Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 20 Nov 1957

Vol. 164 No. 5

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Scoileanna i gContae na Gaillimhe.

D'fhiafraigh

Seán Mac Eochagáin

den Aire Airgeadais an bhfuil aon chonraitheoir foirgníochta ceaptha aige fós le scoil náisiúnta nua a dhéanamh i Muighros, Cárna, Contae na Gaillimhe.

Tá súil ag Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí go mbeidh siad i ndon go luath glacadh le tairiscint le haghaidh tógála na scoile seo.

D'fhiafraigh

Seán Mac Eochagáin

den Aire Airgeadais an bhfuil aon dul chun cinn déanta i dtaobh scoil náisiúnta nua a dhéanamh i nGlinnsce, An Caiseal, Conamara.

Tá Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí tar éis dréacht-scéim don scoil nua i nGlinnsce agus meastachán costais do chur chun na Roinne Oideachais. Tá an Roinn sin i gcomh-fhreagarthas leis an mbainisteoir oirmhidhneach sa scéal.

Top
Share