Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 29 Nov 1956

Vol. 160 No. 12

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Clós na mBád sa Daingean.

D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an abróidh sé an bhfuil sé toilteanach ceist a thionscnamh leis an Aire Talmhaíochta, agus le haon Roinn Rialtais eile lena mbaineann an scéal, i dtaobh Clós na mBád sa Daingean a mhéadú chun go bhféadfaí dhá bhád a dhéanamh ann san aon-tráth.

Pádraig Mac Loingsigh

Tá fiafraí déanta agam cheana faoi Chlós na mBád sa Daingean a mhéadú agus deirtear liom gur breithníodh an scéal go hiomlán le goirid. Tuigtear dom go bhfuil deacrachtaí faoi leith sa scéal agus ní thig liomsa ach a gheallúint don Teachta go rachad i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta agus le haon údarás eile a bheas i gceist do réir mar a mheasfad is gá ó am go ham le hintinn an oiread fostaíochta agus is féidir a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta sa ghnó seo agus i ngnóthaí eile a bhaineas le tionscal an iascaigh.

Top
Share