Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 8 Nov 1956

Vol. 160 No. 6

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Feidhmeannaigh sa Ghaeltacht.

D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil feidhmeannaigh ceaptha aige a ghníomhós thar a cheann i gceantair áirithe den Ghaeltacht; agus, má tá, an abróidh sé cé na ceantair iad, agus cé hiad na daoine atá ceaptha amhlaidh lena n-aghaidh.

Pádraig Mac Loingsigh

Níl aon fheidhmeannach den tsórt atá i gceist ag an Teachta ceaptha agam go fóill.

An gceapfaidh an tAire feidhmeannaigh i gcóir an deiscirt, an tuaiscirt agus an oirthir?

Pádraig Mac Loingsigh

Ceapfaidh.

Caithin a gceapfar iad?

Pádraig Mac Loingsigh

Gan mhoill.

An abróidh an tAire an bhfuil níos mó oifigeach in Aireacht na Gaeltachta anois ná an bheirt a bhí ann go dtí seo?

Pádraig Mac Loingsigh

Sin ceist eile.

Top
Share