Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 9 Dec 1964

Vol. 213 No. 5

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Aistriú Líon Tí.

37. D'fhiafraigh

den Aire Tailte (a) cé mhéid líon tí a aistríodh ón (1) Fhíor-Ghaeltacht, (2) Bhreac-Ghaeltacht, agus (3) Ghaeltacht go dtí limistéir eile den tír ó thosaigh an Stát ar scéim imirce den sórt sin; (b) cad iad na Contaetha, agus na háiteanna sna Contaetha sin, inar suíodh iad; (c) cé mhéid teaghlach ón nGaeltacht a cuireadh i dteannta a chéile i ngach cás; (d) cad iad na cásanna agus na háiteanna ar leithligh inar meascadh na trí aicme atá luaite in (a); (e) cad iad na cásanna agus na háiteanna ar leithligh inar meascadh na trí aicme atá luaite in (a) le Béarlóirí as áiteanna eile den tír nó le daoine ón gceantar; agus (f) cé mhéid teaghlach Béarlóirí, má's ann dóibh, in (e), a bhí ann i ngach cás agus i ngach áit ar leithligh.

Ní coimeádtar cúntais oifigiúil Choimisiún na Talún i bhfuirm a theasbánfadh láithreach na miontuairiscí cruinne atá ag teastáil ón Teachta.

San tréimhse 1935-40, pé scéal é, ath-shochraíodh i gcoilíneachtaí i gContae na Midhe 122 teaghlaigh as ceantair Gaeltachta i gContaetha éagsúla san Iarthar. Chun miontuariscí na socraithe seo dfháil, ba chóir don Teachta Aguisín A de Thuarascáil Choimisiún na Talún do'n bhliain agus do'n tréimhse dar chríoch an 31ú Márta, 1952—atá le fáil sa Leabharlann—do bhreathnú.

Top
Share