asked the Minister for the Gaeltacht what steps have been taken to provide a pier at Teacmore, Lettermullen, County Galway.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Lettermullen (Galway) Pier.
42.
Tá an cheist i dtaobh fánán a thógáil ag Teach Mór á scrúdú ag mo Roinn le tamall anuas. Tá iarrtha ar Oifig na nOibreacha Poiblí suirbhéireacht a dhéanamh sa chás agus tuarascáil innealtóireachta maille le meastachán costais a sholáthar. Nuair a gheobhfar an freagra ón Oifig sin, pléifear an scéal le dreamanna eile a bhfuil baint acu leis agus tabharfar breith sa chás a luaithe is féidir.