Is mór an chúis sásaimh dom go bhfuil glan-iomlán £1,263,000 á sholáthar do Roinn na Gaeltachta i mbliana—— timpeall dhá oiread an airgid a bhí ar fáil don Roinn trí bliana ó shin. Anuraidh a chuaigh Vóta na Roinne thar mhilliún punt den chéad uair agus ba mhaith liom a dheimhniú gur chaitheamar an t-airgead sin ar fad. Tá breis agus ceathrú-mhilliún eile curtha leis sin sa Mheastachán i mbliana agus is mar seo a leanas atá an soláthar do na príomhimeachtaí:—
£250,000 do scéimeanna tithíochta —méadú £16,000 ar an £234,000 a caitheadh anuraidh, £387,000 do scéimeanna feabhsúcháin sa Ghaeltacht—méadú £187,000 ar an £200,000 a caitheadh anuraidh, £232,000 do scéimeanna cultúrtha agus sóisialacha—méadú £32,000 ar an £200,000 a caitheadh anuraidh, £90,000 d'eagrais áirithe Ghaelige— méadú £20,000 ar an £70,000 a tugadh dóibh anuraidh, agus £220,000 do Ghaeltarra Éireann faoi mar a tugadh don Bhord anuraidh.
Ó bhí mé ag labhairt anseo cheana ar chúrsaí na Roinne i gcoitinne d'fhoilsigh an Rialtas tuarascáil í mí na Nollag seo caite faoin bPáipéar Bán um Athbheochan na Gaeilge agus bhí an méid seo a leanas le acu mar chuspóir don tréimhse atá romhainn amach:
Maidir le muintir na Gaeltachta, leanfaidh Aire na Gaeltachta de bheith ag feabhsú agus ag leathnú na scéimeanna atá ann chun a staid eacnamaíoch, shóisialach agus chultúrtha a chur chun cinn. Rachaidh Gaeltarra Éireann ar aghaidh ag cur barr forbartha ar a ghníochtaí tionscail d'fhonn cur leis na deiseanna atá ann chun fostaíocht shochrach a sholáthar. Leanfaidh na gníomhaireachtaí go léir a bhíonn ag plé leis an nGaeltacht de bheith ag déanamh curam speisialta de chaomhnú agus neartú na bpobal Gaeilgeoirí sa Ghaeltacht. Leanfaidh an Rialtas de bheith ag teannadh agus ag treisiú le hiarrachtaí áitiúla chun comhoibriú agus comharfhorbairt áitiúil a chur chun cinn.
Faoi mar a gheall an Rialtas, táimid ag feabhsú agus ag leathnú na scéimeanna atá againn agus ba mhaith liom cúpla sampla dá bhfuil déanta againn le déanaí a lua. Tá eolas faoi na scéimeanna ar fáil i Leabhrán Eolais na Roinne ar cuireadh cóip de chuig gach Teachta anuraidh agus tá roinnt leasuithe i bhfillteán nua a chuireamar amach ar na mallaibh. Beidh áthas orm cóipeanna breise den leabhrán a bhfuil an fillteán nua iontu a chur ar fáil d'aon Teachtaí a bheidh á lorg.
Faoi Acht na dTithe (Gaeltacht) (Leasú), 1967, a ritheadh i mí Iúil seo caite, tig linn deontais tógála agus deontais fheabhsúcháin a thabhairt i leith tithe seachas na tithe ina mbíonn gnáthchónaí ar na hiarratasóirí. Is féidir linn freisin, faoin Acht céanna, deontas suas go £300 agus iasacht suas go £300 a thabhairt d'iarratasóir príobháideach i leith gach ceann de thrí shealla saoire—ní raibh an deontas le fáil ach do shealla amháin roimhe sin. Is chun a chur ar chumas Ghaeilgeoirí sa Ghaeltacht tuilleadh cuairteoirí a choinneáil a rinneadh na socruithe sin. Ag an am céanna tá Scéim na Cóiríochta Saoire againn faoina dtugaimid suas le 20 faoin-gcéad breise den chostas ceadaithe do Ghaeilgeoirí sa Ghaeltacht a thuilleann deontais ó Bhord Fáilte Éireann—deontais a méadaíodh go mór sa Cháinaisnéis i mbliana.
Tugadh scéim nua—Scéim na Seomraí Oibre—isteach cúpla mí ó shin chun cabhrú le ceardaithe oilte sa Ghaeltacht seomraí agus fearais oibre a sholáthar dóibh féin d'fhonn cur le tairbhe a saothair. Faoin scéim sin, tig linn deontas suas go £250 a thabhairt do cheardaí chun seomra oibre a thógáil nó deontas suas go £100 chun seomra oibre atá ann cheana a fheabhsú agus, ina theannta sin, deontas suas go £250 eile chun fearas de chineál ceadaithe a chur ar fáil i seomra oibre.
Is le scoláirí lae amháin a bhain an Deontas £10 go dtí an scoilbhliain seo. Anois, áfach, i gcás daltaí a thuill an deontas sin mar scoláirí lae agus atá ag freastal ar scoileanna cónaithe iarbhunoideachais ina múintear na hábhair trí Ghaeilge, tig linn Deontas £20 a íoc ach a bheith sásta gurb í an Ghaeilge gnáth-theanga an teaghlaigh acu agus go labhraíonn siad í go líofa nádúrtha dá réir.
Is cúis áthais dom go bhfuil ceantair Ráth Cairn agus Bhaile Gib i gContae na Mí aitheanta anois mar chuid den Ghaeltacht oifigiúil. Beidh tairbhe scéimeanna na Roinne le fáil feasta ag Gaeilgeoirí Ghaeltacht na Mí agus tá súil agam go gcabhróidh sé go mór leis an nGaeilge a chaomhnú agus a leathnú ansin agus go mbeidh tarraingt mhór Gaeilgeoirí ar Ghaeltacht atá chomh gairid sin do Bhaile Átha Cliath.
I measc na scéimeanna feabhsúcháin atá ag an Roinn, tabharfar faoi deara go bhfuil méadú mór ar an soláthar le haghaidh muiroibreacha. Is amhlaidh atá socraithe againn tuairim £92,000 a chaitheamh ar an bpiara i gCill Rónáin, Oileáin Árainn, ar mhaithe le cúrsaí cumarsáide agus cúrsaíiascaigh. Tá conraitheoirí ceaptha chun na feabhsúcháin sin a chur i gcrích agus tá súil agam go mbeidh ar a gcumas dul ar aghaidh leis an obair gan ró-mhoill. Chomh maith leis sin, beidh tuilleadh saoráidí calaíochta fós á bhfeabhsú chun an iascaireacht a fhorbairt. Bunaíodh foireann suirbhéireachta tamall ó shin chun ceist na saoráidí i gContae Chiarraí a mheas agus tá an tuarascáil uathu á scrúdú faoi láthair. Tá foirne eile i mbun an chúraim chéanna i gContae na Gaillimhe agus i gContae Mhaigh Eo agus tá súil agam go mbeidh moltaí na bhfoirne sin ar fáil go luath.
Faoi mar is eol don Dáil, is é Gaeltarra Éireann an príomhghléas atá ag an Rialtas chun tionscail a chur chun cinn sa Ghaeltacht. Ní fada ó ritheadh Acht anseo chun cumhachtaí breise a thabhairt don Bhord agus is cúis áthais dom go bhfuil toradh le feiceáil cheana féin ar na cumhachtaí sin. Tá Gaeltarra tar éis dul i gcomhar le tionsclaithe eile chun marmar Chonamara a phróiseáil in aice leis an Spidéal. Tógfar monarcha ansin gan mhoill agus beidh obair do scór fear inti i dtosach báire. Tá súil agam go mbeidh ar mo chumas comhthionscal eile atá le bunú i gCo. Dhún na nGall a fhógairt go luath. Ag an am céanna tá na deontais suas do dtí £2,000 á gceadú ag Gaeltarra chun miontionscadail shomhaoineacha a chur chun cinn gan dul i bpáirtíocht leis na daoine ina mbun agus tá an fhostaíocht sa Ghaeltacht ag dul i méid dá réir.
Tá faighte amach ag Gaeltarra gur mhór an chabhair dóibh dá mbeadh monarcha nua ullamh acu le tairiscint do chuid de na tionsclaithe a mbíonn siad ag plé leo. Tá socraithe acu mar sin dul ar aghaidh agus réamh-mhonarcha amháin a thógáil i nGaoth Dobhair agus ceann eile ar an gCeathrú Rua. Ansin nuair a bheidh tionscal fóirsteanach i ngach ceann acu sin, tiocfaidh le Gaeltarra tabhairt faoi chúpla réamh-mhonarcha eile a thógáil. Idir an dá linn, ar ndóigh, tig leo deontais a thabhairt do thionsclaithe arbh fhearr leo monarchana dá gcuid féin a thógáil sa Ghaeltacht.
Ba mhór an chúis sásaimh dom nuair a d'fhógair Bord Ghaeltarra ar na mallaibh go bhfuil socraithe acu a gceanncheathrú a aistriú ó Bhaile Átha Cliath go Gaeltacht Chonamara. Ceann de na cúiseanna atá acu leis an mbeartas sin ná gurb é a dtuairim gur fearr a fhéadfar tionsclaithe a tharraingt chun na Gaeltachta más sa Ghaeltacht féin a bheidh suíomh ar cheanncheathrú an chomhlachta a bhfuil cúram tionsclaíochta na Gaeltachta air. Is athrú bunúsach é sin agus is comhartha anmhaith é, dar liom, ar a dhiongbháilte atá an Bord i mbun na hoibre atá faoina gcúram. Tá gach dóchas agam go mbeidh rian an bheartais nua sin le haithint ar eacnamaíocht na Gaeltachta i gcoitinne le himeacht aimsire.
Is mór an fhorbairt atá ar siúl i dtionscal an bhréidín lámhfhite atá á reachtáil ag Gaeltarra. Is i gCo. Dhún na nGall amháin a bhí an tionscal sin go dtí tamall beag ó shin agus ní miste a lua go mbeidh monarcha eile le haghaidh na bhfíodóirí á tógáil i nGaoth Dobhair go luath. Chomh maith leis sin, áfach, tá monarcha nua fíodóireachta ag Gaeltarra i Ros Muc anois—rud a thugann deis do mhuintir na háite sin an scil a bhí ag a sinsir rompu a fhoghlaim agus a chleachtadh athuair: níl ach glúin nó dhó imithe ó bhí fíodóirí go fairsing ag obair ar na seolta baile ar fud Conamara. Faoi mar a dúirt mé ag an oscailt oifigiúil ar na mallaibh, féachfaidh Gaeltarra chuige go dtabharfar oiliúint d'aos óg an cheantair ar gach gné den cheardaíocht a bhaineann leis an mbréidín lámhfhite agus, ansin, braithfidh dul chun cinn na monarchan ar a fheabhas a éireoidh leis na hoibrithe an oiliúint sin a chur chun tairbhe. Tig le muintir Ros Muc tionscal a chruthú a mbeidh siad féin agus pobal uile na tíre mórálach as.
Maidir le cur chun cinn na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, tabharfaidh an Dáil faoi deara go bhfuil méadú ar an soláthar atá againn i mbliana le haghaidh na n-eagras Gaeilge. Tá sé sin á dhéanamh de bhrí go gcreidimid gur féidir leis na heagrais dheonacha eolas ar an nGaeilge agus grá don teanga a chothú lasmuigh den Ghaeltacht ar shlí nach bhféadfadh aon Roinn Rialtais é a dhéanamh. Táimid agus beimid ag brath go mór ar na heagrais sin. Tá cúnamh eile á thabhairt againn lasmuigh den Ghaeltacht i mbliana freisin den chéad uair, is é sin, cúnamh do choláistí Gaeilge atá aitheanta ag an Roinn Oideachais ar feadh tréimhse cúig bliana ar a laghad; cuireadh na sonraí chuig na coláistí atá i gceist. Is chun coláiste mar sin a dheisiú nó a fheabsú a thabharfar an t-airgead agus beidh ar ár gcumas suas go dtí dhá thrian den chostas ceadaithe a íoc ach a bheith sásta go bhfuil gá leis an deisiú nó leis an bhfeabhsú, go bhfuil an caiteachas thar acmhainn an choiste agus gur fiú, ag féachaint do shaothar an choláiste, an cúnamh a thabhairt.
Ní beag le rá an dul chun cinn atá déanta againn le bliain anuas. Tá feidhm na scéimeanna atá ag an Roinn chun staid na Gaeltachta a fheabhsú ag dul i bhfairsinge; tá iarrachtaí Ghaeltarra chun tuilleadh fostaíochta a chur ar fáil i ngnóthaí tionscail ag dul i dtreise; tá spreacadh na n-eagras Gaeilge chun an Ghaeilge a leathnú ag dul i neart; agus tá suim an phobail sa teanga—faoi mar is léir ón tarraingt a bhíonn ar an nGaeltacht agus ón éileamh atá ar "Buntús Cainte"—ag dul i mbríomhaireacht. Is léir, mar sin, go bhfuil toradh ag teacht ar ár n-iarrachtaí ar mhaithe leis an nGaeltacht agus leis an nGaeilge. Molaim an Meastachán don Teach.