Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 8 Mar 1962

Vol. 193 No. 8

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Bunú Meánscoil Nua.

66. D'fhiafraigh

den Aire Oideachais an méid airgid Stáit atá le fáil chun meánscoil nua a bhunú; agus na deontais a bhíonn le fáil ón Stát nuair a bhíonn an scoil bunaithe.

Is fundúireachta príobháideacha na meánscoileanna agus an cúnamh airgeadais a tugtar dóibh is i bhfoirm deontas capaitíochta agus deontas eile a íoc leis na bainisteoirí agus breisthuarastal a íoc leis na múinteoirí atá sé. Tá faisnéis faoi na deontais chapaitíochta agus na deontais eile sa leabhrán "Rialacha um Deontais d'Ioc le Meánscoileanna" agus faoin bhreistuarastal sa leabhrán "Rialacha um BreisThuarastal d'Ioc le Meán Mhúinteoirí."

Top
Share