Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 25 May 1961

Vol. 189 No. 7

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Gaeltarra Éireann Board Meetings.

43.

asked the Minister for the Gaeltacht how many times the Board of Gaeltarra Éireann has met since its inception; what are the expenses each member has drawn since his appointment to the Board; and if he is satisfied the Board is a success.

Ós le gnáth-chúrsaí riaracháin Ghaeltarra Éireann a bhaineann an t-eolas atá á lorg ag an Teachta i dtaobh na gcruinnithe a bhí ag an mBord agus na n-íocaíochtaí a rinneadh leis na comhaltaí, ní mheasaim go mba chuí dom a iarraidh ar an mBord an t-eolas sin a sholáthar; maidir leis na cruinnithe áfach táim sásta go bhfuil an dualgas a fhoráltar ina leith sin faoi Alt a 14 den Acht, á chomhlíonadh ag an mBord; i dtaobh an bhfuil rathúnas ar stiúradh na dTionscal ag an mBord, sé mo thuairim go bhfuil, má chuimhnítear ar an dualgas sóisialta atá leagtha air, sé sin tionscail a thionscnamh agus a choinneáil ar bun in áiteacha iargúlta.

Is the Minister satisfied that the Board which for 1958/59 published a false and misleading account of their transactions can be regarded as a success?

Sin ceist eile.

Beidh caoi ag an Teachta nuair a thagann an Meastachán ós cóir an Tí.

Top
Share