Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 4 Dec 1957

Vol. 164 No. 9

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Monarchan Fíodóireachta

D'fiafruigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuiltear chun dul ar aghaidh le tógáil monarcha fíodóireachta ar an Bhrocaigh, an Clochán, Contae Dhún na nGall.

Mar is eol don Teachta, tá reachtaíocht dá rith faoi láthair chun na tionscail tuatha ar a n-áirítear an láimh-fhíodóireacht d'aistriú chuig Bord a bheas freagrach as a seoladh agus a rialú. Beidh cumhacht ag an mBord na tionscail a leathnú in aon chás ina gceapfaidh siad go mba ianmhianaithe mar bheartas é sin a dhéanamh. Má shocraíonn an Bord tionscal na láimhfhíodóireachta a leathnú tig leis an Teachta glacadh leis go ndéanfaidh siad oiriúnacht an limistéir atá i gceist aige a mheas chuige sin in éindigh le limistéirí eile a measfaí a bheith oiriúnach.

Top
Share