Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 31 Oct 1956

Vol. 160 No. 4

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Scéimeanna Oibreacha Poiblí.

D'fhiafraigh

den Aire Rialtais Aitiúil an abróidh sé cé mhéad scéimeanna i leith oibreacha poiblí faoi bhun dhá mhíle go leith punt costais an ceann a cheap an Coiste Idir-Rannach sna blianta 1954-55, 1955-56, agus atá ceaptha go dtí anois sa mbliain reatha; agus cé mhéad acu, faoi seach, a críochnaíodh agus atá ar siúl.

Cheadaigh an Coiste naoi scéimeanna sa bhliain 1954-55. Tá cúig cinn díobh siúd críochnaithe, dhá cheann ar siúl agus dhá cheann nár tosnaíodh fós orthu. Cheadaigh an Coiste ocht scéimeanna sa bhliain 1955-56. Tá ceann amháin díobh siúd ar siúl. Níor tosnaíodh ar na cinn eile fós. Sa bhliain airgeadais reatha, cheadaigh an Coiste trí scéimeanna. Níor tosnaíodh orthu fós.

Top
Share