den Taoiseach (a) cad é daonra iomlán na Fíor-Ghaeltachta ar an dáta is deireanaí dá bhfuil figiúirí ar fáil, (b) cad é an daonra i 1948 nó an bhliain is cóngaraí, agus (c) cad é an daonra i 1922 nó an bhliain is cóngaraí.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Daonra na Fíor-Ghaeltachta.
3. D'fhiafraigh
Meastar gur ab iad na limistéir Fíor-Ghaeltachta, mar a mhínítear iad i dTuarascáil Choimisiún na Gaeltachta, 1925, atá ar intinn ag an dTeachta. Ar an dtuiscint sin, siad seo leanas na figiúirí atá á n-iarraidh, ón Daonáireamh deireanach agus ó na Daonáirimh is cóngaraí do na blianta a luaitear sa cheist:—
(a) 1966—114,279
(b) 1946—146,513
(c) 1926—168,279.