Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 22 Jun 1967

Vol. 229 No. 8

Housing (Gaeltacht) (Amendment) Bill, 1967: Second Stage (Resumed).

Question again proposed: "That the Bill be now read a Second Time."

Tá súil agam go rachaidh an Bille seo chun tairbhe agus chun leasa mhuintir na Gaeltachta agus gach a mbaineann leis an Ghaeltacht. Sé tá i gceist anso staid eacnamaíochta na ndaoine, cultúr na Gaeltachta. Sílim gurb é sin atá in aigne an Aire. Más fíor gurab é tairbhe mhuintir na Gaeltachta atá i gceist, ba chóir gurb í aidhm gach scéime ní amháin na daoine a choimeád sa Ghaeltacht ach an Ghaeltacht a leathnú agus a muintir a mhéadú. Is é sin an cuspóir a bhí ag reachtaíocht ar bith a ritheadh go dtí seo.

Níl líon na Gaeltachta chomh mór agus a bhí sé nuair a ritheadh Acht na Gaeltachta sa bhliain 1929. Sa Sceideal a ghabhann leis an Acht sin bhí áiteanna sna contaetha seo a leanas a bhféadfaí Gaeltachtaí a thabhairt orthu — An Cabhán, Liatroim, Luimneach, mo cheantar féin, Lú, Ros Comáin, agus Sligeach. In áiteanna in mo chontae féin ar nós Mainistir na Féile, Sean-Ghuallai bhí cultúr Gaelach iontu. B'fhéidir nach raibh líofacht cainte ag na daoine ach bhí traidisiún láidir Gaelach acu, agus tá fós go háirithe i bhFaing, agus Sean-Ghuallaí.

Tá Comharchumann Íde Naofa i bhFaing ag leanúint leis an obair seo ar son na teanga. Tá saothar íontach a dhéanamh acu maidir le labhairt agus leathnú na Gaeilge. Do chuireadar coláiste ar bun. Ní fheadar an bhfuil sé ar chumas an Aire cabhair a thabhairt dóibh sin ní chun seallaí a thógáil ach chun an áras féin a choiméad slán agus chun costais eile a ghlanadh. Tá an áit seo láimh le Sean-Ghuallaí a liostáladh mar Ghaeltacht faoin mBille i 1929. Ní amháin gur choiméad siad an teanga á labhairt agus an cultúr á shaothru ach do bhunaíodar coláiste nua, Coláiste Naomh Bréanainn, i mBaille an Bhuinneánaigh.

Ba mhaith liom a chloisint ón Rúnaí Parlaiminte conas d'éirigh le scéim na seallaí go dtí seo. Má d'éirigh go maith leo cén fáth nár leanadh ar aghaidh leis an iarracht?

Dúradh aréir gur buntáiste do mhuintir na Gaeltachta na cuairteoirí a théann ann gach bliain. Ach cad é an tionchar atá ag an gcuartaíocht seo ar labhairt agus ar leathnú na teanga? Aréir dúirt Teachta ó iar-Chonnacht go raibh an Béarla á leathnú sa Ghaeltacht. Ní rachaidh sé sin chun tairbhe na teanga. Dá gceadófaí sin an fada a mhairfeadh an Ghaeilge? Sinne a raibh suim i gcónaí againn sa teanga bhíomar ag iarraidh an Ghaeltacht a leathnú. Tá a lán le déanamh fós againn. Ba chóir dúinn úsáid a bhaint as na Ranna Stáit chun an cuspóir sin a chur i gcrích, go háirithe an Roinn Talmhaíochta agus an Roinn Tailte. Ba chóir dúinn gach cabhair is féidir linn a thabhairt don Ghaeltacht. Tá súil agam go gcabhróidh an Bille seo le muintir na Gaeltachta agus go rachaidh sé chun tairbhe agus chun leasa dóibh.

In alt a 3, fo-alt (7) (a) den Bhille tá seo le léamh:

Where, in the case of a person who is ordinarily resident in an area which is one of the areas for the time being determined to be Gaeltacht areas by order under section 2 of the Ministers and Secretaries (Amendment) Act, 1956 (No. 21 of 1956), and who is not the occupier of a dwelling-house, such person shows to the satisfaction of the Minister that the Irish language is the language habitually used by him, the Minister may, in his discretion but subject to the provisions of this Act and the regulations made by the Minister thereunder, make to him a grant (in this Act also referred to as a building grant) towards the erection of a dwelling-house in any such area for occupation by him.

Sé sin, go bhfuil sé ar intinn ag an Aire deontas a thabhairt dó le tigh a thógáil ann. Maidir le deontas a thabhairt d'fhear singil chun tigh a thógáil, an bhfuil aon bhaol ann go n-imeodh sé as an áit tar éis dó an tí a dhíol?

Do bheadh ar an Aire cead a thabhairt. Dá mbeadh baol ann go dtarlódh a leithéid, ní thabharfadh an tAire cead.

Maidir le gnáth-theanga——

Bíonn ar an gcigire a fháil amach an í an Ghaeilge gnáth-theanga an teaghlaigh.

Tá baol ann go dtiocfadh daoine isteach nach mbeadh aon Ghaeilge nó cultúr Gaelach acu. Ní thuigim cad tá in alt a 4.

Ní amháin go bhfuil Acht 1959 á leasú againn ach tá na leasaithe a rinneadh ar an Acht sin á leasú fosta. Tá míniú air ar leathnach a 3.

Sin é an fáth gur thug mé seo fé ndeara.

Tá sé an-deacair. Bhí sé deacair an dréacht a dhéanamh. Séard a bhí ag teastáil uainn trí dheontas a thabhairt in ionad aon cheann amháin.

Tá mé sásta má tá an Runaí Parlaiminte sásta. Sin é an rud a bhí ag déanamh tinnis dom. Tá súil agam go raghaidh an Bille seo chun leasa mhuintir na Gaeltachta. Is é mo ghuí go gcuirfidh sé le líon na ndaoine atá sa Ghaeltacht fé láthair agus go dtabharfaidh sé slí maith maireachtála dhóibh.

I welcome this Bill. There are more problems to be faced up to and solved in the Gaeltacht areas than in any other areas in the country. The real prospects for these areas are the development of the tourist industry, the farm holiday scheme and the various schemes for co-operative farming, due to the very small and uneconomic holdings in those areas. I will confine myself to the development of the tourist industry, the preservation of the Irish language and the fostering of economic development in the Gaeltacht areas.

I welcome in particular the fact that a person can now obtain a Gaeltacht grant for a second house, that it will not be necessary to knock down the old house and that the applicant or the owner can reside either in the new house or the old house and can let the house of his choice to visitors. I also consider it a big step forward that three holiday chalets building grants will now be available to eligible applicants rather than one as was the case heretofore.

There is no doubt that the provision of these holiday chalets in the Gaeltacht areas can go a long way towards fostering economic development in the Gaeltacht. The fact that the grants were available as well as the other facilities was not enough to help people who were not well off to build chalets. I am glad that provision has been made for the availability and granting of loans to supplement the grant in the case of the construction of chalets. Up to now enterprising persons were hindered due to the fact that they could get only one grant in respect of one house or one chalet.

These new proposals will be of immense help to enterprising persons and I look forward to seeing many more holiday homes and chalets being constructed in the Gaeltacht areas. The Department of the Gaeltacht should request the county development teams to initiate schemes in the Gaeltacht areas for the development of holiday accommodation. These teams should provide the necessary advice and should advise the various interested persons in the Gaeltacht to avail of these proposals to the maximum.

In conclusion, I want to say that I am sure these new proposals will be very welcome in the Gaeltacht areas.

I welcome this measure as a means of providing income and further expansion of the amenities in Gaeltacht areas. It is a Bill which helps, by the provision of grants and loans, the building of chalets, which will serve the dual purpose of providing housing and also a supplementary means of income for those living in Gaeltacht areas. This measure will be a wonderful benefit to the people living there and also to those who wish to learn Irish in the Gaeltacht.

The people resident in the Gaeltacht can avail of these chalet grants and can extend the accommodation as needed. I want to compliment the Parliamentary Secretary on the measure and sincerely hope the grants will be fully availed of throughout the Gaeltacht. This is a further measure for the benefit of Irish speakers in the Gaeltacht areas and it is, therefore, with pleasure, that I support it.

Ba mhaith liom, i dtús ama, buíochas a ghabháil leis na daoine uilig a labhair ar an mBille seo agus a chuir fáilte roimpi. Sílim gur féidir liom a rá gur labhair níos mó Teachtaí ar an mBille seo ná mar a labhair riamh roimhe sa Teach seo ar cheisteanna faoin nGaeltacht, agus sílim go dtaispeánann sé sin go bhfuil níos mó spéise ag na Páirtithe uilig sa Ghaeilge. Is maith an comhartha é sin. Aontaímid uilig leis an gcuspóir atá romhainn chun feabhas a chur ar chúrsaí na Gaeltachta agus slí bheatha mhaith a chur ar fáil ann do gach duine atá ina chónaí ann i dtreo nach dteastóidh ó aon duine í a fhágáil.

Is iontach tábhacht na Gaeltachta don teanga agus gan an Ghaeltacht ní dóigh liom go dtiocfadh linn an teanga a athbheochan. Mar sin is rí-thábhachtach dúinn an Ghaeltacht a shlánú—ní amháin an méid di atá ann anois a choimeád ach méid na Gaeltachta a leathnú. Maidir le saol eacnamaíochta na Gaeltachta a fheasbhú, tá cuid mhaith dóigheanna chun an cuspóir sin a bhaint amach. Táimid ag iarraidh feabhas a chur ar an fheirmeoireacht, ar an iascaireacht, ar an tionsclaíocht, agus mar sin de, ach sílim go n-admhaímid go léir gur cúnamh an-mhór do shaol eacnamaíochta na Gaeltachta an tionscal cuartaíochta ann a fhorbhairt agus is chun é sin a bhaint amach atá an Bille seo os ár gcomhair sa Dáil inniu.

Táimid ag déanamh athruithe agus méaduithe ar na deontais a thig linn a thabhairt le haghaidh tithe agus seallaí. Tá deontas á thabhairt againn den chéad uair d'aon duine a bhfuil teach aige cheana chun teach eile a thógáil agus, in áit cead a bheidh ag duine deontas amháin le haghaidh sealla a fháil, tig leis deontais le haghaidh trí shealla a fháil.

B'fhéidir gur chóir dom anois tagairt a dhéanamh do chuid de na tuairimí a cuireadh os ár gcomhair aréir agus ar maidin ar an mBille seo. Dúirt an Teachta Mac Loingsigh go raibh cur-i-gcéill éigin ann ós rud é gur i mBéarla atá an Bille leagtha amach agus gur i nGaeilge a thug mise an ráiteas air. Ach, faoi mar a dúirt mé, rinne mé mionscrúdú ar an gceist agus is í an chomhairle a fuair mé ná nárbh fhéidir an Bille a leasú i nGaeilge toisc gur i mBéarla a tugadh isteach an príomh-Bhille.

Cuireadh ceist orm faoi na seallaí. Caithfidh mé a admháil nár éirigh go maith go dtí seo leis na seallaí agus níor tógadh an oiread díobh agus a cheapamar a thógfaí. Nuair a bhí mé sa Ghaeltacht agus ag caint leis na daoine ann fuair mé amach gurbh fhearr leo na deontais chun tuilleadh seomraí a chur lena dtithe ná na deontais chun seallaí a thógáil. Baineadh úsáid mhór as na deontais i gcás na seomraí agus d'fhág sé sin nár baineadh mórán úsáide as na deontais le haghaidh seallaí. Shíl mé fosta nár baineadh an oiread sin úsáide as na deontais le haghaidh seallaí cionn is gur ceapadh nár eacnamúil an rud é sealla amháin a thógáil, sé sin, nárbh fhiú airgead a chaitheamh ar shealla amháin ar scáth an méid sochair a thiocfadh as. Dá bhrí sin, shocraigh mé deontais a thabhairt le trí shealla a thógáil i dtreo go mbeadh seans níos fearr acu ó thaobh na heacnamúlachta de. Feicfimid an n-éireoidh níos fearr leis na deontais le haghaidh trí shealla agus an mbeidh níos mó daoine á lorg.

Labhair cuid de na Teachtaí anseo ar na rialacha faoi labhairt na Gaeilge i gcás daoine a bhíonn ag lorg deontas agus iarradh orm gan a bheith ró-dhian orthu. Caithfidh mé a rá nach bhfuil mé ró-dhian. Nuair a bhíonn amhras ar chigire na dtithe an í an Ghaeilge gnáth-theanga an teaghlaigh is féidir liom a iarraidh ar an stiúrthóir dul chuig an teach chun a fháil amach an cóir dom seans a thabhairt don iarratasóir. Má fhaighim amach go bhfuil iarracht á dhéannamh ag na daoine sa teach sin an Ghaeilge a chur i réim mar ghnáth-theanga an tí, tugaim sé mhí nó bliain dóibh chun feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge. Má bhím sásta ansin gur éirigh leis an iarracht sin, tugaim an deontas dóibh. Ach is ceist mhór thábhachtach í seo go léir. Ar thaobh amháin, níor mhaith liom bheith ródhian ar mhuintir na Gaeltachta ar eagla, b'fhéidir, go rachadh aon duine díobh i gcoinne na teanga de bharr gan an deontas a fháil. Agus ar an taobh eile, tuigimid go léir nádúir an duine agus ní féidir a bheith ró-bhog ar eagla, b'fhéidir, go lúbfaí na rialacha go dtí go mbeimís ag tabhairt deontas do dhaoine nach mbeadh an Ghaeilge mar ghnáth-theanga acu. Caithfimid bheith anchúramach faoi chaomhnú na teanga sa Ghaeltacht agus caithfimid cloí leis na rialacha. Bíodh sé sin mar atá, is féidir liom a rá go dtéim go ríchúramach isteach i ngach iarratas mar sin agus, má bhíonn amhras fós orm ann, tugaim sochar an amhrais don iarratasóir. Ní dóigh liom go bhféadfainn dul níos faide ná sin.

Chuir an Teachta Mac Loingsigh ceist orm faoi dhréachtú an Bhille seo. Tá freagra na ceiste seo le fáil sa chéad líne den Bhille. Deireann alt 1 (1):

In this Act "the Act of 1929" means the Housing (Gaeltacht) Act, 1929, and any reference in this Act to the Act of 1929 shall be construed as a reference to that Act as amended by any other enactment.

Labhair an Teachta Mac Loingsigh faoi thithe aíochta. Dúirt sé gur cheap sé go mbeadh sé níos fearr deontais a thabhairt dóibh sin agus go mbeidh feabhas ar thionscal na cuartaíochta sa Ghaeltacht da bharr. Táimid á dhéanamh sin—tá scéim eile againn chuige sin. Méadaíodh an t-airgead don scéim sin le déanaí sa Cháinaisnéis ach, sa Bhille seo, is ag smaoineamh ar ghnáth-mhuintir na Gaeltachta atá mé agus ar an gcúnamh is fearr is féidir a thabhairt dóibh chun cuairteoirí a thógaint isteach ina dtithe féin agus chun cuairteoirí a thógaint isteach sna seallaí saoire.

Labhair an Teachta Mac Eochagáin ar cheist an leictreachais sna seallaí. Ní dóigh liom gur féidir aon rud a dhéanamh faoi sin ach féachfaidh mé isteach ann. Labhair sé fosta mar gheall ar an riail go gcaithfear an sean-teach a leagan nuair a bhíonn teach nua á thógáil. Tá an riail sin ann go ginearálta ach ón am seo amach ní gá i gcónaí an sean-teach a leagan ach, muna mbíonn sé fóirsteanach don áit, caithfear é a leagan. Níor mhaith liom go gceapfadh aon duine nach bhfhuil an riail ann ach ní chuirfear i bhfeidhm í ar an dóigh chéanna ar a gcuirtí i bhfeidhm roimhe seo í. D'iarr sé orainn dul i gcomairle leis an udarás pleanála maidir le tógáil tithe sa Ghaeltacht ach bímid i gcónaí i gcomhairle leo sin.

Labhair an Teachta Ó Cúgáin ar an mBille fosta. Caithfidh mé a admháil go bhfuil sé an-deacair é a shásamh. Nuair nach bhfuilimid ag caitheamh airgid bíonn gearán aige agus aréir bhí gearán aige go rabhamar ag caitheamh airgid in achan áit. Ag labhairt dó ar na seallaí chuir sé ceist orm agus is mar seo atá an scéal. I gcás duine aonarach sa Ghaeltacht, is air féin a bhraitheann sé cé acu duine le Gaeilge nó duine gan Gaeilge a thógann sé isteach ach, i gcás grúpaí ar nós Chonradh na Gaeilge, níl cead acu ach daoine le Gaeilge a thógaint. Dúirt sé go raibh an deontas le haghaidh na seallaí íseal. Tá iasacht ann chomh maith le deontas agus idir an deontas agus an iasacht tagann sé cóngarach go leor don chostas.

Dúirt an Teachta Ó Maoildhia go raibh na cigirí ró-ghéar ar na daoine. Mhínigh mé cúpla nóiméad ó shin an deacracht atá ann. Caithfimid bheith cúramach. Má thagann an t-am nuair a bheimid sásta an deontas a thabhairt gan bacadh leis an nGaeilge tá a fhios againn cad a tharlóidh.

Labhair an Teachta Mac Eoin ar maidin. Is maith liom an Teachta Mac Eoin a chlos ag labhairt ar an nGaeltacht agus ceist na Gaeltachta mar is eol dom go bhfuil suim aige iontu agus tá a fhios agam gur mhaith leis forbairt na Gaeltachta agus cúis na Gaeilge a leathnú ar fud na tíre. Dúirt sé go mbeadh sé níos fábharaí don Bhille dá mbeadh sé cinnte go rachadh sé chun tairbhe do mhuintir na Gaeltachta. Ní dóigh liom gur féidir dabht ar bith a bheith in aigne aon duine ná go rachaidh sé chun tairbhe don mhuintir sin.

Táimid ag smaoineamh le fada ar cheist na ndaoine óga sna Coláistí Gaeilge agus ceist an Bhéarla. Táimid ag déanamh fiosrú mar gheall ar an gcóras gnó sna Coláistí. Tá a fhios agam go bhfuil an riail ann go gcaithfidh na páistí Gaeilge a labhairt fad atá siad sa Ghaeltacht agus tá a fhios agam go mbaintear feidhm mhaith as an riail sin i bhformhór na gColástaí ach tá Coláistí eile ann agus, cé go bhfuil an riail acu, is cuma le lucht údaráis an Choláiste mar gheall air. Bíonn páistí ann agus iad ag labhairt Béarla agus is cuma le lucht an Choláiste. Caithfimid é sin a athrú. Iarraim ar na Coláistí féachaint isteach sa cheist seo agus an riail a chur i bhfeidhm. Is eol dom Coláiste amháin a raibh baint agam féin leis agus cuirtear an riail i bhfeidhm go tréan ann. Cuirtear páistí abhaile má labhrann siad Béarla. Is deacair do lucht an Choláiste é sin a dhéanamh agus ní maith leo é a dhéanamh, ach caithfidh siad an Ghaeilge a choimeád agus a chaomhnú. Faigheann na tuismitheoirí luach a gcuid airgid i gColáistí mar sin, agus dá bhrí sin bíonn na Coláistí sin lán i bhfad roimh thosach na gcúrsaí. Sna Coláistí eile bíonn áiteacha folamh acu tar éis tosach na gcúrsaí.

Aontaím leis an Teachta Mac Eoin go bhfhuil baol mór ann má bhíonn páistí ag dul mór-thimpeall gan aire cheart á tabhairt dóibh agus más cuma le lucht údaráis na gColáistí iad a bheith ag labhairt Béarla. Tá baol mór ann go scriosfar an Ghaeltacht agus nach mbeidh aon Ghaeltacht ann má fhágtar an scéal mar atá sé. Táim ag féachaint isteach sa cheist agus feicfidh mé cad is féidir a dhéanamh chun an scéal a fheabsú.

Rinne an Teachta Mac Eoin tagairt do na seallaí agus dúirt sé nár thuig sé cén fáth an mbeadh sealla amháin neamh-eacnamúil. B'fhéidir go mbeadh an chéad cheann neamh-eacnamúil ach ní raibh ach an t-aon deontas amháin ar fáil go dtí seo. Tá súil agam go mbeidh athrú ar an scéal as seo amach. Labhair sé fosta i dtaobh na mBéarlóirí sna seallaí. Níl cead ag grúpaí ach daoine le Gaeilge a thógaint.

Ó thaobh mhuintir na Gaeltachta tá an cúram orthu féin. Ba cheart Gaeilgeoirí a chur isteach i dtreo nach nglacfaidh muintir na Gaeltachta le Béarlóirí. Tá eagraíochtaí ann adeir nach ceart dúinn Béarlóirí a ligean isteach ach níorbh fhéidir linn stop a chur leo fiú dá mba mhaith linn é a dhéanamh. Má bhíonn lucht labhartha na Gaeilge sásta dul isteach cuirfidh sé sin stop leis na Béarlóirí. Go ginearálta, tá mé i bhfábhar an oiread Gaeilgeoirí agus is féidir a dhul isteach. Ní fhéadfaidís saoire níos fearr a fháil áit ar bith eile.

Do labhair an Teachta Ó Laoghaire agus Teachta Ó Cionfhaolaidh mar gheall ar fhorbairt na Gaeltachta agus i dtaobh an tairbhe a dhéanfadh an Bille seo do mhuintir na Gaeltachta. Ní dóigh liom gur fhág mé aon phointe ar lár. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na Teachtaí a labhair. Tá áthas orm gur labhair an oiread sin dóibh ar an mBille.

Question put and agreed to.

Ba mhaith liom dá bhfaighinn na Céimeanna uilig inniu.

Nílimid chun cur ina choinne.

Agreed to take remaining Stages today.

Top
Share