den Aire Oideachais an abróidh sé cén staid ina bhfuil an tairiscint chun scoil ghairm-oideachais a bhunú i gceantar Charna, Contae na Gaillimhe.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Scoil Gairm-Oideachais i gCarna.
D'fhiafraigh
Tá moladh ós comhair mo Roinne ó Choiste Gairm-Oideachais Chontae na Gaillimhe, chun Scoil Gairm-Oideachais a bhunú i gCárna, ach ní féidir liom a rá faoí láthair cá fháid go mbéidh mé i ndon a cheadú don choiste dul ar aghaidh leis an mbeart sin. Níl méid na scoile atá ag teastáil socair fós.
Is é méid na scoile an taon-cheist amháin atá le réiteach? Sin í an t-aon-fhadhb atá le socrú, méid na scoile?
Nuair nach raibh fios ag aon duine cad é an méid ba cheart a bheith sa scoil——
Ach an í sin an taon-cheist amháin?
Nuair nach bhfuil fios ag aon duine cad é an méid ba cheart a bheith san scoil is deacair a rá cad iad na deacrachtaí eile a bheadh ag gabháil leis an gceist agus ba chóir go dtuigfeadh an Teachta é sin.