Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 15 Feb 1962

Vol. 193 No. 2

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Donegal Island Pier Facilities.

81.

asked the Minister for the Gaeltacht if it is proposed to carry out urgent and necessary repairs at Purtaruin, Gola Island, County Donegal; and, if so, when.

Tá ceist feabhsuithe na saoráidí calaíochta ar Oileán Gabhla, ar a n-áirítear iad siúd ag Port a' Chruinn, á scrúdú ag mo Roinn-se agus tá iarrtha ar Oifig na nOibreacha Poiblí suirbhéireacht innealtóireachta a dhéanamh agus meastachán costais agus comhairle a chur ar fáil. Níl ar mo chumas a rá go fóill cathain a tabharfar breith ar an gceist.

An bhfuil fhios ag an Aire go bhfuil na h-iascairí is fearr atá le fáil morthimpill na tíre nó timpeall Conntae Dún na nGall in a gcónaí ar an oileán seo? Tá iliomad bád acu ach níl áiseanna ceart cuan acu. Do raghadh forbairt Cuan Portaruin chun tairbhe dhóibh. Ar an ábhar sin, an ndéanfaidh an tAire deimhneach de go ndéanfar deisiúcháin phráinneach a roimh tosnú séasúir na scadáin an tsamhraidh seo chughainn?

Tá fhios ag an Teachta go bhfuilimíd ag brath ar fhoireann innealtóiri Oifig na nOibreacha Poiblí agus go bhfuil ganntanas innealltóirí san áit sin. Féacfaimid isteach sa cheist chomh luath agus is féidir é a dhéanamh. Táimid ag fanacht ar meastachán.

An ndéanfar é roimh an tsamhraidh seo chughainn, roimh séasúir na h-iascaireachta?

Chomh luath agus is féidir.

Top
Share