Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 6 Nov 1963

Vol. 205 No. 7

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Bunscoileanna Nua i gContae Luimnigh.

35. D'fhiafraigh

den Aire Oideachais cad iad na bunscoileanna nua atá beartaithe a thógáil i gContae Luimnigh i rith na bliana seo; agus conas atá an scéal faoi láthair maidir le gach cás faoi seach díobh.

Le do cheadsa, a Cheann Comhairle, tá beartaithe agam ráiteas táblach, ina bhfuil an t-eolas atá ag teastáil ón Teachta, a chur timpeall agus a scríobh isteach sa Tuarascáil Oifigiúil.

Seo leanas an tábla:—

Bunscoileanna atá beartaithe a thógáil i gContae Luimnigh

Scoileanna atá á dtógáil faoi láthair

Scoileanna a dtosnó-far á dtógáil, meastar, roimh 31/3/64.

Gleann Chorbraí

An Corrbhaile (Naíonáin)

Ráth Caola (Buachaillí)

Cnoc Aodha

Cill Fhinghin

Murbhach

Brú Ríogh

Cill Laichtín

Ardachadh

Ard Pádraig

Cromadh (Cailíní)

Oispidéal Ghleann Áine (Mainistir)

Baile na Tóna

Scoil na mBráthar, Sr. Seasnáin

Is ionann sin agus a rá an bhliain dar chríoch 31 Nollaig, 1963, nó an bhliain airgeadais dar chríoch 31 Márta, 1964?

An bhliain airgeadais.

Top
Share