Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 19 Jul 1961

Vol. 191 No. 8

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Oifigigh Neamhchoimisiúnta san Arm: Scéim chun Coimisiúin a Bhronnadh.

37. D'fhiafraigh

den Aire Cosanta an dtabharfaidh sé sonraí na scéime chun coimisiúin a bhronnadh ar oifigigh neamhchoimisiúnta san Arm: agus cén uair a chuirfear tús leis an scéim.

Faoi an scéim seo, roghnóidh Bórd Agallaimh nach mó ná fiche oifigigh neamh-choimisiúnta agus ceapfar iad mar oifigigh i gcéim Dara-Lefteanaint Glacfar le hiarratais ar na ceapacháin seo ó na hoifigigh neamh-choimisiúnta sin amháin a bhfuil tréimhse áirithe seirbhíse tugtha acu, atá faoi bhun aois teorainn ar leith, a bhfuil an tsláinte go maith acu agus ar éirigh leo i scrúdú de chaighdeán nach lú ná caighdeán an Teastais Oideachais Airm den tarna grád. Sar a gceapfar iad, beidh ar na hiarrthóirí a roghnófar cúrsa bliana do ábhair oifigigh a chríochnú go sásúil. Cuirfear tús leis an gcursa seo comh luath agus is féidir i 1962.

An mbeidh aon bhuntáiste ag na daoine go bhfuil tréimhsi fada caithte acu san Arm?

Caithfidh 9 mbliana seirbhíse a bheith tugtha acu sar a roghnófar iad.

Top
Share