Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na Teachtaí a labhair ar an Meastachán seo. Is ábhar misnigh do gach aon duine a bhfuil suim aige sa Ghaeltacht agus sa Ghaeilge tuairimí agus moltaí a chloisteáil ó Theachtaí Dála a bhfuil eolas ar leith acu ar chúrsaí na Gaeltachta.
D'fhonn léargas a thabhairt ar an dul chun cinn atá á dhéanamh againn trí Ghaeltarra Éireann, b'fhiú, sílim, tagairt do chuid de na nithe a tharla ó mhol mé an Meastachán seo don Teach roinnt seachtainí ón shin.
Mhothaigh mé, nuair a bhí an Teacha Coogan ag caint, gur fhiafraigh sé den Teachta Ó Maolmhuaidh cá hait a raibh na tionscail a luaigh an Teachta. Tá sé saoithiúil mura bhfuil an t-eolas sin ag an Teachta Coogan nuair a bhí an oiread sin bolscaireachta ar an teilifís agus sna nuachtáin mar shompla amháin mar gheall ar monarcha thábhachtach a d'oscail mé go hoifigiúil í Dún na nGall ar na mallaibh. Ach más amhlaidh nach dtig leis cuimhneamh ar an bhforbairt tionsclaíochta atá ar siúl sa Ghaeltacht, meabhróidh mé dó anois é.
Bhí taispeántas anseo i mBaile Átha Cliath de na tíleanna marmair atá á ndéanamh in aice leis an Spidéal ag Connemarble Ltd., an chéad chomhlacht inar ghlac Gaeltarra páirt i gcomhar le daoine eile; Éireannaigh ar fad atá sna daoine sin. Chun na tíleanna a dhéanamh baintear feidhm as marmar dúchasach Chonamara, a bhfuil seancháil ná háilleachta agus na buaine air, agus as próiseas de chuid na hIodáile a bhfuil bua na nuaaimsearthachta agus na héifeachta aige. As an sean agus an nua, mar sin, a thagannn na tíleanna seo atá fíorthaitneamhach dar liomsa. Chomh maith leis sin tuigtear dom go bhfuil an praghas atá orthu an-réasúnach i gcor trádála an lae inniu.
Bhí sé de pribhléid agam fosta monarcha nua Ambler of Donegal Ltd. a oscailt go hoifigiúil. Is le gnólacht mór poiblí i mBradford, a dtéann a stair siar beagnach 200 bliain agus a bhfuil cumas agus cleachtadh déantóireachta agus teacht ar mhargaí dá réir acu, a rinne Gaeltarra an cleamhnas as chás sin. An mhonarcha a osclaíodh tá sí á leathnú cheana féin agus meastar go mbeidh fostaíocht do suas le 200 duine sa tionscal sin cleamhnas sa chás sin. An mhonarcha mhéadaithe faoi lánseol. Is snáthanna den déanamh búclach atá á ndéanamh faoi láthair agus, amach anseo, déanfar an snáth nua Linron agus snáthanna nua de shaghasanna eile fós.
Tá mé tar éis cead a thabhairt do Ghaeltarra dul i gcomhar le buíon eile Éireannach chun tuilleadh óstán a chur ar fáil sa Ghaeltacht; Ostlanna Gaeltearmon Teoranta is ainm don chomhlacht seo. Tuigtear dom go mbeidh an obair thógála ar an gcéad óstán dá gcuid ar siúl go luath i gCo. Chiarraí.
B'fhéidir nár mhiste a lua nach ionann an comhlacht sin agus Óstáin na hÉireann Teoranta—comhlacht eile d'Éireannaigh a bhfuil scaireanna ag Gaeltarra ann agus óstán nua á reachtáil go héifeachtach aige in aice leis an Daingean. Tá ag éirí go maith fosta le Westsea Ltd. ina bhfuil Éireannaigh i bpáirtíocht le Gaeltarra chun tionscal dúchasach na ngliomach agus na bportán a fhorbairt i Ros an Mhíl.
Ní fada go mbeidh comhlacht nua eile á fhógairt ag Gaeltarra. Tá mé tar éis cead a thabhairt dóibh dul i gcomhar le gnólacht mór poiblí sa Bhreatain chun tionscal tábhachtach eile a thabhairt go dtí Gaoth Dobhair. Bainfear feidhm as an bhfoirgneamh a bhí le bheith mar réamh-mhonarcha againn agus leathnófar é. Beidh fostaíocht do thart ar 140 duine ar ball sa tionscal áirithe seo. Mhothaigh mé, nuair a bhí an Teachta Coogan ag caint, gurbh é seo an chéad uair agus mé ag éisteacht leis nár luaigh sé na fir ag dul síos chun na báid agus iad ag dul thar lear ag lorg oibre. Tig liom a rá leis anois ó thaobh na forbartha atá déanta againn, go mór mhór i dTír Chonaill, nach fada go mbeidh na fir ag dul síos go dtí na báid i nGlascúagus i Learpholl ag teacht ar ais go dtí na Gaeltachtaí agus go mbeidh obair le fáil acu iontu.
Maidir le hArdoifig Ghaeltarra atá le haistriú go dtí an Ghaeltacht, tá an obair thógála ag tosú anois sna Forbacha i gCo. na Gaillimhe. Nuair a bheidh an fhoireann ag cur fúthu ansin beidh teagmháil níos dlúithe fós acu leis na hionaid táirgeachta agus le fadhbanna na Gaeltachta.
Foilsíodh tuarascáil agus cuntais Ghaeltarra ar na mallaibh don bhliain dar chríoch 31 Márta, 1968. Shroich na díolacháin £905,000 sa bhliain sin. Chuaigh iomlán na dtuarastal agus an phá go £434,000 agus bhí 755 fhostaí lánaimseartha agus 823 fhostaí páirtaimseartha ag an mBord i ndeireadh na bliana. Thiocfadh linn tuilleadh lámhchniotálaithe a fhostú dá mbeidís ar fáil sa Ghaeltacht.
Tig liom a rá go bhfuil feabhas mór curtha ar an Roinn agus ar Ghaeltarra le blianta beaga anuas ó thaobh eagair agus airgeadais. Is é barúil an Rialtais, mar sin, gur fearr atá siad gléasta anois ná mar a bhí riamh chun forbairt na Gaeltachta a chur ar aghaidh. Tuigimid, ar ndóigh, go bhfuil obair mhór romhainn sa Ghaeltacht agus, chun beartas an Rialtais a léiriú, ba mhaith liom litir a chuir an Taoiseach chuig gach Aire ar na mallaibh a léamh:—
A Aire, a chara,
Faoi mar is eol duit, tá leagtha síos ag an Rialtas nach foláir an Ghaeltacht a chaomhnú agus a neartú chun go bhféadfar an Ghaeilge a shlánú. Is é aidhm atá le beartas an Rialtais don Ghaeltacht gníomhaíochtaí oiriúnacha eachnamaíocha a spreagadh agus a fhairsingiú agus cúrsaí sóisialacha a fheabhsú ionas go mbeidh deiseanna leormhaithe ag na daoine a chónaíonn sa Ghaeltacht, agus arb í an Ghaeilge a ngnáthurlabhra, chun fostaíocht shochrach a fháil agus caighdeáin réasúnta mhaireachtála a bheith acu. Leagadh síos an méid sin ceithre bliana ó shin, nuair a bhí an Páipéar Bán um Athbheochan na Gaeilge á ullmhú againn.
Chun beartas an Rialtais don Ghaeltacht a chur i bhfeidhm, is iad Roinn na Gaeltachta agus Gaeltarra Éireann an dá phríomhghléas atá againn. Tá feabhas mór curtha orthu sin ó thaobh eagair agus airgeadais: le blianta beaga anuas, tá an t-airgead bliantúil dóibh níos mó ná dúbailte againn. Tig linn a rá, mar sin, gur fearr atá siad gléasta anois ná mar a bhí riamh chun forbairt na Gaeltachta a chur ar aghaidh. Chun barr feabhais a chur ar ár n-iarrachtaí, áfach, ní foláir an úsáid is éifeachtaí is féidir a bhaint as gach gléas oibre dá bhfuil ar fáil dúinn.
Tá feachtas forleathan don Ghaeltacht á leagan amach anois againn lena chur i ngníomh go práinneach. San fheachtas seo, beidh a gcion féin le déanamh ag gach Roinn, gach Bord agus gach Údarás a bhfuil baint acu leis an nGaeltacht. D'fhonn go n-éireoidh leis an bhfeachtas seo, beidh tosaíocht ag teastáil do gach gné d'fhorbairt na Gaeltachta a bhaineann le do Roinnse agus le gach comhlacht agus údarás atá faoi do chúram. Táim á iarraidh ort, mar sin, féachaint chuige go gcuirfear an tosaíocht sin ar fáil: tá a fhios agam go dtig liom bheith ag brath ar do dhícheall ar mhaithe le leas na Gaeltachta agus leas an náisiúin.
Le gach dea-ghuí,
Seán Ó Loinsigh.
Ba mhór an t-ábhar sásaimh dom go bhfuair mé cuireadh oifigiúil ón Rúnaí Stáit don Bhreatain Bheag agus go raibh deis agam cuairt a thabhairt ar an áit sin ó cuireadh tús leis an díospóireacht ar an Meastachán seo. Tá líon mór daoine sa Bhreatain Bheag a bhfuil an Bhreatnais á labhairt acu agus suim ar leith acu ina gcultúr dúchais. Bhí ar mo chumas cúrsaí a phlé le cuid acu agus féachaint ar na hiarrachtaí a dhéantar ansin chun mórchuid fadhbanna éagsúla a réiteach. Bhí spéis agam i gcúrsaí tionscail agus eacnamaíochta, i gceisteanna sóisialta agus cultúrtha agus, ar ndóigh, i ngnéithe de dheacrachtaí teanga a bhfuil cosúlacht acu lena bhfuil ar láimh againn féin anseo. Ba chabhair nár bheag dom a bhfaca mé thall chun mo chuid feidhmeanna i bhfus a chomhlíonadh. Bhain mé tairbhe agus taitneamh as an gcuairt agus tig liom a rá gurbh fhiú go maith an turas a dhéanamh.
Bhí sé le feiceáil agam ansin go raibh na deacrachtaí céanna ag muintir na Breataine Bige a bhí againn fein ó thaobh na bhfadhbanna atá le réiteach againn sa Ghaeltacht. Tá an teanga á labhairt ag cuid mhaith de na daoine ansin. Tá dúil mhór acu inti ach sa dóigh chéanna ina bhfuil daoine ag tréigean an talaimh sna tíortha forbartha uilig, tá na daoine ag imeacht leo ón tuaith sa Bhreatain Bheag agus nuair a imíonn siad ón tuaith agus nuair a théann siad isteach sna cathracha móra, go mórmhór i Sasana, is cailliúint mhór í don Bhreatain Bheag, do theanga agus do chultúr na Breataine Bige. Tá sé soiléir uaidh sin go bhfuil na deacrachtaí céanna ag muintir na Breataine Bige atá againn féin agus, mar a dúirt mé, chuidigh sé go mór liom dul thart le Rúnaí Stáit na Breataine Bige féachaint ar na dóigheanna ina bhfuil siad sin ag déileáil leis na fadhbanna atá acu.
Caithfidh mé a rá fosta go raibh anáthas ar mhuintir na Breataine Bige go ndeachaigh mé go díreach ansin le cuairt a thabhairt ar an mBreatain mBeag mar dúirt siad liom gur mé féin an chéad Aire ó thír ar bith a chuaigh d'aon-ghnó go dtí an Bhreatain Bheag.
Rinne an Teachta Mac Giolla Amhlaigh agus an Teachta Diolún tagairt do chúlú ar labhairt na Gaeilge i gcuid de na ceantair Ghaeltachta. Is ceist an-tábhachtach í sin nach furasta a réiteach ach a gcaithfear réiteach a fháil uirthi. Is cuid í, ar ndóigh, de cheist na hathbheochana sa tír ar fad. An rud a dhéantar go coitianta ar fud na tíre, is é sin is dóichí a dhéantar sa Ghaeltacht freisin: ní cóir a cheapadh gur daoine de chine ná de chineál ar leith muintir na Gaeltachta seachas muintir eile na hÉireann. Ní shamhlaíonn muintir na Gaeltachta a leithéid leo féin agus níl siad sásta a bheith ina n-ábhar taispeántais nó éagsúlachta ag a gcomhdhaoine lasmuigh den Ghaeltacht. Tagann de sin gurb ionann, a bheag nó a mhór, an dílseacht a fhaightear don Ghaeilge laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht. Tig liom é sin a rá ar dhóigh eile—go mbraitheann dílseacht do labhairt na Gaeilge sa Ghaeltacht ar a dháiríre a fheictear do mhuintir na Gaeltachta atá pobal na tíre i gcoitinne i dtaobh slánú na teanga. Más léir do mhuintir na Gaeltachta go bhfuilimid uile ag iarraidh an Ghaeilge a thabhairt ar ais dáiríre, is é mo bharúil go mbeidh siad chun tosaigh sa ghluaiseacht. Ach mura léir dóibh an scéal a bheith amhlaidh, ní tógtha orthu bheith patuar nó faillíoch faoin gcuspóir náisiúnta. Is taobh amuigh den Ghaeltacht mar sin is mó atá dualgas caomhnaithe na Gaeilge sa Ghaeltacht féin.
Sílim go luíonn sé sin le nádúr. Coinneoidh muintir na Gaeltachta an Ghaeilge má shíleann siad go bhfuil muintir na hÉireann uilig dáiríre faoi athbheochan na Gaeilge ach, má fheiceann siad nach bhfuil muintir na hÉireann sásta an Ghaeilge a labhairt seachas bheith ag caint faoin nGaeilge nó á rá go bhfuil grá acu don Ghaeilge, ní tógtha ar mhuintir na Gaeltachta mura leanann siad sin leis an oidhreacht náisiúnta seo a choinneáil beo.
Labhair an Teachta Diolún fosta ar strainséirí a bheith ag ceannach láithreán tógála i gcuid den Ghaeltacht. Bhí eagla air, is cosúil, go millfí an réimse tíre idir an bóthar mór agus an cladach le tithe de gach aon saghas. Ar ndóigh, tá de chumhacht ag na húdaráis áitiúla faoin Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963, tógáil tithe a rialú. Más Cois Fharraige i gCo. na Gaillimhe a bhí i gceist ag an Teachta, tuigtear dom nach gnách don Chomhairle Chontae aon tógáil nua-cheaptha a cheadú ar an talamh idir an bóthar mór agus an fharraige sa cheantar sin. Má bhíonn seantithe le leagan ceadaítear tithe nua a thógáil ina n-áit ach ní dóigh liom gur gnách dóibh dul thairis sin.
Ní fheicim, mar sin, gur ghá don Stát teacht isteach agus an talamh go léir ansin a cheannach faoi mar a bhí i gceist ag an Teachta Diolún. Ach, ina choinne sin, tig liom a rá go bhfuilimid ag faire go géar ar na ceantair Ghaeltachta agus, má fheictear dúinn nach leor na cumhachtaí atá ann faoi láthair chun leas na Gaeltachta agus na Gaeilge a chaomhnú, ní bheidh leisce orainn teacht chuig an Dáil chun tuilleadh cumhachtaí a lorg.
Tá suim ag an Teachta Diolún agus againn go léir i gcúrsaí cuartaíochta sa Ghaeltacht. Tá eagla airsean gurb é a thiocfaidh as feabhsú na saoráidí saoire sa Ghaeltacht ná go gcuirfear deireadh le labhairt na Gaeilge inti.
Mar a dúirt mé go minic, b'fhearr liom go rachadh daoine le Gaeilge ar a laethanta saoire ansin. Arís, tá mé á rá nach fiú do Ghaeilgeoirí a bheith ag gearán go bhfuil an Ghaeilge á cailliúint sa Ghaeltacht mura bhfuil siad sásta rud éigin a dhéanamh chun cuidiú le muintir na Gaeltachta agus dá rachadh daoine le Gaeilge go dtí an Ghaeltacht chuideodh sé le muintir na Gaeltachta agus, chomh maith leis sin, chuideodh sé leis an nGaeilge a choinneáil slán ann.
Sílim fosta go dtuigeann muintir na Gaeltachta gur fiú an Ghaeilge a bheith ann mar rud éigin a mheallfadh daoine ar a laethanta saoire go dtí an Ghaeltacht.
Is cuimhin liom go raibh mé ag caint le cuairteoir ó na Stáit Aontaithe roint bhlianta ó shin agus duirt sé liom gurb é an dearmad is mó a bhí á dhéanamh ag Bord Fáilte Éireann sna fógraí a bhí acu i Meiriceá ná a rá nach raibh deacracht ar bith ann ó thaobh teanga sa tír seo. Is ionann é sin agus a rá gur Béarla amháin atá ag muintir na hÉireann. Dúirt sé liom nuair a théann Meiriceánaigh ar a laethanta saoire gurb é an rud is mó a bhíonn de dhíth orthu ná éagsúlacht. Ceann de na rudaí atá de dhíth orthu ná teangacha éagsúla a chlos. Agus sin é an fáth go dtéann cuid mhór de na Meiriceanáigh go dtí an Iodáil, go dtí an Fhrainc agus go dtí an Spáinn agus gan focal, b'fhéidir, de theangacha na dtíortha sin acu. Ar an ábhar sin, ba cheart do Bhord Fáilte a rá go bhfuil teanga dár gcuid féin againn. Chuideodh sé sin le daoine a thabhairt ar a laethanta saoire go dtí an tír seo.
Tá a fhios agam go ngabhann contúirt áirithe don Ghaeilge le forbairt na cuartaíochta. Ach tá mé sásta gur féidir an chontúirt sin a sheachaint agus go dtig le muintir na Gaeltachta tairbhe na cuartaíochta méadaithe a fháil agus an Ghaeilge a choinneáil san am céanna. Is é an beartas atá agam ná an chóiríocht a chur ar fáil sa Ghaeltacht do chuairteoirí a bhfuil suim acu sa Ghaeilge. Tá an beartas sin á chur i bhfeidhm againn sna scéimeanna Roinne a bhaineann leis an gcuartaíocht agus sna socruithe atá ar siúl ag Gaeltara Éireann chun páirt a ghlacadh in óstáin a chur ar fáil sa Ghaeltacht. Tá neart daoine sa tír a bhfuil spéis acu sa Ghaeilge agus ar mhaith leo laethanta saoire a chaitheamh sa Ghaeltacht. Ba chóir go mbeadh oiread díobh ann agus a líonfadh a bhfuil de sheomraí sa Ghaeltacht ar feadh tréimhse na laethanta saoire. Níl le déanamh ach iad a eagrú i gceart agus tá rún agam é sin a dhéanamh. Mar a dúirt mé cheana, má líonann na Gaeilgeoirí gach seomra dá bhfuil sa Ghaeltacht—agus tá súil agam nach fada go líonfaidh—ní gá aon imní a bheith orainn i dtaobh tionchar na mBéarlóirí.
Nuair a bhí an Teachta Molloy ag caint rinne sé gearán nár caitheadh an t-airgead uilig a bhí ag Roinn na Gaeltachta anuraidh ach caithfidh mé a rá gidh go bhfuil a dhá oiread airgead againn anois thar mar a bhí againn trí nó ceathair de bhlianta ó shin, caitheadh an t-airgead uilig anuraidh ach an méid nach dtiocfadh linn a chaitheamh toisc nach raibh na scéimeanna curtha ar aghaidh fada go leor leis an airgead a chaitheamh orthu. Cuir i gcás, an t-airgead a bhí i gceist ag an Teachta Molloy ba do Chill Rónáin é agus, ag an am sin, ní raibh tosaithe ar an obair ach tá an obair déanta anois agus tá an t-airgead sin beagnach caite.
Labhair an Teachta Coogan faoi Oileán Árann agus an bád ansin. Tá an Naomh Éanna ansin i gcónaí agus tá an scéal á bhreithniú faoi bhád eile má bhíonn sé de dhíth in amanna áirithe i rith an tsamhraidh.
Aontaím leis gur ceart grá don theanga a chothú ach, mar is eol dó féin, is "beatha teanga í a labhairt" agus sílim nach ceart dó nó do dhuine ar bith eile, bheith ag caint faoi ghrá don teanga mura bhfuil siad féin sásta an iarracht a dhéanamh leis an Ghaeilge a labhairt nuair a bhíonn faill acu chuige.
Labhair sé faoi na bóithre áise agus faoi na daoine nach dtiocfadh leo siúl orthu mura mbeadh wellingtons orthu agus nach bhfuil go leor á déanamh againn ó thaobh cóir a chur ar na bóithre sin. Ó thaobh na mbóithre áise de chaith muid £78,591 orthu anuraidh, agus tá dul chun cinn mór déanta againn óna thaobh sin. Chaith muid £14,886 ar na bóithre contae agus is cuidiú é sin ní amháin do na daoine a bhfuil cónaí orthu ar na bóithre sin ach is cuidiú é do Chomhairle Chontae na Gaillimhe chomh maith. Tá a fhios agam nach mbeimid sásta leis na bóithre go dtí go mbeidh bail mhaith orthu uilig.
Ba mhaith liom fosta a rá go n-aontaím go mór leis an Teachta O'Hara as ucht an méid a dúirt sé mar gheall ar chultúr na tíre agus, go mórmhór, gur chuir sé san áireamh teanga na hÉireann chomh mhaith leis na damhsaí, leis an gceol agus mar sin de. Is oidhreacht iontach an oidhreacht atá againn. Tá sí ag teacht chugainn le 2,000 bliain anuas agus sin ceann de na fáthanna go bhfuil sé chomh tábhachtach sin an teanga a shábháil mar is cuid de charactaer daoine an teanga. Sílim go gcaithfimid uilig a admháil go ndéanfadh sé dochar dá gcaillimís rud a mhúnlaigh muid ar feadh 2,000 bliain.
Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na Teachtaí a labhair ar an meastachán agus a rá go bhfeicim go bhfuil misneach ag teacht chuig muintir na Gaeltachta cionn is go bhfeiceann siad go bhfuil dul ar aghaidh mor á dhéanamh againn agus go bhfeiceann siad an lá ag teacht nach mbeidh orthu imeacht as a n-áit dúcháis le hobair a fháil ach in ionad sin go mbeidh na daoine a d'imigh i gcéin ábalta teacht ar ais agus obair fhiúntach a bheith le fáil acu ina dtír féin.