Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 29 Jun 1965

Vol. 217 No. 1

Gaeltacht Industries (Amendment) Bill, 1965: Second Stage.

Tairgim go léitear an Bille an Tarna hUair.

Faoi mar atá leagtha amach sa Pháipéar Bán um Athbheochan na Gaeilge, is é aidhm atá le beartas an Rialtais don Ghaeltacht gníomhaíochtaí oiriúnacha eacnamaíocha a spreagadh agus a fhairsingiú agus cúrsaí sóisialacha a fheabhsú ionas go mbeidh deiseanna leormhaithe ag na daoine a chónaíonn sa Ghaeltacht, agus arb í an Ghaeilge a ngnáthurlabhra, chun fostaíocht shochrach a fháil agus caighdeáin réasúnta mhaireachtála a bheith acu. Tá sé ráite sa Pháipéar Bán chomh maith go bhfuil an Rialtas tar éis a chinneadh go gcaithfidh Gaeltarra Éireann bheith ina phríomhghléas chun gníomhaíochtaí eacnamaíocha de chineál tionsclaíoch a fhorbairt i ngach limistéar Gaeltachta. Is chun a chur ar chumas Ghaeltarra Éireann an cúram sin a ghlacadh air féin a ullmhaíodh an Bille seo.

Bunaíodh Gaeltarra Éireann mar bhord reachtúil faoin Acht um Thionscail na Gaeltachta, 1957, agus tá sé ag gabháil do bhréidín, earraí cniottáilte, bróidnéireacht agus bréagáin a tháirgeadh sa Ghaeltacht. Luach timpeall £725,000 de na táirgí sin a díoladh sa bhliain 1964-65. Timpeall 780 oibrí atá i bhfostaíocht lánaimsire i bhfoirgnimh le Gaeltarra agus fairis sin tá suas le 1,000 i bhfostaíocht pháirtaimsire ina dtithe féin; tuairim is £350,000 a íocadh leo mar phá sa bhliain 1964-65. Tá monarchana nua tógtha agus feabhas curtha ar mhodhanna oibre ag Gaeltarra agus tá méadú ag teacht de réir a chéile ar líon na bhfostaithe agus ar luach na ndíolachán i gcoitinne. Is féidir a rá, mar sin, go bhfuil eager maith anois ar Ghaeltarra chun na tionscail atá idir lámha aige cheana féin a chur chun cinn. Tá gá le tionscail eile, áfach, chun tuilleadh fostaíochta a chur ar fáil sa Ghaeltacht.

Is é cuma ina raibh an scéal go dtí seo go mbíodh ar Ghaeltarra Éireann gníomhú ina aonar ach beidh ar a chumas feasta—faoi alt 3 den Bhille seo—páirt a ghlacadh le daoine eile chun tionscail agus scéimeanna somhaoineacha fostaíochta a chur chun cinn sa Ghaeltacht. De dhroim na cumhachta nua seo tá súil againn go n-éireoidh le Gaeltarra a áiteamh ar thionsclaithe fiúntacha, a bhfuil eolas teicniúil agus teacht ar mhargaí acu, gurbh fhiú dóibh bheith páirteach i bhforbairt na tionsclaíochta sa Ghaeltacht.

I gcás comhlachta a bhunóidh tionsclaí dá leithéid sin i gcomhar le Gaeltarra Éireann, beidh cumhacht ag Gaeltarra, le toiliú an Aire, deontas a thabhairt chun tionscal oiriúnach a fhorbairt agus, chomh maith leis sin, páirt ghníomhach a ghlacadh i reachtáil an tionscail ar mhaithe leis an nGaeltacht. I gcás mar sin ní bheidh aon deontas le fáil ón bhForas Tionscal ach, más mian le héinne tionscal a bhunú sa Ghaeltacht gan dul i gcomhar le Gaeltarra Éireann, féadfaidh sé deontas a lorg ón bhForas Tionscal go fóill mar a dhéantar faoi láthair. Ní miste a lua go bhfuil rannóg taighde agus forbartha ag Gaeltarra cheana chun tograí a bhreithniú le haghaidh tionscal nua a bheadh oiriúnach lena mbunú sa Ghaeltacht.

Chun miontionscadail shomhaoineacha a chur chun cinn sa Ghaeltacht agus cabhair chuige sin a thabhairt do dhaoine, gan dul i bpáirtíocht leo, beidh cumhacht ag Gaeltarra Éireann deontais suas go dtí £2,000 a chur ar fáil. Cé nach mbeidh mórán airgid i gceist in aon chás ar leith díobh siúd, tá tábhacht nach beag leis an gcumhacht seo ar an ábhar go gcuirfidh sí ar chumas Ghaeltarra ceirdeanna agus tionscail bheaga a chothú ar fud na Gaeltachta.

Mar gheall ar a thábhachtaí atá na cumhachtaí breise atá á dtabhairt do Ghaeltarra Éireann, measadh go rachadh sé chun tairbhe don Bhord líon na gcomhaltaí a ardú ó chúigear go dtí seachtar. Tá sé sin á dhéanamh in alt 4 den Bhille.

Níor leor cumhachtaí breise a thabhairt do Ghaeltarra Éireann gan cumas airgid a thabhairt dó chun na cumhachtaí sin a chur i bhfeidhm. Tá an cumas sin á thabhairt in ailt 6 agus 7 den Bhille. Faoi na hailt sin, saorfar Gaeltarra ón dliteanas atá air chun aisíoc a dhéanamh i leith luach na sóchmhainní — £700,000 — a aistríodh chuige nuair a bunaíodh é i 1958 agus i leith méid na n-airleacan—£355,000— a tugadh dó roimh 1 Aibreán, 1965. Ina theannta sin, ní bheidh air na hairleacain a thabharfar dó feasta a aisíoc go dtí go mbeidh brabús ar a ghníomhaíochtaí. Is le haghaidh gnóthaí caipitil a thugtar na hairleacain atá i gceist. As an bPríomh-Chiste a íoctar iad agus is cabhair iad de bhreis ar na deontais bhliantúla a thugtar do Ghaeltarra as Vóta Roinn na Gaeltachta. Tá uasteorainn £500,000 leis na hairleacain faoi Acht 1957 agus tá an teorainn sin á hardú anois go dtí £2,000,000.

Tuigfidh an Dáil óna bhfuil ráite agam go bhfuil réim fhairsing chumhachta agus soláthar fial airgid á dtabhairt againn do Ghaeltarra Éireann faoin mBille seo. Is fíor a rá go bhfuil saoráidí speisialta, nach bhfuil a leithéid ag aon chomhlacht Státurraithe eile, á gcur ar fáil do Ghaeltarra anois. Nuair a bheidh an Bille ina Acht cuirfidh sé tús le ré úr forbartha i ngnóthaí Ghaeltarra Éireann; tabharfaidh sé cumas nua feidhme don eagraíocht sin; tabharfaidh sé uchtach do chomhaltaí an Bhoird agus dá lucht oibre; agus tabharfaidh sé deiseanna saothraithe agus misneach do mhuintir na Gaeltachta.

D'fhógair an Rialtas sa Páipéar Bán go spreagfaí Gaeltarra Éireann chun feidhm dhearbhfhóinteach a dhéanamh le tacaíocht chaipitil ón Stát d'fhonn dlús a chur leis an tionsclaíocht sa Ghaeltacht. Is léir ón mBille seo go bhfuil an gheallúint sin á comhlíonadh anois agus go mbeidh cumhachtaí agus airgead go leor ar fáil do Ghaeltarra feasta.

Iarraim ar an Dáil glacadh leis an Dara Céim den Bhille.

Cuirim fáilte roimh an mBille seo. Ba bhreágh liom a chloisint ón Rúnaí Parlaiminte go raibh súil aige go raghadh an t-airgead atá á chur ar fáil anois chun tairbhe na tíre. Tá súil agam go ndéanfar limistéirí na Gaeltachta do leathnú de bhárr na ndeontas seo. Ní dúirt an Rúnaí Parlaiminte aon rud faoi sin. Tugaim fé ndeara nár dubhradh rud ar bith faoina teoranacha atá ann faoi láthair. Cad tá beartaithe faoi limistéirí na Gaeltachta amach anso nó an bhfágfar iad mar atá siad i láthair na h-uaire?

An féidir leis an Rúnaí Parlaiminte a rá cé acu tá an Ghaeltacht ag dul i méid nó ag dul i laghad? Cad mar gheall ar líon na ndaoine sa Ghaeltacht? An bhfuil líon na gcainteoirí Gaeilge ag dul i méid nó ag dul i laghad? Is ceisteanna iad siúd nár mhiste don Rúnaí Parlaiminte iad d'fhreagairt.

Is fánach airgead a chur ar fáil le h-aghaidh na h-oibre seo muna bhfuil daoine sa Ghaeltacht nó muna ndéanfar iarracht an Ghaeltacht a leathnú. Caithfear labhairt na teangan a leathnú ach, chomh maith leis sin, ní mór iarracht a dhéanamh cainteoirí Gaeilge do choimead sa Ghaeltacht agus féachaint chuige go mbeidh saol sona sásta acu agus deis acu a slí bheatha a bhaint amach. Sin é, dar liomsa, cuspóir an Bhille seo. Beidh a thuille airgid le fáil ag Gaeltarra Éireann. Nuair a bunaíodh an chomhlucht seo bhí súil ag gach éinne go raghadh sé chun tairbhe na tíre agus go bhfásfadh sé. Is fíor nár éirigh leis an gcomhlucht chomh maith i rith na bliana seo caite agus gurab áil linn. Sa Bhille nílimid ag iarraidh ar an gcomhlucht as so amach an t-airgead a íoc ar ais. Nár bhfearr a rá anois go bhfuil deontaisí iomlán á dtabhairt agus go gcuirfear ar ceal an chuid sin den phríomh-Acht ina bhfuil trácht ar airgead d'aisíoch. Tá súil agam go mbeidh toradh fónta ar an obair seo agus go raghaidh sé chun tairbhe mhuintir na Gaeltachta.

Maidir le tionscal an bhréidín, tionscal na mbréagán agus mar sin de, conas tá siad ag dul ar aghaidh? Dúirt an Rúnaí Parlaiminte go raibh ardú ar dhíol na n-earraí seo i rith na bliana seo caite. Cad é an feabhas atá tagtha ar chúrsaí agus an bhfuil aon mhéadú ar an líon daoine atá ag obair sna tionscail seo?

Cad na thaobh go gceapann an Rúnaí Parlaiminte go mbeadh sé níos fearr don Ghaeltacht líon na mball atá ar an mBord do mhéadú? An ionann sin is a rá nach bhfuil an taithí is gá ag an mBord atá ag gníomhú i láthair na h-uaire nó an amhlaidh a cheapann an Rúnaí Parlaiminte go ndéanfaidh na daoine go nglacfar leo as seo amach obair níos fónta ar son na Gaeltachta?

Is maith an rud é tionscail bheaga nua a bhunú sa Ghaeltacht. Gan amhras, do dhéanfadh a leithéid cuid mhaith tairbhe do mhuintir na Gaeltachta. An féidir leis an Rúnaí Parlaiminte a rá linn an bhfuiltear chun "co-operatives" a chur sa Ghaeltacht? An bhfuil ar intinn ag an Rúnaí Parlaiminte déanamh mar a dhein an tAthair McDyer i nDún na nGall? An bhfuil sé ar intinn aige deontaisí a thabhairt chuige sin? Cén saghas deontas a bheidh le fáil maidir le h-earraí talamhaíochta?

Tá a fhios againn go léir go bhfuil gá le breis airgid do sholáthar do mhuintir na Gaeltachta. Go dtí seo, ní raibh na deontaisí a bhí le fáil ó Roinn na Gaeltachta agus na deontais a bhí le fáil le h-aghaidh cúrsaí tionscal mór go leor chun na daoine do choimead sa Ghaeltacht. Má chabhraíonn an Bille seo chun an Ghaeltacht do leathnú, beidh áthas orainn go léir.

Is é an rud atá ag déanamh buartha do gach éinne go bhfuil líon na nGaeilgeoirí ag dul i laghad. Tá súil againn go leathanófar labhairt na Gaeilge ar fud na tíre ach ní h-ionann sin is a rá go bhfuil an Ghaeltacht ag dul i méid agus go bhfuil saol sona sásta ag muintir na Gaeltachta. Má chuidíonn an Bille seo leis an scéal sin a leigheas agus más féidir leis an Rúnaí Parlaiminte an méid sin a dhéanamh beidh moladh aige dá bharr. Tá a fhios againn go léir sa Tí seo agus ag gach éinne an tsuim a chuir sé sa Ghaeltacht riamh anall.

Fáiltím roimh an mBille seo. Cad iad na limistéirí atá in aigne ag an Rúnaí Parlaiminte? An bhfuil sé ag cuimhneamh ar aon leathnú nó caolú a dhéanamh orthu? Cén fá go gceapann sé gur gá ballraíocht an Bhoird do mhéadú?

Táimid ag tabhairt an £2 milliún seo mar dheontas don Ghaeltacht agus nach bhfuil brabús i gceist. Níl i gceist anso ach cabhair a chur ar fáil don Ghaeltacht.

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Tí as an dóigh inar glacadh leis an mBille seo. Sílim go rachaidh sé chun tairbhe don Ghaeltacht agus go gcuideoidh sé le muintir na Gaeltachta nuair a thagann sé i bhfeidhm.

Maidir leis na limistéirí Gaeltachta, tá siad sin go fóill faoi mara bhíodar faoi Ordú na Limistéirí Gaeltachta, 1956. Is é an fáth atá leis an míniú nua sa Bhille ná chun a chur ar chumas Ghaeltarra Éireann a chumhachtaí a chur i bhfeidhm sa Ghaeltacht faoi mar a mhíneofar í ó am go h-am.

An bhfuil sé ar aigne ag an Rúnaí Parlaiminte aon leathnú nó caolú a dhéanamh orthu?

Níl aon rud im aigne go fóill maidir leis sin. Rinne an Teachta tagairt don líon daoine sa Ghaeltacht. Tá a fhios againn go léir go bhfuil an daonradh ag dul i laghad le blianta fada. Táimid ag iarraidh stop a chur leis sin. Táimid ag iarraidh an teanga agus an cultúr Gaelach a shábháil ag an am i láthair nuair atá fórsaí Gallda ag brú níos láidre ná riamh ina n-éadan tré mheán na telefíse, an radio, agus araoile.

Táimid ag iarraidh staid eachnamaíochta agus staid sóisíalach na ndaoine a fheabhsú agus a neartú faoi dheacrachtaí nach dtiocfadh le muintir na hÉireann, taobh amuigh den Ghaeltacht, a samhailt fiú amháin. Agus mar bharr orthu sin uilig tá deacrachtaí síceolaíochta ann fosta a thaispeánann dúinn nach freagra iomlán ar an gceist seo obair amháin a chur ar fáil.

Ach fiú má admhaím go bhfuil na deacrachtaí sin ann, agus sílim gur fearr a aithint go bhfuil siad ann, creidim go dtig linn an Ghaeltacht a shábháil má chuireann muid chuige i ndáiríre, idir muintir na Gaeltachta féin, Roinn na Gaeltachta, Gaeltarra Éireann agus gnáth-phobal na hÉireann, ar mhaith leo a dteanga féin a shlánú. Is urra an Bille seo dár ndea-rún.

Maidir le líon na gcomhaltaí ar an mBord, ní mór cuimhneamh go bhfuil eagsulacht mhór in imeachtaí agus cúramaí an Bhoird, mar tá déantusaíocht, ceard-obair, margaíocht, tréanáil teichneoirí, agus araoile, agus ba mhaith liom, chomh fada agus is féidir é, go mbeadh comhaltaí ann a bheadh oilte sna gnéithe éagsúla. Tuigfidh an Teachta, toisc go bhfuil ceist na Gaeilge chomh maith le cursaí eacnamaíochta sa treis, go bhfuil fadhbanna ar leith le réiteach.

Ceist eile: an mbeidh na baill seo lán-aimsireach?

Ní bheidh siad.

Cuireadh agus d'aontaíodh an cheist.

Question put and agreed to.
Committee Stage ordered for Tuesday, 6th July, 1965.
Top
Share