d'Aire na Gaeltachta an ndéarfaidh sé ar tugadh aon bhreith go fóill maidir le monarchain lámh-fhíocháin a bhunú ar An Bhrocaigh, An Clochán, Condae Dhún na nGall.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Monarchan Lámh-Fhíocháin i nDún na nGall.
D'fhiafraigh
Fé mar is eol don Teachta, is ar Bhord Ghaeltarra Éireann atá cúram na dtionscal a bhí go dtí an 31ú Márta seo caite á reachtáil ag Rannóg Sheirbhísí na Gaeltachta de mo Roinn-se. Tuigim ón mBord nach bhfuil ceist leathnú tionscal na lámh-fhíodóireachta breithnithe acu go fóill agus go ndéanfaidh siad oiriúnacht an límistéir atá luaite ag an Teachta a mheas nuair a bheas sé sin á dhéanamh acu.