Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 17 Nov 1966

Vol. 225 No. 8

Appointment of Ministers and Parliamentary Secretaries

A Cheann Comhairle, b'áil liom cead a chur in iúl, mar eolas don Dáil,

(1) gur chuireas in iúl don Uachtarán go raibh Dáil Éireann tar éis comhaontú le mé d'ainmniú na dTeachtaí chun bheith ina gcomhaltaí den Rialtas agus gur cheap sé iad dá réir sin an 16ú Samhain, 1966;

(2) go bhfuilim tar éis Proinsias Mac Aogáin d'ainmniú an lá céanna chun bheith ina Thánaiste;

(3) go bhfuilim tar éis na Ranna Stáit a shannadh an lá céanna do na comhaltaí den Rialtas mar leanas:—

An Roinn Gnóthaí Eachtracha

Proinsias Mac Aogáin,

An Roinn Iompair agus Cumhachta agus an Roinn Poist agus Telegrafa

Erskine Childers,

An Roinn Talmhaíochta agus Iascaigh

Niall Bléine,

An Roinn Rialtais Áitiúil

Caoimhghín Ó Beoláin,

An Roinn Tailte agus Roinn na Gaeltachta

Micheál Ó Móráin,

An Roinn Cosanta

Micheál Hilliard,

An Roinn Saothair

Pádraig Ó hIrighile,

An Roinn Airgeadais

Cathal Ó hEochaidh,

An Roinn Dlí agus Cirt

Brian Ó Luineacháin,

An Roinn Leasa Shóisialaigh

Seosamh Ó Braonáin,

An Roinn Oideachais

Donnchadh Ó Máille,

An Roinn Tionscail agus Tráchtála

Seoirse Ó Colla,

agus

An Roinn Sláinte

Seán Ó Flannagáin;

agus

(4) go bhfuil an Rialtas tar éis na Teachtaí seo a leanas a cheapadh an lá céanna chun bheith ina Rúnaithe Parlaiminte mar leanas:—

Mícheál Mac Cárthaigh

Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh agus an

Aire Cosanta,

Pádraig Ó Braonáin

Rúnaí Parliaminte an Aire Rialtais Áitiúil,

Séamus Mac Giobúin

Rúnaí Parlaiminte an Aire Airgeadais,

Pádraig Ó Fachtna

Rúnaí Parlaiminte Aire na Gaeltachta,

Pádraig Ó Leathlobhair

Rúnaí Parlaiminte an Aire Poist agus Telegrafa agus an Aire Iompair agus Cumhachta,

agus

Eoin Ó Dabharáin

Rúnaí Parlaiminte an Aire Talmhaíochta agus Iascaigh.

Sin deireadh an chláir i gcóir an lae inniu is dócha?

Top
Share