Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 8 Mar 1962

Vol. 193 No. 8

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Caitheachas Stait ar Oideachas.

67. D'fhiafraí

den Aire Oideachais an méid airgid Stáit a chaitear chun oideachas a sholáthar do dhalta (a) mbunscoil, (b) i gceard-scoil, (c) i meánscoil, agus (d) in ollscoil.

Sa bhliain 1960/61—an bhliain is déanaí go bhfuil na figiúirí ar fáil ina leith—do chaith an Stát chun oideachas a sholáthar do dhalta (a) £24 i mBunscoil, (b) £36 10s. i Meán-scoil, (c) £96 in Ollscoil.

Toisc go bhfuil idir daltaí lánaimsireacha agus páirtaimsireacha lae agus daltaí páirt-aimsireacha oiche sna Ceárd-scoileanna, ní féidir figiúir go mbéadh aon chruinneas ag baint leis a sholáthar i gcás na scol san.

Top
Share