den Aire Oideachais (a) cé mhéad duine acu sin ar éirigh leo áit a fháil i gColáistí Ullmhúcháin atá sna Coláistí sin fós; (b) cad iad na Coláistí ina bhfuil siad; (c) cad é an líon ó gach ceantar ar leith den Ghaeltacht (de réir Contaetha) atá i ngach ceann de na Coláistí sin; (d) cé mhéad mac léinn atá i ngach ceann de Choláistí Oiliúna na Múinteoirí; (e) cé mhéad acu sin in (d) a tháinig as na Coláistí Ullmhúcháin; agus (f) cé mhéad dár tháinig as na Coláistí Ullmhúcháin, agus a bhfuil tagairt dóibh in (e), arb as an nGaeltacht dóibh.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Coláistí Ullmhúcháin.
20. D'fhiafraígh
Cuireadh deireadh le córas na gcoláistí ullmhúcháin le haghaidh mac léinn Caitliceacha ar 31 Iúl, 1961. Níl aon mhac léinn de chuid na gcoláistí úd ann anois seachas iad sin atá sna coláistí oiliúna. Le do chead-sa, a Cheann Comhairle, tá beartaithe agam tábla ina bhfuil an t-eolas ina leith siúd do chur isteach sa Tuairisc Oifigiúil.
Seo leanas an tábla:
Mic Léinn faoi oiliúint mar Bhun-Mhúinteoirí
Coláiste Iomlán na mac léinn |
Mic léinn ó Choláistí Ullmhúcháin |
nGaeltacht do réir contaethe Mic léinn Choláistí Ullmhúcháin ón nGaeltacht do réir contaethe |
|||||
Tír Conaill |
Muigheo |
Gaillimh |
Ciarraí |
Corcaigh |
|||
Naomh Pádraig |
231 |
61 |
16 |
2 |
10 |
4 |
3 |
Baintiarna na Trócaire |
320 |
103 |
16 |
2 |
15 |
8 |
Nil |
Muire gan Smál |
210 |
18 |
Nil |
Nil |
Nil |
1 |
2 |