Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 21 Jan 1969

Vol. 238 No. 1

Prelude

COMHAIREAMH CAOGA BLIAIN Ó CHÉAD-TIONÓL AN CHÉAD DÁIL ÉIREANN 21 EANÁIR, 1919.
Fógra a d'fhoilsigh an Ceann Comhairle ag gairm na Dála chun teacht le
chéile an lá seo.
Ar iarratas an Taoisigh, déanaimse, Cormac Ua Breisleáin, Ceann Comhairle Dháil Éireann, leis seo, Dáil Éireann a chomóradh chun teacht le chéile Dé Máirt, an 21ú lá d'Eanáir, 1969, i dTeach an Ard-Mhéara, Baile Átha Cliath, ar 3.30 p.m.
(a) chun Billí áirithe a thabhairt isteach,
(b) chun éisteacht le haitheasc ón Uachtarán.
(Sínithe) CORMAC UA BREISLEÁIN,
Ceann Comhairle.
Dáta: an 3ú lá seo d'Eanáir, 1969.
Tionóladh an Dáil sa Seomra Cruinn, Teach an Ard-Mhéara, Baile Átha Cliath.
Chuaigh an Ceann Comhairle i gceannas ar 3.30 p.m.
Bhí a Oirirceas an tUachtarán i láthair.
Paidir.
Top
Share