Tairgim.
Go ndeonófar suim nach mó ná £436,660 chun slánuithe na suime is gá chun íoctha an mhuirir a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31 Márta, 1964, le haghaidh Tuarastal agus Costas Roinn na Gaeltachta maille le deontais le haghaidh Tithe agus Ildeontais-i-gCabhair.
Taispeánann an caiteachas a meastar don bhliain seo méadú de £15,710 ar an soláthar a rinneadh don bhliain seo caite. Tá méadú sa soláthar a moltar le haghaidh tithe Gaeltachta, scéimeanna feabhsúcháin, seirbhísí iompair, coláistí Gaeilge agus taispeántais drámaíochta Gaeilge agus tá soláthar nua á dhéanamh chun cabhrú le daltaí Gaeltachta a théann ar chúrsaí oiliúna áirithe.
Faoi Fho-Mhírcheann C déantar soláthar de £191,250 le haghaidh deontas faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht). Is méadú é sin de £6,200 ar an soláthar a rinneadh anuraidh. Sa bhliain airgeadais 1962/63 críochnaíodh 129 tithe nua, feabhsaíodh 261 tithe, cuireadh soláthar uisce i 221 tithe, cuireadh saoráidí séarachais i 220 tithe, cuireadh seomraí folcaidh feistithe le córas uisce te i 237 tithe, feabhsaíodh an córas sláintíochta i 9 tithe agus rinneadh méadú speisialta ar 36 tithe. Fuarthas os cionn 1,700 iarratais nua i rith na bliana. Tá an caiteachas faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht) ag dul i méid ó bhliain go bliain agus sa bhliain 1962/63 caitheadh £181,111 gcomparáid le caiteachas de £160,035 sa bhliain 1961/62 agus caiteachas de £136,000 sa bhliain roimhe sin. Meastar go mbeidh an caiteachas níos mó fós i mbliana agus tá mé ag lorg £191,250 chuige. Áirítear san iomlán sin suim £17,000 a meastar a caithfear i mbliana ar bhrúnna agus seallaí saoire.
Ó tháinig an scéim sin i bhfeidhm ceadaíodh deontais i gcás 7 mbrúnna agus tá 3 iarratais faoi bhreithniú i láthair na huaire. I gcás na seallaí ceadaíodh deontais i 20 cás go dtí seo agus tá 15 iarratais faoi bhreithniú.
As Fo-mhírcheann D a cuirtear airgead ar fáil le haghaidh na scéimeanna feabhsúcháin sa Ghaeltacht. Bunaítear na meastacháin sna cúrsaí seo ar na meastacháin a gheibhtear óna heagrais éagsúla, go háirithe na húdaráis áitiúla agus na Ranna eile Stáit, ar a mbíonn cúram feidhmithe na scéimeanna sin. D'ainneoin dícheall na n-eagras sin is annamh a cuirtear na scéimeanna seo uilig a gcrích laistigh den am a bhíonn measta dóibh toisc go mbíonn rudaí i gceist i bhfeidhmiú na scéimeanna seo nach bhfuil smacht iomlán ag lucht a riartha orthu, mar shampla—an aimsir, ganntanas foirne teicniúla, deacrachtaí teidil, cearta slí, etc., a chuireann moill ar an obair. Beidh rudaí do-sheachanta den tsort seo ann i gcónaí agus dá bhrí sin d'fhonn an meastachán a bheith chomh gairid agus is féidir don chaiteachas is dócha a tharlóidh, socraíodh ar shuim £22,000 a bhaint den fho-mhírcheann. Fágann sé sin gur suim £118,000 glan a bheidh ar fáil i gcóir na bliana d'ainneoin gur £140,000 an costas measta do na scéimeanna uilig. Ní fhágann sé sin, ámh, go bhfuil baol ar bith ann go gcaithfear aon cheann de na scéimeanna a fhágáil gan críoch-nú cheal airgid. Airgead ar bith a fágfar gan caitheamh i rith na bliana faoi ghné amháin den fho-mhírcheann féadfar é a aistriú chun a chaite faoi ghné eile, más gá sin.
Ba mhaith liom cur síos gairid a dhéanamh ar na scéimeanna san ord ina bhfuil tagairt dóibh i Leabhar na Meastachán:
Suim £45,000 a meastar a caithfear i mbliana ar scéim na mbóthar. Is méadú de £5,000 é sin ar an soláthar a bhí ann anuraidh. Den mhéadú sin, tá tuim speisialta de £3,000 á sholáthar le haghaidh na mbóthar ar na hoileáin de dhroim cinneadh Rialtais ina thaobh sin ar mholadh Choiste Eadar-Roinne na nOileán. Níor íocadh ach tuairim £33,000 as an soláthar de £40,000 a bhí ann anuraidh le haghaidh bóithre. An droch-aimsir a tharla i rith an gheimhridh seo caite ba mhó ba chúis leis an laghdú sin.
Suim £20,000 a meastar a caithfear i mbliana ar scéimeanna uisce-shol-áthair agus séarachais, is é sin, méadú £5,000 ar sholáthar na bliana seo caite. Os deontais 25 faoin gcéad den chostas atá á n-íoc ag an Roinn i leith furmhór na scéimeanna seo chaithfeadh na húdaráis áitiúla obair ab fhiú £80,000 san iomlán a chur i gcrích i rith na bliana sna cúrsaí seo sara mbeidís i dteideal deontais £20,000 san iomlán.
Tá méadú de cheithre mhíle punt, sé sin, ó £14,000 go dtí £18,000, sa soláthar atá á dhéanamh le haghaidh muir-oibreacha i mbliana. Is é cúis leis sin ná an feabhsú atá beartaithe a dhéanamh ar shaoráidí calaíochta i gCill Rónáin, áit a bhfuil i gceist faid a chur leis an bpiara ar chostas tuairim £50,000. Meastar go mbeifear in ann tús a chur leis an réamh-obair sin i mbliana agus tá soláthar chuige sin á dhéanamh. Leanfar, dar ndóigh, den ghnáth-obair fheabhsúcháin i gcás mion-oibreacha mara. Is í Oifig na nOibreacha Poiblí a dhéanann na mion-oibreacha mara de ghnáth thar ceann na Roinne agus is í an Oifig sin freisin a dhéanfaidh an obair i gCill Rónáin.
Faoi scéim na dtithe gloine tá conradh déanta chun trealamh téacháin a chur isteach i 25 tithe i gCo. Dhún na nGall, agus tá mé ag súil go gcríochnófar an obair sin i mbliana. Tógadh 194 tithe faoin scéim seo go nuige seo agus tá córas téacháin curtha nó á chur isteach i 78 díobh. Maidir leis na tithe a ndearnadh damáiste mór stoirme dóibh i gConamara agus i dTuar Mhic Éadaigh, tá socraithe idir láimh chun iad a atógáil agus tá beartaithe dul ar aghaidh anois chomh tapaidh agus is féidir é leis an obair sin. Ní féidir liom a rá go cinnte cén fhaid eile a thógfaidh atógáil na dtithe ach déanfar gach dícheall é a chur i gcrích i mbliana chun go mbeidh siad réidh le haghaidh séasúir fáis na bliana seo chugainn.
Suim £1,000 a meastar a chaithfear ar na deontais i leith cránacha agus síolta a dháiltear faoin scéim seo. Meastar go mbeidh timpeall 50 cráin ag teastáil i mbliana agus is cránacha de chaighdeán níos airde fós ná iad sin a dáileadh go dtí seo a dáilfear. Ó thús na scéime dáileadh 450 cráin san iomlán agus, de réir gach tuairisc, d'eirigh go maith lena bhfurmhór mór.
Chífear go bhfuil méadú £2,000 as soláthar atá á dhéanamh le haghaidh scéimeanna talmhaíochta eile faoin bhfo-mhírcheann. Is é faoi ndear sin ná an t-éileamh méadaithe a bhí ar an scéim a tionscnaíodh chun talamh féaraigh a fheabhsú sa Ghaeltacht le cúpla bliain anuas, agus fós socruithe bheith déanta chun téarmaí chuid B de Scéim Chonamara de Thionscadal na Talún a leathnú go dtí na limistéirí Gaeltachta uilig amhail ón lú Márta, 1963. Tá scéim maoth-thorthaí na Roinne leasaithe freisin i gcaoi is gur féidir leis an Roinn anois deontais suas go dtí £500 a íoc in aon chontae in aon bhliain áirithe i leith fás aon sórt maoth-thorthaí nó glasraí. Maidir leis an scéim chun talamh féaraigh sa Ghaeltacht a fheabhsú, íocann an Roinn deontais caoga faoin gcéad den chostas i leith leasú saorga a thabhairt, i gcomhréir le tástáil ithreach, le haghaidh plásán ó acra amháin go dtí trí acra an ceann. Tá an-éileamh ar an scéim agus cheana féin feabhsaíodh 1,078 plásáin darb achar 2,363 acraí.
Ba léir dom le tamall anuas go raibh géar-ghá leis na foirgintí feirme sa Ghaeltacht a fheabhsú agus nach raibh muintir na Gaeltachta ag baint mórán tairbhe as an scéim atá ag an Roinn Talmhaíochta de bhrí, is dócha, nach leor dóibh an chabhair a tugtar faoin scéim sin. Tar éis an scéal a scrúdú i gcomhar leis an Roinn Talmhaíochta, tá socrú á dhéanamh anois chun scéim foirgintí feirme na Roinne sin a oibriú sna limistéirí Gaeltachta ar théarmaí speisialta. Beidh deontais 50 faoin gcéad níos airde ná na gnáth-dheontais a íoctar faoin scéim le fáil ag Gaeilgeoirí sna ceantracha sin agus íocfaidh Roinn na Gaeltachta an t-airgead breise a bheidh i gceist. Tá súil agam go dtiocfaidh tairbhe don Ghaeltacht as an socrú sin.
Tá soláthar £15,000 á dhéanamh le haghaidh meánscoileanna i mbliana. Ó cuireadh tús leis an scéim sa bhliain 1958 tógadh nó leathnaíodh 8 meánscoileanna sna limistéirí Gaeltachta le cabhair ón Roinn. Cuireadh deontais os cionn £37,500 san iomlán ar fáil i leith na n-oibreacha sin.
Tá soláthar £10,000 á dhéanamh arís i mbliana le haghaidh hallaí siamsa. Faoin scéim seo tugtar deontas de 80 faoin gcéad den chostas nó £5,000, pé acu is lú, mar chabhair chun halla siamsa a thógáil, a fheabhsú, a leathnú nó a fheistiú. Iocadh deontais arbh fhiú £12,255 iad san iomlán faoin scéim seo ó cuireadh tús léi sa bhliain 1960/61 agus fuair 6 hallaí tairbhe na ndeontas sin. Tógadh ceithre hallaí nua faoin scéim.
Faoi Fho-Mhírcheann E den mheas-tachán tá soláthar chun deontais bheaga a thabhairt le haghaidh imeach-taí cultúrtha agus sóisialacha, mar shampla deontais le haghaidh feiseanna, féilte drámaíochta nó d'fhonn scoláireachtaí Gaeltachta a bhronnadh ag feiseanna agus cabhair a thabhairt do choistí áitiúla sa Ghaeltacht chun oirnéisí ceoil agus a leithéid a chean-nach.
Már chúnamh breise do dhaltaí meánscoile sna limistéirí Gaeltachta ceapadh scéim sa bhliain 1961 faoina dtugtar deontais bhliantúla, suas go dtí £500 in aghaidh na scoile, chun cabhrú le húdaráis meánscoile sna lim-istéirí Gaeltachta seirbhís iompair a chur ar fáil do dhaltaí lae. Ceapadh i mbliana nár mhiste buntáistí na scéime sin a thabhairt freisin do dhaltaí Gaeltachta a dhéanann freastal ar chúrsaí lae sna gairmscoileanna agus tá sé sin déanta anois. Tá soláthar £4,000 á dhéanamh ina leith sin i bhFó-mhírcheann F agus soláthar £5,000 á dhéanamh d'fhonn cóir iompair a chur ar fáil do dhaltaí meánscoile sa Ghaeltacht. Tá soláthar sa scéim freisin faoina bhféadfar teacht i gcabhair i gcásanna áirithe ar dhaltaí ó na limistéirí Gaeltachta a mbíonn orthu freastal ar mheánscoil nó ar cheardscoil atá gairid dóibh ach nach bhfuil suite sna limistéirí Gaeltachta.
Déantar soláthar £1,000 faoin bhFo-Mhírcheann seo chomh maith i leith seirbhísí tarchuir idir Oileán Cléire agus Dún na Séad. Is ar choth-abháil an bháid, ar leis an Roinn é, a chaithfear an t-airgead seo.
Níl aon athrú ó anuraidh ar an soláthar £48,000 i gcás an deontais £5 agus ní dóigh liom gur gá éinní speisialta a rá ina thaobh.
Déantar soláthar £10,000 faoi Fho-Mhírcheann H le cabhrú chun foir-gintí a thógáil, a shealbhú, a oiriúnú agus a fheistiú mar choláistí Gaeilge. Go dtí seo tá £12,053 caite ag an Roinn faoin scéim agus má leantar ar aghaidh leis na tograí atá beartaithe i gcóir na bliana seo caithfear an £10,000 atá á sholáthar sa mheas-tachán seo.
Tá suim £100,000 á cur ar fáil mar dheontas-i-gcabhair do Ghaeltarra Éireann arís i mbliana. Cuirtear an t-airgead seo ar fáil chun caiteachas reatha an Bhoird a shlánú, agus ní miste a rá go gcaitear é chun riaradh ar ghnóthaí de shaghas scéimeanna printíseachta agus tréineála agus forbartha agus, freisin, chun freastal ar aon uireasa a tharlaíonn sna gnáth-chúrsaí trádála.
Mar a foráltar san Acht is féidir airgead a chur ar fáil don Bhord ón bPríomh-Chiste le haghaidh cuspóirí caipitil agus sa bhliain seo caite cuireadh £30,000 ar fáil chuige sin. Ar ndóigh, aisíocann an Bord an t-airgead sin agus ús air. Ón uair a bunaíodh an Bord tugadh iomlán de £180,000 ar airleacan dó, agus tá an t-iomlán a bhí dlite go dtí deireadh Márta seo caite aisíoctha cheana, sé sin, £25,603 idir bun-airgead agus ús.
Níor foilsíodh cuntais an Bhoird don bhliain airgeadais seo caite go fóill ach tuigtear dom go dtáinig feabhas ar chúrsaí gnótha an Bhoird i gcaitheamh na bliana agus ar an bhfostaíocht sna tionscail atá á reach-táil acu. Leagfar Tuarascáil agus Cuntais an Bhoird faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir agus beidh gach eolas faoi imeachtaí an Bhoird i rith na bliana seo caite le fáil iontu siúd.
Tugtar cabhair airgid faoi Fho-Mhírcheann L ar mhaithe leis an drámaíocht Ghaeilge. Tá an soláthar méadaithe i mbliana ó £3,500 go dtí £5,000 chun deontas reachtála £1,500 a chur ar fáil don Amharclann nua i nGaoth Dobhair. Tá cúnamh á thabhairt cheana do Thaibhdhearc na Gaillimhe agus do chumainn bheaga drámaíochta sna limistéirí Gaeltachta.
Baineann £25,000 den soláthar £40,000 faoi Fho-Mhírcheann M leis an scéim faoina dtugtar cúnamh do choistí áitiúla chun scoláireachtaí saoire sa Ghaeltacht a thabhairt do pháistí ó áiteanna lasmuigh den Ghaeltacht. Ó thosaigh an Roinn ag tabhairt cabhrach den sórt seo sa bhliain 1957, tá forás mór tagtha ar obair na gcoistí sin. Táthar tar éis na scéime a leathnú ó thaobh daltaí meánscoile dhe tríd an teorainn uasta aoise a ardú ó 14 bliana go dtí 18 bliana. Dá dhroim sin uile cuireadh 4,724 páistí ó 96 coistí áitiúla chun na Gaeltachta sa bhliain 1962/63 i gcomparáid le 333 páistí ó cheithre coistí sa bhliain 1957. D'íoc an Roinn deontais arbh fhiú £21,934 iad faoin scéim sa bhliain 1962/63. Deontas £5 a íocfar i leith gach páiste i mbliana.
Leasaíodh an scéim roinnt i mbliana d'fhonn líon na gcoistí áitiúla a mhéadú, dá mbéidir é. Meastar go bhfuil bua ar leith leis na coistí áitiúla sa mhéid go bhfuilid in ann súil a choimeád ar feadh na bliana uile ar na páistí a bheidh le cur chun na Gaeltachta nó a bheidh tar éis tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht. Tugann sé sin deis dóibh léachtaí agus a leithéid a shocrú dóibh i dtreo go mbainfidh na páistí an tairbhe is mó is féidir as tréimhse sa Ghaeltacht nó nach gcaillfidh siad tairbhe na dtréimhsí a bheidh caite acu sa Ghaeltacht. Measaim nach mbeidh gluaiseacht seo na scoláir-eachtaí Gaeltachta socair ar an bhforas ceart go dtí go mbeidh coistí iontaofa áitiúla bunaithe ar fud na tíre uile. Is é beartas na Roinne bunú agus neartú na gcoistí sin a chur chun cinn ar gach bealach is féidir.
Tá san áireamh faoin bhFo-Mhírcheann seo freisin soláthar le haghaidh scéim faoina gcuirtear páistí chuig scoileanna Gaeltachta—gach páiste ar feadh téarma scoile amháin. Íocann an Roinn deontas nach mó ná £19 le haghaidh gach páiste—is é sin, tuairim leath an chostais—agus meastar go mbeidh timpeall £15,000 ag teastáil le haghaidh na scéime sin i mbliana. Cuireadh 455 páistí chun na Gaeltachta faoin scéim sin i rith na bliana 1962 agus d'íoc an Roinn suim £8,637 mar dheontas ina leith. Reachtáiltear an scéim seo i gcomhar le Gael Linn. Admhaítear go forleathan gur scéim an-tairbheach í agus ba mhaith liom an deis seo a ghlacadh le Gael Linn a mholadh as a fheabhas a rinne siad an scéim a eagrú agus a fheidhmiú.
Tá soláthar £1,000 á dhéanamh faoi Fho-Mhírcheann N i ndáil le scéim nua trína gcuirfear cúnamh airgid ar fáil do bhuachaillí as na limistéirí Gaeltachta a bheidh ag freastal ar chúrsaí printíseachta tamall ó bhaile. Tá ganntanas mór ceardaithe de bhunadh na Gaeltachta féin ar fud na limistéirí Gaeltachta. Féadfar a locht sin a chur ar a dheacra atá sé don ghnáth-bhuachaill sa Ghaeltacht deis a fháil cois baile chun cúrsa printíseachta a dhéanamh agus ar a chos-tasaí a bheadh sé air cúrsa a dhéanamh in aon áit eile. Ar an ábhar sin, tá socraithe ag an Roinn, i gcomhairle leis an Roinn Oideachais agus leis na Coistí Gairm-Oideachais sna contaethe Gaeltachta, go gcuirfear liúntaisí cothaithe ar fáil ar choinníollacha áirithe d'fhonn cabhrú le buachaillí Gaeltachta a mheidh orthu cónaí as baile i ndáil le cúrsa printíseachta. Liúntas nach rachaidh thar £100 a bheidh i gceist don chéad bhliain phrintíseachta agus £50, ar a mhéid, don dara bliain. Ní bheidh aon liúntas iníoctha i leith bliana i ndiaidh an dara bliain. Tá súil agam go rachaidh an scéim nua seo go mór chun tairbhe do bhuachaillí na Gaeltachta, agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na Coistí Gairm-Oideachais sna contaetha Gaeltachta mar gheall ar an gcúnamh mór atá á thabhairt acu in oibriú na scéime.
Le críoch a chur leis an ráiteas seo ba mhaith liom a rá go bhfuil an Roinn ag brath go mór ar Ranna eile Stáit, ar údaráis áitiúla agus ar chumainn deontacha chun na scéimeanna éagsúla a chur i gcrích. Tá an comhoibriú sin á fháil go fial ag an Roinn uathu agus tá mo bhuíochas féin agus buíochas mo Roinne tuillte acu uile. Beidh mé toilteanach i gcónaí aon mholtaí a thiocfaidh chugam agus a measfar a rachadh chun leasa don Ghaeilge agus don Ghaeltacht a bhreithniú chomh báúil agus is féidir é. I bhfeidhmiú scéimeanna na Roinne tugtar tús áite do na ceantair Fíor-Ghaeltachta agus do na daoine a labhrann an Ghaeilge de ghnáth agus a choinníonn beo bríomhar í mar theanga urlabhra. Is deimhin liom go dtiocfaidh an Dáil liom sa bheartas sin.