Tairgim.
Go ndeonofar suim fhorlíontach nach mó ná £34,500 chun íoctha an mhuirir a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1961, le haghaidh Pinsin Chréachta agus Mhíchumais, Pinsin Bhreise agus Pinsin Fear Pósta, Liúntais agus Aiscí (Uimh. 26 de 1923, Uimh. 12 de 1927, Uimh. 24 de 1932, Uimh. 15 de 1937, Uimh. 2 de 1941, Uimh. 14 de 1943, Uimh. 3 de 1946, Uimh. 19 agus 28 de 1949, Uimh. 23 de 1953, Uimh. 19 de 1957 agus Uimh. 15 de 1959, etc.); Pinsin, Liúntais agus Aiscí Seirbhíse Míleata (Uimh. 48 de 1924, Uimh. 26 de 1932, Uimh. 43 de 1934, Uimh. 33 de 1938, Uimh. 5 de 1944, Uimh. 11 agus 34 de 1945, Uimh. 7 agus 29 de 1949, Uimh. 5 de 1953 agus Uimh. 12 de 1957, etc.); Pinsin, Liúntais agus Aiscí (Uimh. 37 de 1936, Uimh. 9 de 1948, Uimh. 30 de 1950, Uimh. 27 de 1952, Uimh. 4 de 1953 agus Uimh. 17 de 1957, etc.); íocaíochtaí i leith Cúitimh do Chomhaltaí den Fhórsa Cosanta Áitiúil (Uimh. 19 de 1946, agus Uimh. 15 de 1949); Cúitimh Speisialta, agus le hagaidh Ranníocaí agus Costais iolartha ina dtaobh sin, etc.
Tá sé beartaithe sa Mheastachán Forlíontach seo foráil a dhéanamh le go n-íocfaí cnapshuimeanna áirithe sa bhliain airgeadais reatha do chleithiúnaithe athchomhaltaí de Óglaigh na hÉireann a maraíodh le linn dóibh bheith ar seirbhís le Fórsa na Náisiúin Aontuithe sa Congo nó a fuair bás de bharr créachtaí nó galair ba inchurtha i leith na seirbhíse sin. Tá sé ar intinn go n-íocfaí cnapshuimeanna de £2,000 más fir singil atá san áireamh agus de £3,500 más fir phósta iad, gan bacadh le céim, sa bhreis ar pé sochair a bheidh ag dul fé na hAchtanna Arm-Phinsean do chleithiúnaithe na ndaoine a luaitear. Chun teacht ar mhéid an Mheastacháin, £34,500, d'áiríodh gur dócha nó gur féidir go mbeidh cnapshuimeanna de £3,500 an duine d'á n-íoc do sheachtar baintreach agus de £2,000 an duine do chleithiúnaithe an chúigear fear singil. Síad na cásanna atá i dtreis ná oifigeach pósta amháin, oifigeach neamhchoimisiúnta amháin gan phósadh agus beirt phósta, agus beirt shaighdiúir phósta agus beirt gan phósadh a thuit sa ghleo; saighdiúir amháin gan phósadh, atá ar iarraidh agus gur dócha go bhfuil sé marbh, de dheasca an ghleo chéanna; oifigeach pósta amháin agus saighdiúir amháin gan phósadh a maraíodh trí thimpiste, agus oifigeach neamhchoimisiúnta pósta a fuair bás de thoradh ar obráid máinliachta. So chás deiridh seo, íocfar an cnapshuim, comh maith le sochair fé na hAchtanna Arm-Phinsean má cruthaítear gur tharla bás de dheasca galair ba inchurtha i leith seirbhíse. B'fhéidir go mbeidh cúiteamh á íoc glan díreach ag na Náisiúin Aontuithe i gcás an oifigigh a maraíodh trí thimpiste agus nach raibh ina chomhalta den 9ú Briogáid; má tharlaíonn sé amhlaidh, ní íocfaidh sinne é an dara huair. Mar a dúirt mé le déanaí ag freagairt ceiste a chuir an Teachta Mac Cosgair, tá rún againn aisíocaíocht a lorg óna Náisiúin Aontuithe ar pé íocaíochtaí a deintear.
Táim cinnte go n-aontóidh an uile Theachta le méid na gcnapshuimeanna atá beartaithe agus, mar sin, molaim an Meastachán Forlíontach seo don Teach.
The purpose of this Supplementary Estimate is to make provision for the payment during the present financial year of certain lump sums to the dependants of former members of the Defence Forces who either were killed while serving with the United Nations Force in the Congo, or died from wounds or disease attributable to such service. What is proposed is that, in addition to such benefits as the dependdants of the personnel referred to may be entitled to under the Army Pensions Acts, lump sums of £2,000 in the case of unmarried men and £3,500 in the case of married men, irrespective of rank, should be paid. The Estimate is for the sum of £34,500 and is based on the prospective or possible payment of lump sums of £3,500 each to seven widows and lump sums of £2,000 each to the dependants of five unmarried men. The cases involved are those of one married officer, one unmarried and two married non-commissioned officers, and two married and two unmarried soldiers killed in action; one unmarried soldier missing, and presumed dead, as a result of the same action; one married officer and one unmarried soldier killed accidentally, and one married non-commissioned officer who died following a surgical operation. In the last-mentioned case payment of the lump sum, as well as payment of benefit under the Army Pensions Acts, will depend on its being established that death was due to disease attributable to service. In the case of the officer who was accidentally killed and who was not a member of the 9th Brigade, it may be that compensation will be payable direct by the United Nations, in which event a second payment will not be made by us. As I stated recently in reply to a question asked by Deputy Cosgrave it is proposed to seek from the United Nations a refund of whatever payments are made.
I feel sure that all Deputies will agree with the contemplated amounts of the lump sums and I, therefore, commend the Supplementary Estimate to the House.