Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 10 Dec 1964

Vol. 213 No. 6

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Scoláireachtaí.

21. D'fhiafraígh

den Aire Oideachais (a) cé mhéad duine as (1) an Ghaeltacht (2) an Fhíor-Ghaeltacht agus (3) an Bhreac-Ghaeltacht a bhfuil scoláireachtaí speisialta Roinn na Gaeltachta acu; (b) cé mhéid as gach Gaeltacht, i ngach Contae faoi leith, a bhfuil siad sin acu; (c) cad iad na Coláistí ina bhfuil siad, agus cad é an líon atá i ngach Coláiste díobh faoi seach; (d) cé mhéid ó na limistéir Ghaeltachta i ngach Contae a bhfuil Scoláireachtaí Comhairle Contae, Scoláireachtaí go dtí Coláistí Tís nó go dtí Coláistí Talmhaíochta, no Scoláireachtaí Speisialta go dtí Institiúidí Teicneolaíochta agus a leithéidí acu; agus (e) cad é an líon acu sin faoi (d) atá i ngach foras faoi leith agus cad é ainm an fhorais.

De thoradh Ordú na Limistéirí Gaeltachta, 1956, níl na limistéirí Gaeltachta roinnte anois sa tslí atá i gceist ag an dTeachta. Ní féidir an t-eolas a thabhairt sa riocht atá sé dá iarraidh, mar sin.

Is ag an Roinn Oideachais a bhronntar scoláireachtaí speisialta do lucht na Gaeltachta. An fháisnéis atá á lorg ag an dTeachta faoi na scoláireachtaí sin, tá sí i bhfoirm ráitis i modh tábla; le do chead, a Cheann Comhairle, cuir-fear thart é i dteannta na Tuairisce Oifigiúla.

Maidir le scoláireachtaí faoi scéimeanna atá dá reachtáil ag na hUdaráis Áitiúla, tá na scoláireachtaí sin ar fáil go ginearálta do mhicléinn ón gContae ar leithligh, agus ní dhéantar aon idirdhealú idir daltaí ón nGaeltacht agus daltaí nach ón nGaeltacht dóibh. Níl fáisnéis ar fáil mar sin, faoi scoláireachtaí den tsórt sin atá i seilbh micléinn ón nGaeltacht.

Seo leanas an tábla:

Scoláireachtaí, arna bhronnadh ag an Roinn Oideachais, atá dá sealbhú ag micléinn ón nGaeltacht sa scoilbhliain reatha.

Scoláireachtaí Ollscoille

58

,,Iarbhunscoile

375

,,chuig Coláistí Tís i dtaca le cáilíocht mar mhúinteoirí Tís a bhaint amach

2

An líon sealbhóirí scoláireachtaí as gach Gaeltacht agus as gach contae ar leithligh.

Scoláireachtaí Ollscoile

Scoláireachtaí Iarbhunscoile

Scoláireachtaí Tís

Gaeltacht Uladh:Co. Dún na nGall

23

222

Gaeltacht Connacht:Co. na Gaillimhe

15

89

2

Co. Mhuigheo

6

13

Iomlán

21

102

2

Gaeltacht na Mumhan:

Co. Chiarraí

10

46

Co. Chorcaí

3

4

Co. Phortláirge

1

Iomlán

14

50

Gaeltacht na Mí:

1

1 Na Coláistí Ollscoile ag a bhfuil na Scoláireachtaí dá sealbhú.

Coláiste na hOllscoile, Gaillimh

54

,, ,, ,, Átha Cliath

2

,, ,, ,, Corcaigh

1

,, Naomh Pádraig, Mágh Nuadhat

1

Na meánscoileanna ag a bhfuil na scoláireachtaí dá sealbhú

Na meánscoileanna ag a bhfuil na scoláireachtaí dá sealbhú

Scoil Chaitríona, Sráid Eccles, Baile Átha Cliath

14

Coláiste Muire, Cearnóg Parnell

1

Coláiste Moibhí, Seanchill, Co. Átha Cliath

2

Scoil na mBráthar, Daingean Uí Chúis

5

Clochar na Toirbhirte, Daingean Uí Chúis

1

Coláiste Íde, Daingean Uí Chúis

17

Coláiste Bhréanainn, Cill Áirne

9

Clochar Loreto, Cill Áirne

7

Coláiste Íosagáin, Baile Mhúirne

7

Coláiste Realt na Mara, Bun tSabhairne, Co. Chorcaí

1

Ardscoil Muire, Doire Beag

38

Ardscoil Colmcille, An Clochán Liath

2

Clochar Muire na nAingeal, An Falcarrach, Co. Dhún na nGall

12

Coláiste Adhmhnáin, Leitirceanainn

19

Clochar Loreto, Leitirceanainn

9

Schoil Sheosaimh Naofa, Cárna, Co. na Gaillimhe

2

Clochar na Toirbhirte, An Cheathrú Rua

2

Coláiste Muire, Gaillimh

12

Coláiste Éinde, Gaillimh

75

Clochar na Trocaire, Gaillimh

7

Scoil N. Iosef Calasanctius, Uarán Mór

3

Coláiste Chroí Mhuire gan Smál, An Spidéal

12

Coláiste Iarfhlatha Naofa, Tuaim

14

Clochar na Toirbhirte, Tuaim

4

Scoil Pheadair, Clochar na Trócaire, Átha Luain

1

Coláiste San Froinsias, Rinn Mhic Ghormáin

3

Clochar Lughaidh, Coillte Maghach

4

Coláiste Muire, Túr Mhic Éadaigh

19

Clochar N. Lughaidh, Carraig Machaire Rois

26

Clochar Lughaidh, Muineacháin

37

Clochar na nUrsulach, Sligeach

10

Tá an dá scoláireacht a bronnadh ag an Roinn chun cur ar cumas macléinn dul chuig Coláistí Tís i dtaca le cáill íocht mar mhúinteoirí Tís a bhaint amach á sealbhú i Scoil Chaitrion, Cnoc Sion, An Charraig Dubh.

Top
Share