den Aire Rialtais Aitiúil an bhfuil deontais faoi leith dá leithleasú i mbliana as an Ród-Chiste den tsaghas a híoctaí roimhe seo arna moladh ag Oifig na Gaeltachta agus na gCeantar gCúng ar mhaithe le bóithre cuartaíochta sa nGaeltacht; agus, má tá, an abróidh sé cé mhéad atá ceaptha do gach comhairle chontae faoi seach a bhfuil an t-airgead seo ag dul dóibh.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Bóithre Cuartaíochta sa Ghaeltacht.
Pádraig Mac Loingsigh
Tá scéim na mBóthar Cuartaíochta sa Ghaeltacht agus sna gCeantair gCúng, a riartar i gcomhairle le hOifig na Gaeltachta agus na gCeantair gCúng, ag dul ar aghaidh i mbliana agus tá ceithre céad míle púnt tugtha i ndeontaisí ón Ród-Chiste dos na húdaráis áitiúla atá páirteach sa scéim.
Tá an freagra don dara chuid den cheist seo i bhfuirm tábla agus led' chead, a Cheann Comhairle, cuirfear ar fáil é leis an Tuarascáil Oifigiúil.
'Sé seo an tábla:—
SCÉIM na mBóthar Cuartaíochta sa Ghaeltacht agus sna gCeantair gCúng. Deontaisí i leith na bliana 1956-57.
Comhairle Chontae |
Deontas |
£ |
|
Cabhán |
10,000 |
An Clár |
35,000 |
Corcaigh |
55,000 |
Dún na nGall |
55,000 |
Gaillimh |
55,000 |
Ciarraí |
55,000 |
Liathdrom |
25,000 |
Muigheó |
55,000 |
Ros Comáin |
25,000 |
Sligeach |
25,000 |
Portláirge |
5,000 |