Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 28 Apr 1959

Vol. 174 No. 8

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Togáil Scoile, Béal Átha na Slua.

4. D'fhiafraí

den Aire Airgeadais an feasach é gur tosaíodh ar theach scoile nua a thógáil i dTír na nEascrach, Baile an Chrosáin, Béal Átha na Slua, Contae na Gaillimhe sa bhliain 1955; gur athraíodh na conraitheoirí cupla babhta; go bhfuil an obair gan a bheith críochnaithe go fóill; agus an bhféachfaidh sé chuige go gcuirfear dtús le críochnú na hoibre de réir téarmaí an chonartha.

Tosaíodh ar an scoil nua i dTír na nEascrach do thógáil i Lúnasa, 1955. Toisc gur theip ar an gconraitheoir na h-oibreacha a chríochnú go sasúil, cuireadh an conradh ar ceal. Glacadh le déanaí le tairiscint chun na h-oibreacha do chríochnú roimh an 30adh Bealtaine, 1959.

Top
Share