den Aire Oideachais an abróidh sé conas atá an scéal maidir le scoil ghairm-oidis a thógáil i Ráth Caola, Contae Luimnighe.
D'fhiafraigh
Vol. 160 No. 13
den Aire Oideachais an abróidh sé conas atá an scéal maidir le scoil ghairm-oidis a thógáil i Ráth Caola, Contae Luimnighe.
D'fhiafraigh
den Aire Oideachais an abróidh sé conas atá an scéal maidir le scoil ghairm-oidis a thógáil i gCill Moicheallóg Contae Luimnighe.
Tá beartaithe agam le cead an Cheann Chomhairle an dá cheist seo a ghlacadh le chéile.
Cuireadh in iúl do Choisde Ghairm Oideachais, Contae Luimnighe ar na mallaibh go bhfuil iomlán an airgid atá ar fáil i gcóir gairm-scoileanna a thógáil go deireadh na bliana airgeadais 1957-58 geallta cheana féin i leith oibreacha atá críochnaithe nó atá idir lámhaibh fé láthair nó go bhfuil glactha le tairgsintí 'na gcóir, agus nach féidir oibreacha eile a údarú go ceann tamaill eile. Mar sin de, ní féidir dhul ar aghaidh go fóill leis na scoileanna atá beartaithe a thógáil i Ráth Caola agus i gCill Moicheallóg.
Cathain ar cuireadh na tuarascáil i leith na scoileanna seo ós chóir na Roinne Oideachais agus, uimhir a dó, céard a chiallaíonn an abairt "go ceann tamaill eile?"
Cén scoil atá in aigne ag an Teachta?
An dá cheann.
Níor tháinig na pleananna i leith na scoile í Ráth Chaola ós chóir na Roinne go dtí an 18ú lá d'Eanáir, 1956. Ní fheadar cén dáta ar tháinig an ceann eile ós chóir na Roinne. Tá a fhíos agam go bhfuil tosach áite ag an scoil i Ráth Chaola.
Céard a chiallíonn an abairt "go ceann tamaill"—i mbliana nó Lá Pilib an Chleite?
Níl a fhíos agam cén "tamall" atá in aigne ag an Teachta.
Chuireas dhá cheist chuig an Aire agus ní fhuaireas freagra ar cheachtar acu. Ba mhaith liom a fháil amach céard a chiallaíonn an abairt sin "go ceann tamaill". Cathain a bhéas an t-airgead ar fáil i gcóir na scoileanna seo?
Ní furasta an t-eolas sin a chur ar fáil go dtí go mbeidh eolas agam i dtaobh cúrsaí airgid san bliain nua.