Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 25 Nov 1958

Vol. 171 No. 7

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Leathnú Scéim an Gháis.

D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil ar intinn aige scéim an gháis a leathnú go dtí na hoileáin ar chósta Thír Chonaill, is é sin, Toraigh, Gabhla, Inis Meáin Uaighe agus Inis Bó Finne, ós rud é go bhfuil deacrachtaí móra ag baint le haibhléis a thabhairt go dtí na hoileáin sin.

Tugadh an Scéim seo isteach go hOileáin Arainn de bharr riachtanas speisialta na nOileánach i gcúrsaí solais agus teasa. Níl an scéim ach díreach tosnaithe agus tá sé róluath go fóill dom a shocrú ar chóir é a leathnú go ginearálta go dtí límistéirí eile den tsórt chéanna. Tig liom a rá, ámh, mar gheall ar chúrsaí speisialta Oileán Toraighe ó thaobh teasa agus solais go bhfuilim ag breithniú an scéil féachaint ar cheart an scéim a leathnú chun an Oileáin sin go luath.

Top
Share