana reatha so go dtí £196,040, sé sin, £10,970 de laghdú.
I rith na bliana do thug an Chúirt Uachtarach a breith maidir le Mír a deich den Leasú a deineadh sa bhliain 1941 ar Achtanna na Leanbhaí, á chur in iúl go raibh an Mhír sin, diúltach don mBunreacht sa mhéid gur cheadaigh sé do thuismitheoir a cheart do-scartha a chur ar leataoibh go ceann tréimhse ba shia ná an fhaid aimsire nárbh acmhainn dó an ceart san a chur i ngníomh.
Tá iniúchadh á dhéanamh fé láthair ar gach a dtagann i bhfáth de bharr na breithe sin chomh fada agus a bhaineann leis an lucht a cuirtear fé choimeád i Scoileanna Ceartúcháin agus Scoileanna Saothair, agus táthar ar aigne leasúchán a dhéanamh do réir mar is gá ar Achtanna na Leanaí d'fhonn iad a thabhairt i gcomhréir leis an mBunreacht.
Sé iomlán an mheastacháin le haghaidh Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath ná £63,000, suim is ionann agus £1,700 de laghdú ar sholáthar na bliana 1955-56. Tá aon mhíle, sé céad agus caoga púnt den laghdú san á dhéanamh sa mhéid a sholáthraítear chun gnóthaí riaracháin agus costaisí reatha na hInstitiúide agus a Comh-Scoileanna, agus £50 de laghdú á dhéanamh ar an soláthar le haghaidh foirgintí a chur ar fáil agus a choiriú ag Réaltlainn Dhún Sionca.
Mar seo leanas a áirmhíthear an £63,000:—
Mírcheann |
|
A. 1. Riarachán |
£10,550 |
2. Scoil an Léinn Cheiltigh |
£17,545 |
3. Scoil na Fisice Teoiriciúla |
£9,690 |
4. Scoil na Fisice Cosmaí |
£24,965 |
Mírcheann B. £250 le haghaidh leasúchán foirginte agus cóiriúcháin.
Níl aon mhór-athrú ins an soláthar atá á bheartú le haghaidh an Áiléir Náisiúnta.
Cé go dtaispeántar i Leabhar na Meastachán go bhfuil £627 glan de laghdú i gceist, ní hé sin atá ann i ndáiríre ach £620 de mhéadú i gcomparáid le cuid na bliana anuraidh.
Sé míniú atá ar an gcuid is mó den laghdú a shamhlaíonn a bheith ann ná gurbh éigean £1,000 de Mheastachán Breise a thabhairt i láthair i rith na bliana d'fhonn cothromú a dhéanamh de bharr nár ceadaíodh, do réir moladh Coiste na gCuntas Poiblí, an méid sin de shuim a íoc as Bhóta an Áiléir sa bhliain 1952-53. B'é airgead a bhí i gceist ná an tsuim a h-íocadh i 1952-53 chun athshamhla fé dhath a chur ar fáil ar phostchártaí de chuid de phictiúirí an Áiléir agus gan na cuntaisí tagtha chun aibiúchán fé cheann an 31 lá de Mhárta, 1953. An £620 de mhéadú gur thagras dó, is fén gceannteideal Tuarastal agus Páighe a thagann sé i gceist.