Is féidir liom mo bhuíocas a ghabháil leis na Teachtaí uile a labhair ar an Meastachán seo, ach duine amháin. Thaispeáin siad uile, ach an duine seo, go raibh ard-mheas acu ar na Fórsaí Cosanta, ar an Slua Muirí, na Buan-Óglaigh, an cúltaca (céad líne), agus lucht an Fhórsa Cosanta Áitiúil.
Sin mar is ceart agus is cúis áthais domsa gur mar sin a bhí sé le linn na díospóireachta sa Dáil, go raibh gach uile dhuine ag tabhairt moladh do fhorsaí na tíre, agus gur mar sin a bhí na hóráidí uile anseo. Bhí anmheas fosta maidir le cúrsaí eile na Roinne.
Bhí sé soiléir gur theastaigh ó na Teachtaí uile cabhair a thabhairt don Arm agus don Roinn Cosanta maidir leis na cúrsaí go léir atá ar láimh acu.
Rinneadh cuid mhaith tagairtí don iarracht atá ar siúl faoi láthair chun úsáid na Gaeilge a leathnú i measc muintir an Airm agus, maidir leis an ní sin, bhi gach uile dhuine a labhair i bhfhábhar na gluaiseachta ach amháin an Teachta céanna, an Teachta Ó Flannagáin. Mar is eol do chách, is mar sin a bhíos an scéal leis an Teachta sin i gcónaí, maidir le cúrsaí Gaeilge, agus cúrsaí náisiúnta.
Is cúis áthais domsa go bhfuil dímheas ag teacht ar an Aire ag an Teachta Ó Flanagáin toisc na gluaiseachta sin mar, nuair a bhíonn sé im aghaidh, sílim go bhfuilim ar na líntí cearta. Maidir leis an dímheas a chaitheann sé ar na saighdiúirí, is féidir linn a thuiscint go bhfuil gach rud ceart san Arm. Sílim fein, mar dúirt mé, nuair a chaitheann sé dímheas ar mhuintir an Airm go bhfuil gach rud ina cheart.
Maidir leis an iarracht atá ar lámha leis an teanga a chur chun chinn, sé mo thuairim féin go bhfuil ag éirí go measartha maith leis, agus go dtiocfaidh leathnú mór ar úsáid na Gaeilge amach anseo. Tá sé róluath a rá go bhfuil ag éirí go fíormhaith leis an ngluaiseacht ach tá súil láidir agam go n-éireoidh leis. Maidir leis sin, is mian liom a rá gur chabhraigh oifigigh an Airm, sean is óg, liom san obair thábhachtach sin, agus ba chúis áthais dom spiorad na saighdiúirí a fheiscint san obair sin.
Ghlacadar leis an dúnghaois chun an teanga a leathnú go fonnmhar agus táim cinnte go bhfuil siad ag déanamh a ndícheall. Tá an teanga á múineadh anois sna scoileanna le beagnach 40 bliain anuas agus ba chóir go bhféadfaí an teanga a leathnú i measc na bhFórsaí Cosanta.
Táim buíoch de na Teachtaí a labhair ar an ábhar seo. Bhí moltaí maithe ag cuid acu le tabhairt dom. Mhol cuid acu go ndéanfaí iarracht ar an leathnú seo a chur i measc comhaltaí an Fhórsa Chosanta Áitiúil, agus déanfar é sin chomh maith agus is féidir é. Bhí tuairim shuimiúil ag an Teachta Mac Cárthaigh. Mhol sé campaí samhraidh don F.C.A. a chur ar bun sna Gaeltachtaí, agus geallaim dó go ndéanfaidh mé iniúchadh ar an gceist sin agus, más féidir é, beidh mé toilteanach é a dhéanamh.
Bhí orm bheith amuigh ón díospoireacht ar feadh tamaill bhig agus níor chualas an méid a bhi le rá ag an Teachta Ó Domhnaill ach deirtear liom gur labhair sé go láidir i gcoinne na dunghaoise seo agus nár theastigh uaidh go mbeifí ag leanúint ar an úsáid i measc na bhfórsaí cosanta, agus go raibh sé ag clamhsán freisin i dtaobh na bhfocal ordaithe a bheith í nGaeilge. Is mar sin a bhi na focail ordaithe i gcónaí. Bhí baint agam féin leis an Arm roimh an gCogadh agus bhí mé san Arm i rith na hÉigeandála freisin agus bhí na focail ordaithe in úsáid as Gaeilge i gcónaí. Ni raibh aon deacracht ag baint leis sin agus níl aon athrú tagtha ar an scéal maidir leis sin. Tá sé fíor a rá go bhfuil iarracht á dhéanamh ar úsáid níos mó ná san teanga a fháil san Arm, agus tá súil agam go n-éireoidh leis.
Rinne cuid mhaith de na Teachtaí freisin trácht ar an gcosaint shibhialta agus tá áthas orm go raibh an méid sin suime ag na Teachtaí sa cheist thábhactoch seo. Gabhaim buíochas leis an iar-Aire as ucht an chabhair a thug sé don ghluaiseacht seo chun córas cosanta sibhialta fiúntach a chur ar fáil sa tir. Bhí an scéal céanna fiú amháin ag an Teachta Ó Flannagáin, agus d'aontaigh sé leis an méid atá deánta ar an gceist seo. Ní féidir aon mhilleán chur air sa chás seo. Bhí sé go láidir i bhfábhar na cosanta sibhialta.
Rinne an Teachta Mac Cuinneagáin tagairt don cheist faoi chreidiúint a thabhairt do ath-shaighdiúirí a bhí ag iarraidh postanna sa Stát Sheirbhís. Níl sé ceart a rá ná tugtar creidiúint ar bith dóibh. Tugtar, ach tá athrú déanta le cúpla bliain anuas. Tugtaí creidiúint do ath-shaighdiúirí ina seirbhís leis na Fórsaí Cosanta agus rinneadh é sin ó am na hÉigeandála anuas go 1956. Sa bhliain sin tháinig athrú ar an scéal agus d'ordaigh Rialtas na huaire sin go ndéanfaí an t-athrú seo agus as san amach ní raibh an chreidiúint sin le fáil ag athshaigdiúirí ach ar feadh dhá bhliain tar éis a seirbhís mhíleata a chríochnú agus aoinne a bhí i dteideal an chreidiúint sin a fháil níor bhfholáir dó 5 bliana ar a laghad a bheith caite aige insna Fórsaí Cosanta.
Mar a dúras, nuair a tugadh an scéim seo isteach i dtosach go díreach i ndiaidh na hÉigeandála, b'fhuirist aontú an Rialtais agus aontú na ndaoine i gcoitinne d'fháil, ach níl an méid céanna buíochais i gcroíthe na ndaoine agus a bhí an t-am sin, agus níl sé chomh héasca dul ar ais go dtí an socrú a bhí ann roimhe seo. Tá mé ag féachaint isteach sa chás, áfach, agus más féidir liom socrú níos fearr a dhéanamh do na hath-shaighdiúirí déanfaidh mé é. Tugadh an tosaíocht chéanna a tugadh d'iarchomhaltai de na Buan-Óglaigh do na fir a thug seirbhís mhíleata sa tréimhse 1916-1923 agus ar deonadh boinn fhianais nó sheirbhíse ginearálta dóibh agus iad ag lorg na bpost seo.
Bhí ceist eile ag an Teachta Mac Cuinneagáin faoin laghdú sa mhéid a íochadh i mbliana le Comhairle Chontae Thir Chonaill mar shíntiús in ionad rátaí i leith Dún Líonáin. Níl an meíd céanna á íoc againn anois. Maidir leis na rátaí, is í an Oifig Luachála atá i mbun an ghnótha sin. Sé an rud a thárla ansin ná gur siar i 1956 deineadh athscrúdú ar an scéal seo go léir. Dá bhárr sin iniúchadh an sceál ó thaobh na húsáide a bhi á baint as gach post míeata sa Stát agus cuireadh an toradh in iúl don Oifig Luachála. Is fíor go bhfuil gléasraí míleata sa Dún ach níl na háitribh uile ann in úsáid agus ní foláir nó go bhfuil an laghdú ar mhéid an tsíntiúis in ionad rátaí ar comhréir leis an méid áitreabh nach bhfuil in úsáid san áit. Mar a dúras, áfach, is é an Oifig Luachála atá i mbun an ghnótha sin agus níl aon dul as.
Deirtear, maidir le Dún na nGall, nach bhfuil siad ag fáil an deontais chéanna. Ní féidir linn áitribh a dhéanamh d'aon ghnó chun cabhair a thabhairt do chomhairlí contae. Má tá aon ghearáin maidir le méid an tsíntiúis anois, ba cheart na gearáin sin a dhéanamh leis an Oifig Luachála. B'fhéidir go bhfuil botún á dhéanamh acú ach ní dóigh liom féin go bhfuil.
Ceist eile a chuir an Teachta Liam Mac Cuinneagáin ab ea ceist mar gheall ar árachas breac-dhíomhaointis nó "ama fhluich," mar a thugtar air de ghnáth. Is amhlaidh atá an scéal faoi sin mar a leanas. Faoi alt a 5 den Acht féadfaidh an tAire Leasa Shóisialaigh, ach é a bheith sásta i dtaobh rudaí áirithe, deimhniú eisceachta a thabhairt amach i leith aicme ar bith lena mbaineann an tAcht. Is iad na rudaí nach foláir don Aire bheith sásta ina dtaobh ná:
(a) gur buan-fhostaíocht fostáiocht na haicme sin daoine, ag feachaint do ghnáth-chleachtadh an fhostóra, agus
(b) ná baintear éinní as pá na haicme sin daoine mar gheall ar aimsir do chailliúint de dheasca doinninne, agus
(c) go dtagann de thosca eile fostaíocht na haicme sin daoine nach gá daoine den aicme sin a árachú faoin Acht.
Cuireadh an scéal seo maidir le hoibritheoirí sa Roinn Cosanta faoi scrúdú. Bé toradh an scrudú sin ná nach raibh siad i dteideal an eisceacht a fhail. Níl aon rud is féidir liomsa a dhéanamh mar gheall air.
Rinne roinnt Teachtaí eile, freisin, a labhair as Gaeilge, tagairt do cheist na hiascaireachta. Labhair an Teachta Mac Cuinneagáin faoina thábhachtaí atá sé an chosaint is fearr is féidir linn, a thabhairt don tionscal iascaireachta sa tír seo. Sin é mo thuairimse ar an scéal freisin. Ba mhaith liom an chosaint is fearr is féidir linn a thabhairt dóibh agus táimid á dhéanamh sin chomin fada agus is féidir linn faoi láthair.
Mar is eol do Theachtaí, níl ach trí báid againn agus ní féidir leo bheith i ngach áit san am céanna ach déanaimid ár ndícheall chun an chosaint cheart a thabhairt. Sílim go n-éiríonn linn é sin a dheanamh sách maith. Maidir le roinnt de na gearáin a gheibhimid mar gheall ar thráiléirí ó thíortha eile a bheith ag obair lastigh don teorann trí mhíle, ní bhíonn siad go léir ceart. Uaireanta ní bhíonn eolas ceart ag na daoine a dhéanann na gearáin sin. Nuair a fhéachann muinitir na Seirbhíse Cabhlaigh isteach sa scéal uaireanta gheibheann siad amach nach bhfuil an dií á briseadh ag na tráiléirí sin ar chor ar bith.
Labhair an Teachta Mac Cuinneagáin freisin faoi cheist na teorann trí mhíle agus bhí in aigne aige gur cóir í a leathnú amach go sé mhíle slí. Ní ceist í sin donn Roinn Cosanta. Rud eile adúirt an Teachta go mba mhaith liom tagairt a dhéanamh dó dúirt sé go mbeadh sé níos fusa an chosaint is fearr a thabhairt dá leathnófaí an teorainn go sé mhíle slí. Níl sé sin fíor. Ní mar sin atá sé ar chor ar bith. Bheadh sé i bhfad nios deacra teorainn sé mhíle slí a chosaint ná an teorainn trí mhíle slí atá againn faoi láthair.
Is féidir liom aontú leis an moladh a tugadh don F.C.A. Níl aon mholadh ró-ard dár féidir a thabhairt don Fhórsa sin. Tá siad ag tabhairt seirbhís thábhactach don Stát agus gheibheann an Stát an tSeirbhís sin go han-saor. Tá caighdeán an-árd ag an bhFórsa sin. Bhí an caighdeán chomh hárd sin go raibh ar ár gcumas i mbliana iad a chur ar an gcéim chéanna leis na buan-óglaigh agus tá an scéim chun iad a thabairt isteach ar an gcéim chéanna leis na buan-óglaigh ag dul ar aghaidh. Tá muid buíoch freisin do na Teachtaí sin a labhair ar an F.C.A. agus as na moltaí a thug siad don Fhórsa sin. Rinne cuid acu tagairt do na héadai a bhíos le caitheamh acu. Ba mhaith liomsa, freisin, iad a dhéanamh níos fearr, ach ceist an-deachair í sin. Rinne mé tagairt, freisin, do champaí samhraidh.
Labhair roinnt Teachtaí mar gheall ar an scoil do phrintísigh I Nás na Ríogh agus i mBaile Uí Dhomhnaill agus ar an traenáil atá a thabairt don Chór Comharthaíochta sa Churrach. Aontaím leis an méid a dúirt na Teachtaí faoi na scéimeanna sin. Tá traenáil an-thábhachtach agus anluachmar á thabhairt do na buachaillí sna háiteacha sin. Molaim do Choistí Gairm-Oideachais suim do chur ins na scéimeanna sin. Dhein Teachta éigin tagairt do chearcaláin a chur amach. B'fheidir go mba mhaith an rud é sin a dhéanamh ach tá fhios ag na Teachtaí go gcuirtear fógraí sna páipéirí gach bliain ag iarraidh iarrthóirí do na scéimeanna sin agus níl móran deachrachta ann chun an líon iarrthóirí is gá a fháil. Tá mé cinnte go dtugann na múinteoirí sna scoileanna gairm-oideachais aire do na fógraí sin agus go gcoimeádann siad faoina mbráid iad agus go n-innsíonn siad do na scoláirí go bhfuil iarrthoirí á thabhairt isteach. Is mór an trua nach féidir linn a thuilleadh a thabhairt isteach mar, faoi mar adúras cheana, tá traenáil an-thábhachtach á fháil ag na daoine sin. Ní dóigh liom gur féidir liom aon athrú a dhéanamh ar an scéim sin faoi láthair.
Labhair roinnt mhaith Teachtaí mar gheall ar an mBuíon Ceoil san Arm. Tugadh ard-mholadh dóibh. Bí na Teachtaí go léir i bhfábhar an Bhuíon Cheoil a chuir amach ar cuairteanna ar fud na tire, níos mó ná mar a dhéanann siad, i dtreo go mbeadh caoi ag an bpobal i gcoitonne iad a fheiceáil agus go ndéanfaí bolscaireacht don Arm sa tslí sin. Tógtar isteach daoine sa Bhuíon Ceoil sa talí chéanna ina dtógtar isteach printísigh i mBaile Uí Dhomhnaill agus i Nás na Ríogh. Tógtar isteach iad mar bhuachaillí óga. Dúirt mé nach bhfuil aon deacracht ann iarrthóirí phrintísigh a fháil ach ní mar sin atá an scéal ag an mBuíonn Ceoil. Tá sé deachair go leór iarrthóirí a fail don Bhuíon Ceoil. Ba mhaith liom go ndéanfadh Teachtaí aon rud is féidir leo chun níos mó iarrthóirí fháil don scoil cheoil, agus dá bhféadfaidís aon rud a dhéanamh chun eolas ar an scoil a leathnú i measc na mbuachaillí ina ndáilcheantair féin, bhéinn buíoch díobh ach é sin do dhéanamh. Cuirfear fógraí sna páipéir, freisin, maidir leis sin.
Rinne an Teachta Ó Dúbhlaoich tagairt do ghearáin atá ann maidir le hárdú céime san Airm ach ní raibh sé ró-chruinn maidir le céard a bhí i gceist agus nílim cinnte an raibh sé ag tagairt d'oifigigh nó d'oifigí neamhchoimhisiúnta. B'fhéidir go gcuirfeadh sé in iúl dom céard é go díreach a bhí i gceist aige, agus má tá aon rud bun ós cionn geallaim dó go ndéanfar iniúchadh air. Má tá aon rud mí-cheart, féachfaid mé chuige ná leanfar den scéal.
I can thank Deputies who spoke for the manner of their approach to the Estimate. It was apparent that they desired to be helpful with regard to the important matters that come within the ambit of the Department of Defence. I can be thankful for helpful suggestions and for the attitude of Deputies in general. It would be too much to expect that there would not be some exception in that respect. While Deputies paid tribute to the members of the permanent Defence Forces, the First Line Reserve and An Fórsa Cosanta Aitiúil, there was, of course, the notable exception of Deputy O.J. Flanagan who chose, instead, to heap abuse on the members of the permanent Defence Force in regard to the manner in which they perform their duty. That was a notable exception and possibly the best thing to do would be to ignore it because Deputy O.J. Flanagan's disapproval and scorn is hardly likely to have any great effect.
Many people would prefer to have Deputy O.J. Flanagan's disapproval than his approval and certainly I do not feel that the members of the Army will suffer in any way in the estimation of the public because Deputy O.J. Flanagan thinks so very little of them. While I intend largely to ignore his contribution in that respect, I should be failing in my duty if did not refute his imputation of cowardice to the members of the Defence Forces.