Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 24 Oct 1968

Vol. 236 No. 8

Committee on Finance. - Vóta 36—Roinn na Gaeltachta.

Tairgim:

Go ndeonófar suim nach mó ná £1,404,000 chun íoctha an mhuirir a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31ú lá de Mhárta 1969, le haghaidh Tuarastail agus Costais Roinn na Gaeltachta, maille le Deontais le haghaidh Tithe agus Ildeontais-i-gCabhair.

Is cúis sásaimh dom go bhfuil méadú arís i mbliana ar an airgead atá á chaitheamh againn ar mhaithe leis an nGaeltacht. Agus, mar a luaigh mé anuraidh, bhí méadú faoi dhó tagtha ar an airgead sin in imeacht na dtrí bliana roimhe sin. Is mar seo a leanas atá na príomhshuimeanna i Meastachán na bliana reatha:— £275,000 le haghaidh scéimeanna tithíochta—ardú £49,000 ar ar caitheadh anuraidh; £425,000 le haghaidh scéimeanna feabhsúcháin sa Ghaeltacht—ardú £200,000 ar ar caitheadh anuraidh; £255,000 le haghaidh scéimeanna cultúrtha agus sóisialacha —ardú £45,000 ar ar caitheadh anuraidh; £107,000 le haghaidh eagras áirithe Gaeilge—ardú £17,000 ar ar tugadh dóibh anuraidh; £130,000 do Ghaeltarra Éireann le haghaidh na ndeontas a íoctar chun mórthionscadail agus mionthionscadail a chur chun cinn—ardú £73,000 ar ar tugadh don Bhord anuraidh, agus £120,000 do Ghaeltarra le haghaidh caiteachais reatha—laghdú £123,000 ar ar tugadh don Bhord anuraidh: is amhlaidh atáimid ag súil le feabhas mór ar chursaí airgeadais Ghaeltarra feasta. Tá glanmhéadú de bhreis ar cheathrú milliúin punt sna suimeanna sin atá luaite agam.

Le trí bliana go leith anuas—is é sin sa tréimhse ó Aibreán, 1965, go dtí Meán Fómhair, 1968—tá breis agus dhá mhilliún punt caite ag an Roinn ar dheontais chun leasa don Ghaeltacht. Níl an £800,000 a íocadh le Gaeltarra mar dheontais-i-gcabhair san áireamh ansin. Níl san áireamh ach oiread an £260,000 a tugadh d'eagrais Ghaeilge ná an £150,000 a íocadh chun an Ghaeilge a chur chun cinn trí thréimhseacháin agus trí ghearrscannáin. B'fhéidir nár mhiste tagairt a dhéanamh do na príomhscéimeanna faoinar tugadh na deontais ar mhaithe leis an nGaeltacht sa tréimhse atá i gceist agam. Íocadh £800,000 faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht); ar na hoibreacha a críochnaíodh bhí: tithe nua—621, tithe feabhsaithe—1,038, soláthar uisce—1,180, saoráidí séarachais—1,083, seomraí folcaidh—1,020, méaduithe speisialta do chuairteoirí— 198, seallaí saoire—66 agus brúnna—4. Íocadh £740,000 faoi scéimeanna feabhsúcháin agus san iomlán sin bhí £230,000 a caitheadh ar bhóithre, £182,000 ar mhuiroibreacha, £65,000 ar scéimeanna poiblí uisce agus séarachais, £137,000 ar scéimeanna talmhaíochta, £30,000 ar choláistí Gaeilge agus £23,000 ar hallaí; ar na hoibreacha a críochnaíodh bhí: bóithre— 340, muiroibreacha—60, foirgnimh feirme—3,427 agus feabhsú talún— 8,000. Íocadh £540,000 faoi scéimeanna cultúrtha agus sóisialacha; bhain £308,000 de sin leis an Deontas £10 agus íocadh £166,000 eile mar chabhair chun daltaí a chur chun na Gaeltachta ar feadh tréimhse saoire nó téarma scoile.

Is léiriú na figiúirí sin uile go bhfuil suimeanna maithe airgid á gcaitheamh ar na scéimeanna éagsúla—a bhfuil sonraí ina dtaobh ar fáil i Leabhrán Eolais na Roinne—agus is féidir a dhearbhú dá réir go bhfuil feabhas nach beag ag teacht ar chor eacnamaíoch, sóisialach agus cultúrtha na Gaeltachta. Caithfimid a thuiscint i gcónaí, áfach, go bhfuil slánú na Gaeltachta ag brath cuid mhór ar leathnú na Gaeilge ar fud na tíre i gcoitinne agus is chuige sin atá roinnt airgid á chaitheamh ag an Roinn lasmuigh den Ghaeltacht.

Is cúis áthais dom toradh fónta a bheith ag teacht ar an gcúnamh airgid atá á thabhairt againn do Ghaeltarra Éireann agus ar na cumhachtaí breise a tugadh don Bhord cúpla bliain ó shin. Bhí 755 fhostaí lánaimseartha agus 823 fhostaí páirtaimseartha ag Gaeltarra ar 31 Márta, 1968, agus chuaigh iomlán na dtuarastal agus an phá don bhliain a chríochnaigh ar an dáta sin go £434,000. Lean na díolacháin de bheith ag méadú agus shroich siad £905,000 sa bhliain sin. Bhí suas le 50 post breise curtha ar fáil de thoradh Scéim na Miontionscadal faoinar íocadh deontais suas go £2,000 in 14 chás agus bhíothas ag súil le fostaíocht do bhreis agus 50 oibrí eile i gcásanna ina raibh deontais ceadaithe. Faoi mar is eol don Dáil, tá an uasteorainn do na deontais sin ardaithe go £5,000 ó shin. Deontais a thugann Gaeltarra do dhaoine gan dul i bpáirtíocht leo atá i gceist.

Maidir leis na mórthionscadail ina nglacann Gaeltarra páirt i gcomhar le daoine eile, fógraíodh na cásanna seo a leanas: Ambler of Donegal Ltd., comhlacht atá ag sníomh sainsnáthanna i nGaoth Dobhair don tionscal fíodóireachta agus atá ag cur leis an spás monarchan cheana féin; Connemarble Ltd., comhlacht atá ag próiseáil marmar Chonamara in aice leis an Spidéal; Westsea Ltd., comhlacht atá ag stóráil gliomach agus ag próiseáil portán i Ros an Mhíl agus atá ag iascaireacht chomh maith, agus Óstáin na hÉireann Teo, comhlacht atá ag reachtáil óstáin nua in aice leis an Daingean. Meastar go mbeidh fostaíocht do suas le 200 fear agus 100 cailín sna tionscail sin. Tá cainteanna ar siúl san am i láthair le tionsclaithe eile agus, bíodh go bhfuil an-dóchas go dtiocfaidh toradh sásúil ar chuid acu go luath, ní thig liom eolas ina dtaobh a scaoileadh go fóill. Níl aon amhras orm ná go n-éireoidh le Gaeltarra gan ró-mhoill fostaíocht shochrach a chur ar fáil do roinnt mhór daoine sa Ghaeltacht.

Is cúis sásaimh dom go bhfuil cuid mhaith forbartha ar siúl fosta ag Arramara Teoranta, comhlacht ina bhfuil formhór na scaireanna agam. Ní amháin go bhfuil siad tar éis an mhonarcha atá acu i gCill Chiaráin, Conamara, a leathnú ach tá monarcha nua tógtha acu in aice le hAilt an Chorráin i gContae Dhún na nGall. Dá thoradh sin méadófar an fhostaíocht d'fhir sa dá mhonarcha ó 40 go dtí 50. Méadófar dá réir na híocaíochtaí le bailitheoirí na feamainne agus na slata mara a cheannaíonn Arramara chun min a tháirgeadh lena cur thar lear.

Faoi mar is eol don Dáil, tá an tAire Rialtais Áitiúil tar éis a iarraidh ar na húdaráis áitiúla lena mbaineann an scéal aird speisialta a thabhairt ina gcuid clár pleanála agus forbartha do chothú leas na limistéar Gaeltachta agus páirtphleananna forlíontacha a chur á n-ullmhú do na limistéir sin amháin. Ag an am céanna mheabhraigh sé do na húdaráis gurb é atá ag teastáil sa Ghaeltacht ná go ngríosófaí agus go n-éascófaí forbairt oiriúnach den uile chineál. Mar chabhair chuige sin tá staidéir phleanála ar siúl do na limistéir Ghaeltachta faoi scáth An Foras Forbartha. Sna staidéir seo tabharfar aird ar thábhacht chaomhnaithe agus leathnaithe na Gaeilge mar ghnáth-urlabhra agus scrúdófar tosca daonracha, cultúrtha, sóisialacha agus eacnamaíocha. Beimid ag súil le moltaí fiúntacha a chuideoidh le forbairt na Gaeltachta.

Tá sé de bhua ag an nGaeltacht gur inti atá cuid de na háiteanna is breátha agus de na radharcanna is áille sa tír. Tig linn a bheith cinnte, mar sin, go rachaidh líon na gcuairteoirí ar na ceantair sin i méid feasta ó bhliain go bliain. Caithfidh an Ghaeltacht bheith ag ullmhú agus ag réiteach do na cuairteoirí sin. Ag an am céanna ní foláir féachaint chuige nach millfear an Ghaeltacht le cuairteoirí ná le cineál cuartaíochta nach dtugann aird mar is cuí ar an nGaeilge. Sin é an fáth a gcuirimid de choinníoll leis na deontais fhorlíontacha d'óstáin Ghaeltachta go socrófar, a mhéad is féidir, gur daoine le Gaeilge a fhostófar, gur i nGaeilge a dhéanfar gnóthaí reachtála agus poiblíochta agus go dtabharfar tosaíocht do cheol, siamsaí agus déantúis na Gaeltachta. Tá coinníoll na Gaeilge ag dul, le fada anall. leis na deontais faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht). Tá an coinníoll sin fosta i scéim a thugamar isteach i mbliana— Scéim na Saoráidí Saoire faoina dtugaimid deontais chun seomraí do chuairteoirí a bhfuil suim acu sa Ghaeilge a chóiriú, a fheistiú agus a throscánú chun dealramh na dtithe ón taobh amuigh a fheabhsú.

Aithnímid, ar ndóigh, gur ceart na hiarrachtaí a dtacóidh an Stát leo a chuimsiú go háirithe ar dhaoine a bhfuil fonn orthu an Ghaeilge a labhairt a tharraingt chun na Gaeltachta. Táimíd ag brath ar chomhoibriú na nGaeilgeoirí—agus na n-eagras Gaeilge go háirithe—chun féachaint chuige gur cuairteoirí a bhfuil suim acu sa Ghaeilge a rachaidh isteach in óstáin, i dtithe aíochta agus i dtithe cuartaíochta uile na Gaeltachta. Má líonann na Gaeilgeoirí gach seomra dá bhfuil ann—agus tá súil agam nach fada go líonfaidh—ní gá aon imní a bheith orainn i dtaobh tionchar na mBéarlóirí.

Tá mé cinnte go bhfuil Roinn na Gaeltachta, Gaeltarra Éireann agus Arramara Teoranta gléasta go maith anois chun leas cultúrtha, sóisialach agus eacnamaíoch na Gaeltachta a chur chun cinn agus cabhrú le caomhnú agus leathnú na Gaeilge mar ghnáthurlabhra. Dá thábhachtaí an fhostaíocht shocradh, áfach, ní leor í chun an Ghaeltacht a shlánú mar Ghaeltacht sa chiall atá agamsa leis sin—daoine ag labhairt na Gaeilge. Creidim go bhfuil an slánú i ndán don Ghaeltacht má leantar den obair le díograis. Ach ní hé díograis an Rialtais amháin atá i gceist agam: caithfidh gach aon duine, laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht, ar mór aige an Ghaeilge a chion féin a dhéanamh chun í a chur agus a choinneáil á labhairt. Ní féidir bheith ag súil go mbeidh fonn ar mhuintir na Gaeltachta cloí leis an Ghaeilge mura léir dóibh go bhfuil na daoine lasmuigh den Ghaeltacht dáiríre i dtaobh athbheochan na teanga. Dá bhrí sin ba maith liom, mar fhocal scoir, a iarraidh ar gach duine dár gcine a bhfuil bá aige leis an teanga iarracht phearsanta leanúnach a dhéanamh chun an Ghaeilge a chur san áit is dual di mar theanga labhartha in Éirinn.

Molaim an Meastachán don Teach.

Aontaím leis an rún atá ós cóir an Tí. Is beag le rá an méid airgid atá le caitheamh i gcomparáid leis an gceist mhór atá le réiteach againn. Tá súil agam go mbeidh níos mó airgid le fáil againn an bhliain seo chugainn.

I have been caught on the hop and I have not prepared anything for this debate so I should like to say a few words only. The effort being made to save the Irish language is praiseworthy up to a point. It should be clear to everyone by now that the job of restoring the Irish language as the spoken language of the country will be a gigantic one. Indeed it is difficult to say whether we can hope for success in that field. Our efforts should be concentrated on keeping the language alive especially in the areas where it is spoken. It is our national heritage and without our national language we could not lay claim to being a nation. With that in mind every effort should be made at least to maintain the language in the areas where it is spoken.

I see a tremendous difficulty in this. I travelled through the Gaeltacht areas in the past couple of years. Indeed, I have visited every one of them. I can see the difficulty of maintaining the language at its existing level as the spoken language. For instance, in Connemara where I spent a month I came across children out on the road with donkeys. They were nicely dressed, and well dressed. Foreigners came along and put the children up on the donkeys and took their photographs. The children had to know English. I listened to them and they were speaking English although Irish was the language of their home. This is an economic problem or, at least, part of the difficulty is an economic problem. The parents send those children out to earn money and they must know English for that.

I went into a premises in Carna and I was surprised to hear English being spoken. One man was on his own and I asked him: "An mbeidh pionta agat?" He understood that all right. I asked him why he was speaking English. He told me he was brought up in a home in which Irish was the spoken language. He was a fisherman by occupation but this was seasonal work, and during parts of the year he had to go to England or Scotland, and for that reason he had to learn English. These are the problems we are up against and which we will have to resolve in some way.

In north Connemara I found very little of the Irish language. I found the same in west Connemara. I found that it was dying out in Roundstone. I know there are people here who know more about this than I do, but I am telling it to the House as I found it. The difficulty appears to be an economic one. It will be difficult to arrest that trend. I am glad to say that in official quarters and in offices and hotels, and here and there where people meet, the Irish language is spoken to people who understand it. If people who have knowledge of the language do not speak it, it is very difficult to expect others to do so.

I am outside the Gaelthacht areas but I know that in them assistance is being given in an effort to place the people in an economic position so that they can maintain their own language. I am not sure if it is sufficient but every effort should be made in that regard.

I should like to say a word about the Gaeltacht. I see an immense danger at present developing and it is the unorganised purchase of land all along our western seaboard. I want to suggest to the Government that they should buy all the land which lies between the coast roads in the Gaeltacht and the sea, and stop on fair and equitable terms promiscuous development of a most undesirable kind of the land which lies between the coast roads and the sea. Justice must be done to the people who own the land. It has increased in value fantastically. I remember the time when you could buy it for a £1 an acre. Recently you could buy it for £4 an acre. Now it is being sold at £100 a rood.

If a situation is allowed to continue in which any Robin Run-the-Hedge from any part of Europe can buy the plots of land between the coast roads and the sea, the whole Gaeltacht will be turned into a Costa del Sol slum, and anyone who has seen what Torremolinos has become in the past few years will not wish to see a similar fate overtaking the Gaeltacht for which the Minister is responsible. Everyone lets this thing drift on until it becomes too late to take effective measures. What I am suggesting is useful, desirable and necessary and should be done forthwith if we seriously believe in the preservation in the Gaeltacht of an atmosphere, a way of life, and a whole approach, which give us some hope for its survival as a unique cultural asset to the country.

Progress reported; Committee to sit again.
Top
Share