Tairgim go léifear an Billean Dara hUair anois.
Táan Bille seo á thabhairt isteach chun Achtanna na dTithe (Gaeltacht), 1929-1953, a leasú agus a leathnú. Is é príomh-aidhm an Bhille an Ghaeltacht a thabhairt ar aon chéim tithíochta leisan tír i gcoitinne. Nuair a bunaíodh an Stást seo, bhí cúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht ar gcúl go mór i gcomórtas leis an gcuid eile den tír. I dTuarascáil Choimisiúin na Gaeltachta, 1926, moladh córas speisialta Státchabhrach a bhunú leis an scéal a leigheas. Glacadh leis an moladh agus, dá thoradh sin, ritheadh Acht na dTithe (Gaeltacht), 1929. Is féidir a rá gurb é an tAcht sin cairt na Gaeltachta i gcúrsaí tithíochta. Faoin Acht sin, cuireadh buntáistí speisialta ar fáil do mhuintir na Gaeltachta chun tithe nua a thógáil agus chun tithe d'fheabhsú. Leasaíodh an tAcht ó am go chéile agus, de thairbhe an cúnamh a cuireadh ar fáil, tógadh ós cionn 5,000 tithe agus feabhsaíodh beagnach 5,000 eile ar chostas milliún punt i ndeontais agus ceathrúmilliúin punt in iasachtaí, faoi 31 Márta, 1959. D'ainneoin a ndearnadh, áfach, tá go leor le déanamh fós. Meastar gur gá timpeall 3,000 teach nua eile a thógáil agus timpeall 5,000 teach d'fheabhsú, faoi na hAchtanna.
Tá aidhm an-tábhachtach eile ag an mBille seo. Is beag saibhreas aicionta atá sa Ghaeltacht ach tá saibhreas Gaeilge ann d'fhéadfái a shaothrú i bhfad níos tréine ar mhaithe le cúrsaí eacnamúla mhuintir na Gaeltachta. Tá a fhios ag na Teachtaí go bhfuil béim á leagadh, sna Meánscoileanna, ar labhairt na Gaeilge. Chítear domsa go mbeidh a thoradh sin le braith go mór sa Ghaeltacht agus go mbeidh níos mó cuairteoirí ná riamh cheana ag dul ann ag foghlaim nó ag cleachtadh na Gaeilge. Is ceart lán-leas a bhaint as sin ar mhaithe le muintir na Gaeltachta.
Faoi láthair, áfach, níl dóthain de chóiríocht feiliúnach sna límistéirí Gaeltachta le freastal ar aon mhéadú mór a thiocfadh ar líon na gcuairteoirí. Tá beartaithe sa Bhille seo, cúnamh a sholáthar do mhuintir na límistéirí sin le go gcuirfear ar fáil an chóiríocht a bheas riachtanach. Faoi na hachtanna cheana féin, is féidir cúnamh d'fháil chun seomra breise, le haghaidh cuairteoirí, a chur le teach cónaithe. Beartaítear cur leis an gcúnamh sin, sa Bhille seo. Ina theannta sin, beartaítear cúnamh de chineál nua ar fad a chur ar fáil. Tá go leor teaghlach ann arbh fhearr go mór leo teach a thógáil ar cíos sa Ghaeltacht ná dul ar lóistin ann. Tá tithe feiliúnacha den tsórt sin gann go maith agus, mar sin, tá beartaithe agam cúnamh a chur ar fáil chun go dtógfaidh muintir na límistéirí Gaeltachta iostáin saoire nó chalets lena ligean ar cíos do chuairteoirí. Bhéarfadh sé sin teacht isteach railta dóibh i míosanna an tsamhraidh. Tá beartaithe agam freisin cúnamh a chur ar fáil do chomhluchtaí aitheanta le brúnna a thógáil sna límistéirí Gaeltachta chun buíonta cuairteoirí nó scoláirí a thabhairt chuig an nGaeltacht. Chuideodh na nithe sin uile le caighdeán maireachtála níos fearr a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta.
Ní dhearnadh méadú ar bith ar na deontais, i leith teach nua a thógáil, a cuireadh ar fáil faoi Acht, 1949, d'ainneoin an méadú mór a tháing ar chostais i gcoitinne idir an dá linn. Thagair mé anois díreach don mhéid tithe nua a theastaíonn fós sa Ghaeltacht. Leis an scéal a leigheas, tá beartaithe faoi Alt 2 (1) den Bhille cúnamh breise a chur ar fáil—na deontais atá ann faoi láthair a mhéadú £25 i gcás tí chónaithe nach gcuirtear soláthar uisce agus saoráidí séarachais isteach ann agus freisin I gcás tí chónaithe a gcuirtear ann iad ach a bhfuil uisce-sholáthar nó seirbhísí séarachais poiblí ar fáil; na deontais a mhéadú £50 i gcás tí chónaithe ina gcuirtear soláthar uisce agus saoráidí séarachais agus nach bhfuil uisce-sholáthar ná seirbhísí séarachais poiblí ar fáil. Beartaítear freisin faoin Alt céanna suim bhreise nach mó ná £100 a chur ar fáil i leith seomra folctha feistithe a chur leis an teach. Ceapaim gur mhór an gar a leithéid agus gurbh fhearrde sláinte an líontí é.
Tá i gceist faoi Alt 2 (2) na deontais i leith teach cónaithe d'fheabhsú a mheadú £30 sa chaoi go mbeidh deontais nach mó ná £110, £130 agus £150, faoi seach, le fáil do réir mar a bhíos 3 sheomra, 4 sheomra nó 5 sheomra nó níos mó sa teach. Thagair mé cheana don mhéid tithe ar gá iad d'fheabhsú agus tuighfidh na Teachtaí go bhfuil sé an-tábhachtach i gceantair inar gá go leor tithe nua a thógail, go gcoinneofar na tithe atá ann cheana i ndea-dheis. Is chuige sin a beartaítear an cúnamh breise seo a chur ar fáil.
Faoi Alt 3 d'Acht 1929, arna leasú le hAlt 3 (1) d'Acht 1953, cuireadh deontas sláintíochta £50 ar fáil i leith soláthar uisce agus saoráidí séarachais a chur isteach i dteach cónaithe. Bhí an deontas céanna le fáil faoi Achtanna na dTithe (Ginearálta) suas go 1956. Méadaíodh ansin é go £60 agus, ina theannta sin, cuireadh an cúnamh ar fáil ina dhá dheontas freisin—£40 i leith soláthaír uisce agus £20 i teith saoráidí séarachais. Faoi Acht na dTithe (Ginearálta) (Leasú), 1958, méadaíodh na deontais sin go £50 agus £25 faoi seach nó £75 mar chomhdheontas. Tá bearthaithe faoi Alt 3 (1) den Bhille seo dhá dheontas nó comhdheontas a chur ar fáil mar leanas: £55, £30 agus £85, faoi seach. Tá bearthaithe freisin deontas nach mó ná £140 a chur ar fáil i leith seomra folctha a chur isteach. Tuigfear gur mhór an buntáiste a leithéid, go háirithe i dteach a mbeadh cuairteoirí le fanacht ann.
Is iomaí teach a bhfuil soláthar uisce nó saoráidí séarachais ann atá i riocht mí-fholláin nó atá lochtach ar shilí eile. Beartaítear faoi Alt 3 (1) freisin deontas nach mó ná £40 a chur ar fáil lena leithéid d'fheabhsú.
Faoi Acht 1953, cuireadh deontas nach mó ná £80 ar fáil i leith seomra breise le haghaidh cuairteoirí a chur le teach cónaithe. Níor baineadh an leas a raibh súil leis as an deontas sin —toisc laghad an deontais, measaim. Tá bearthaithe agam anois é a mhéadú agus a leathnú mar a luaitear sa Táible a ghabhann le Alt 3 (1). Ós rud, áfach, gur cuairteoirí a mbeadh suim acu sa teanga atá i gceist, beartaítear nach mbainfidh an cúnamh seo ach leis na limistéirí atá sceidealta in Ordú na Límistéirí Gaeltachta, 1956.
Faoi láthair, is féidir iasacht nach mó ná £100 a thabhairt i dteannta deontais tógála agus iasacht nach mó ná £40 i dteannta deontais feabhsúcháin nó deontais leathnúcháin speisialta. Faoi Acht 1949 a cuireadh na hiasachtaí sin ar fáil agus ní leor anois iad ar chor ar bith. Tá cuid mhaith teaghlach sa Ghaeltacht atá ina gcónaí i dtithe mí-fholláine nár leor na hiasachtaí sin i dteannta an deontais chun teach folláin a chur ar fáil acu. Is le freastal ar chásanna den chiaeál sin a beartaítear nár hiasachtaí a thabhairt a luaitear in Alt 5 (1) agus (2) den Bhille .i. i gcás obair thógála, iasacht suas go comhmhéid an deontais agus, i gcás obair feabhsúcháin nó leathnúcháin speisialta, iasacht suas go dtí a leath de chostas measta na hoibre.
Cúnamh de chineál nua ar fad atá i gceíst in Alt 4. Thagair mé cheana don bhéim atá á leagadh sna Meánscoileanna ar labhairt na Gaeilge agus don mhéadú is ró-dhóigh a thiocfaidh ar líon na gcuairteoirí chun na Gaeltachta. Mar adúirt mé cheana, is iomaí teaghlach ann arbh fhearr leo teach a thógáil ar cíos sa Ghaeltacht ná dul ar lóistín ann—toisc, b'fhéidir, gurbh fhearr leo teach a bheith futhu féin nó toisc a leithéid a bheith níos saoire. Tá ganntanas tithe feiliúnacha den chineál sin ann agus, leis an mbearna a líonadh agus le teacht isteach rialta a sholáthar do mhuintir na límistéirí Gaeltachta, beartaítear deontas suas go £200 a chur ar fáil chun iostán saoire amháin le haghaidh cuairteoirí a thógáil. Is é an cineál iostáin atá i gceist, teach simplí dea-thógtha ar chostas réasúnach. I dteannta an deontais sin beartaítear, faoi Alt 5 (3), iasacht suas go £200 a chur ar fáil freisin i gcásanna inar gá sin. Is féidir gur mhaíth le daoine níos mó ná iostán amháin a thógáil agus, mar sin, beartaítear faoi Alt 5 (4) iasacht suas go £300 a chur ar fáil leis an dara ceann a thógáíl agus iasacht eile suas go £300 leis an triú ceann a thógáil, más mian.
Is cúnamh nua ar fad an cúnamh eile atá i gceist in Alt 4 freisin. Beartaítear deontas suas go £5,000 a chur ar fáil do chomhluchtaí aitheanta chun brú a thógáil sna límistéirí Gaeltachta. Ceaptar go mbeidh gá le cóiríocht den tsaghas sin le haghaidh buíonta scoláirí—lucht aonscoile, etc., nach mbeadh an chóiríocht i dtithe na ndaoine féiliúnach nó dóthaineach dóibh. Is é an cineál brú atá i gceist, áras a mbeadh cóiríocht chócaireachta, ite agus chodlata ann do bhreis is 20 duine.
Tá faoiseamh fiche bliain ó ardú rátaí le fáil faoi láthair ag deontaithe faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht) i leith obair a dhéanaid faoi na hAchtanna sin. Dá bhrí sin, do thiocfadh d'fheidhmiú an togra in Alt 3 (1) den Bhille, maidir le daoine nach sealbhairí ar thithe cónaithe iad, nach mbeadh rátaí ar bith le n-íoc ag deontaithe dá leithéid. Ina theannta sin, measaim nach gá a thuilleadh faoiseamh chomh mór a thabhairt. Mar sin, beartaítear in Alt 6 den Bhille sompla a ghlacadh Ó Acht na dTithe (Ginearálta), 1958, agus faoiseamh céimnitheach a thabhairt feasta i gcás obair thógála. Cé gur laghdú é ar an bhfaoiseamh atá le fáil faoi na hAchtanna faoi láthair, is mó é ná an faoiseamh faoi Achtanna na dTithe (Ginearálta). I gcás obair nach obair thógála, áfach, tá i gceist an faoiseamh d'fhágáil mar atá faoi láthair ach an tréimhse a laghdú Ó 20 bliain go 10 mbliain.
Faoi Alt 3 d'Acht 1929, ní féidir cúaamh a thabhairt faoina hAchtanna ach do dhaoine atá ina sealbhairí ar thithe cónaithe. Mar gheall ar an gcoinníoll sin, dob éigin cúnamh a dhiúltú do dhaoine mar lucht ceirde, iascairí agus mar sin de, a raibh ar intinn acu pósadh agus socrú síos sa Ghaeltacht. Is léir nach é leas na Gaeilge ná na Gaeltachta an coinníoll seo d'fhágáil ann. Níl aon choinníoll dá chineál ag baint le hAchtanna na dTithe (Ginearálta) agus tá beartaithe faoi Alt 3 (1) den Bhille seo nach mbainfidh an coíimíoll feasta le daoine sna límistéirí atá sceidealta in Ordú na Límistéirí (Gaeltacht), 1956.
Sa Sceideal d'Acht 1929, tá liostáilte na toghranna ceantair a chomhdhéanas an Ghaeltacht chun críocha Achtanna na dTithe (Gaeltacht). Níor leasaoídh an Sceideal Sin ó shoin agus tá sé as dáta go mór anois. I gcás go leor de na toghranna sin, ní bhfuarthas iarratas ar chúnamh tithíochta uathu le fada agus i gcás cuid eile acu níor ceadaíodh deontas le fada iontu toisc nár comhlíonadh an coinníoll sna hAchtanna i leith na Gaeilge. Tá a fhios ag na Teachtaí go bhfuil na límistéirí Gaeltachta arna gcinneadh anois le hOrdú faoi Alt 2 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1956. Bhí i gceíst ar cóir buntáistí na nAcht a choinneáil ar leithligh do na límistéirí sin. Tá roinnt teaghlach, áfach, i gceantair lasmuigh díobh arb í an Ghaeilge a ngnáththeanga teaghlaigh agus ba leasc líom, agus measaim nárbh é leas na teangan, na buntáistí faoi na hAchtanna atá ag na teaghlaigh sín a bhaint díobh. Mar sin, beartaím faoi Alt 7 den Bhille buntáistí na nAcht a choinneáil ar leithligh feasta do na contaetha ina gceadaítear na deontais de ghnáth.
Sin iad príomh-aidhmeanna agus príomh-fhorálacha an Bhille. Cuirim faoi bhráid an Tí é lena bhreithniú agus tá súil agam go nglacfar leis.