Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 6 Dec 1956

Vol. 160 No. 14

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Sonrú Limistéirí na Gaeltachta.

D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an abróidh sé, i leith seirbhíse ar bith atá aistrithe chuige le hionstraim reachtúil, an bhfuil faoi na ceantair ina bhfuil an tseirbhís sin i bhfeidhm a shonrú mar límistéirí Gaeltachta.

Aire na Gaeltachta (Pádraig Mac Loingsigh)

Níl aon bhaint ag aon tseirbhís den tsórt a luaitear sa cheist le haon límistéir a shonrú nó gan a shonrú ina límistéir Ghaeltachta.

Top
Share