Tairgim go léifí an Bille athuair anois. Tá soláthar á dhéanamh leis an mBille chun méadú de £61.16s. a chur leis an bpinsean de £500 sa bhliain is iníoctha le baintreach Thoirdhealbhaigh Mhic Shuibhne. Is ionann an méadú sin agus an méadú a luaigh mé i leith baintreach le síniúir an Fhorógra 1916 agus dá bhfuil soláthar déanta le hAlt 17 den Bhille Arm-Phinsean.
Tá an méadú á íoc ón lú Lúnasa, 1959, i leith, ar Údarás Meastacháin Bhreise le haghaidh pinsean a ritheadh sa Teach seo ar an 22ú Iúil, 1959. Tá an Bille riachtanach chun údarás reachtúil a chur ar fáil don mhéadú.
The Bill provides for an increase of £61. 16s. in the pension of £500 per annum payable to the widow of Terence MacSwiney. The increase is the same as that which I mentioned in the case of the widow of a Signatory of the Proclamation of 1916 covered by Section 17 of the Army Pensions Bill.
The increase is being paid since 1st August 1959, on the authority of a Supplementary Estimate for pensions passed in this House on 22nd July 1959. The Bill is necessary to give statutory authority for the increase.