Tairgim:
Go bhfuil sé oiriúnach cibé íocaíochtaí as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a údarú is gá chun éifeacht a thabhairt d'aon Acht a rithfear sa seisiún seo do leasú agus do leathnú Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1965, na nAchtanna um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1965, na nAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1965, na nAchtanna Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leanaí), 1944 go 1965, agus na nAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1965.